You are Here: Home > Services > Arts Office > Arts News > Arts News Archive

Scéim Réigiúnach Sparánachta Tyrone Guthrie Chomhairle Chontae Mhaigh Eo 2009 / Mayo County Council Tyrone Guthrie Regional Bursary Scheme 2009


Tá dhá ghradam speisialta sparánachta á dtairiscint ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo d'ealaíontóirí a rugadh nó a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo, chun cur ar a gcumas coicís a chaitheamh ag an Tyrone Guthrie Centre ag Annaghmakerrig, Contae Mhuineacháin. Clúdaíonn gach aon sparánacht costais lóistín uilig do thréimhse coicíse, móide úsáid stiúideo má bhíonn sé riachtanach. Tá éagsúlacht spásanna oibre ar fáil, ag áireamh stiúideonna, seomra ceoil do chumadóirí agus do cheoltóirí, agus spás mór cleachtaidh agus léirithe. Tá na sparánachtaí oscailte do chleachtóirí i ngach foirm ealaíne, a rugadh nó a bhfuil saincónaí orthu laistigh de Chontae Mhaigh Eo. Níl aon aoisteorainn. Ba chóir d'iarrthóirí buanna suntasacha a thaispeáint ina réimsí roghnaithe. Chiallódh seo, de ghnáth, go mbeadh scríbhneoirí tar éis foilsiú i bhfoirm leabhair, go mbeadh péintéirí agus dealbhóirí tar éis seónna aonair a reáchtáil i ngailearaithe creidiúnacha agus, i gcás cumadóirí agus ceoltóirí, go mbeadh a saothar tar éis a bheith coimisiúnaithe, taifeadta nó léirithe, nó cibé céard a bheadh oiriúnach don chineál áirithe sin foirm ealaíne. Seachas sin, caithfidh an t-iarrthóir ardleibhéal inniúlachta a léiriú, fianaithe ag teistiméireachtaí nó ag cineálacha eile tacaí ó phearsana cruthaithe ins na healaíona. Chun foirm iarratais a fháil, déan teagmháil le do thoil le: Oifig Ealaíon, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Teil: (094) 9024444 folíne 7560 nó 7558 Réamhphost: mayoarts@mayococo.ie Is é an dáta deiridh le foirmeacha iarratais a chur ar ais ná: Dé hAoine, 24 Aibreán. 2009

Mayo County Council are offering two special bursary awards to artists born or living in Mayo, to enable them to spend two weeks at The Tyrone Guthrie Centre at Annaghmakerrig, County Monaghan. Each bursary covers all board and lodging expenses for a two-week period, plus the use of a studio if necessary. There are a variety of workspaces *(available) including studios, a music room for composers and musicians, and a large rehearsal and performance space. The bursaries are open to practitioners in all artforms born or domiciled within County Mayo. There is no age limit. Applicants should show significant achievement in their chosen field. This would normally mean that writers should already have published in book form, painters and sculptors should have had one-person shows in reputable galleries and that composers and musicians should have had their work commissioned, recorded or performed, or whatever might be appropriate to the particular artform. Otherwise the applicant must demonstrate a high degree of promise attested by references or other forms of support from established figures in the arts. To receive an application from, please contact Mayo County Council Arts Office, Tel: 094 90 24444 ext 7560 or 7558 e-mail: mayoarts@mayococo.ie The closing date for return of applications forms is: Friday 24th April 2009



Posted: 31/03/2009