Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh
Teileafón : (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost :ríomhphost mayoarts@mayococo.ie
Ceiliúradh na Cruthaitheachta sa Seanaois
Bealtaine
Fáilte chuig Bealtaine 2009. Is í seo an ceathrú bliain déag de Bhealtaine, an fhéile náisiúnta a cheiliúrann an chruthaitheacht i ndaoine aosta – é comhordanáidithe go náisiúnta ag Age and Opportunity (áisínteacht a bunaíodh le tabhairt faoi dhearcadh diúltach i leith na seanaoise agus le cur chun cinn ról níos leithne ag seanóirí sa phobal). Is é atá mar aidhm ag Bealtaine ná cur le hionchur sheandaoine sna healaíona trí léiriú mothúcháin agus trí pháirt ghníomhach a ghlacadh. Meallann Bealtaine seandaoine le bheith ina lucht féachana/éisteachta eolasach ag foirmeacha uile na healaíne.
An Clár
Sa chlár cuimsitheach seo beidh Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo ag obair le breis agus scór Cumann Gníomhaíochta Lucht Scoir ar fud Mhaigh Eo i gcaitheamh Bealtaine 2009. Cuirfear ceardlanna ar bun faoi stiúir chuiditheoirí profisiúnta i gnéithe éagsúla ealaíne, damhsa, drámaíocht, scríbhneoireacht chruthaitheach, ceol agus cuimhne, samba agus cnagadh, scéalaíocht agus amharcealaín ina measc. Tá an Oifig Ealaíon ag obair le hIonaid Cúram Sláinte ag cur an ceol agus an fhilíocht os comhair an phobail ar fud Mhaigh Eo.
Anuas ar seo ar fad beidh trí mhórthogra ann i 2009:
Leanacht den togra New Ground
Léiriú scannáin de chuid Michael Fortune
ENVISAGE – fionnachtain áite
Beidh imeachtaí éagsúla, ó léachtaí go scannáin agus dalladh eile, ar siúl i gcaitheamh na Bealtaine in ionaid ealaíon ar fud an chontae agus i leabharlanna de chuid Seirbhís Leabharlanna Chomhairle Chontae Mhaigh Eo.
Ba mhian le hOifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo buíochas ó chroí a ghabháil leis na hionaid, na grúpaí agus na daoine éagsúla atá bainteach le Bealtaine 2009.
Áras an Chontae, Castlebar, Phone: (094)902 44 44 ext. 7558, 7560,7471, Email:mayoarts@mayococo.ie
Celebrating creativity in older age
Bealtaine
Welcome to Bealtaine 2009. This is the fourteenth year of Bealtaine, the national festival which celebrates creativity in older age – co-ordinated nationally by Age and Opportunity (an agency set up to challenge negative attitudes to ageing and to promote greater participation by older people in society). Bealtaine aims to involve older people in the arts, through expression and active participation. It also encourages older people to engage as an experienced audience for all art forms.
The Programme
This extensive programme features Mayo County Council Arts Office working with over twenty Active Retirement Associations throughout Mayo during Bealtaine 2009. Workshops with professional facilitators will take place in numerous art forms including, dance, drama, creative writing, music and memory, samba and percussion, storytelling and visual art. The Arts Office is also working with Health Care Settings providing music and poetry recitals throughout Mayo.
In addition there will be three major projects in 2009:
Continuation of the New Ground project Screening of Michael Fortune’s film ENVISAGE – an exploration of place.Arts venues throughout the county as well as Mayo County Council Library Service will also have a variety of events on offer during Bealtaine ranging from talks to workshops to films and much more
Mayo County Council Arts Office would like to thank most sincerely all the venues, groups and individuals associated with the Bealtaine Festival 2009