Oifig na Gaeilge
Tá sé de dhualgas reachtúil ar Údaráis Áitiúla Chontae Mhaigh Eo, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal, ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís trí Bhéarla.
Ceanglaíonn ár gCairt Chustaiméirí orainn “seirbhís ard fhiúntach a sholáthar dár gcustaiméirí uilig ar dhóigh éifeachtach, inniúil agus chúramach.” Luann sé chomh maith go mbeidh sé mar aidhm ag Údaráis Áitiúla Chontae Mhaigh Eo “a chinntiú go mbeidh ar chumas custaiméirí ar mhian leo a ghnó a reáchtáil trí Ghaeilge é sin a dhéanamh agus go mbeidh doiciméadaí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Scéim Teanga Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo
D’ullmhaigh Údaráis Áitiúla Chontae Mhaigh Eo an scéim seo faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal ar chaighdeán níos airde. Tháinig Scéim Teanga Údaráis Áitiúla Mhaigh Eo i bhfeidhm ar an 22ú Nollaig, 2006. Beidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta sin nó go mbeidh Scéim nua deimhnithe ag an Aire, cibé cé acu is túisce.
Leagann an Scéim Teanga amach clár oibre na hÚdarás chun seirbhísí a chur ar fáil tré Ghaeilge i gcomhar le Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Tá an Scéim Teanga le fáil anseo:
Scéim Teanga Údaráis Áitiúla Chontae Mhaigh EoScéim Teanga Údaráis Áitiúla Chontae Mhaigh Eo - dátheangach
Irish Language Services - Customer Survey
We are currently looking for your views on the range of Irish language services provided in the County now, and in the future.
Please complete the survey at this link: Irish Language Services - Customer Survey
Teagmháil:
Má tá aon cheist agat mar gheall ar sheirbhísí Gaeilge na Comhairle nó más mian leat do ghnó a dhéanamh as Gaeilge linn, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag gaeilge@mayococo.ie
Oifig na Gaeilge
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Phone: 094 904 7541
Email:gaeilge@mayococo.ie
