Léamh le Éilís Ní Dhuibhne | Reading with Éilís Ní Dhuibhne
Scríbhneoir Cónaitheach Force 12 Writer in Residence
Déardaoin 11ú Meitheamh | Thursday 11th June
Leabharlann Chaisleán an Bharraigh @ 7:30 Castlebar Library

Rugadh Éilís Ní Dhuibhne i mBaile Átha Cliath i 1954. Tá go leor úrscéalta, drámaí stáitse agus raidió tagtha óna peann. Tá gradaim go leor bronnta ar a cuid saothair, Gradam Stewart Parker don Drámaíocht, trí Ghradaim Bisto do leabhair do pháistí, Gradam Chumann Meiriceánach an Léinn Éireannaigh don Phrós, agus gradaim éagsúla an Oireachais d’úrscéalta agus drámaí. Múineann sí an scríbhneoireacht cruthaitheach agus is ball d’Áosdána í.
Éilis Ní Dhuibhne was born in Dublin in 1954. She has written many novels, collections of shórt stories, plays for stage and radio. Her work has won many literary awards, including the Stewart Parker Award for Drama, three Bisto awards for children’s books, American Association of Irish Studies Award for Prose, and several Oireachtas awards for novels and play. She is a member of Aosdána.
Click here to check library website
Is aoibhinn an áit é Dún an Airgid - baile nua foirfe agus daoine deasa lonnaithe ann. Útóipe nua-aoiseach. Ach lá amháin téann an leabharlannaí Laoise Ní Bhroin ar iarraidh. Nochtann Éilís Ní Dhuibhne ealaín agus rachmas sa chúlra - agus an nathair nimhe i bhfolach i bParthas.
"The world according to Ikea might look something like Dún an Airgid. But the utopian promise, like the larger narrative of the Tiger years, is gradually undone by a past that cannot be bulldozed into oblivion and by a present which is blighted by the familiar demons of envy, dispossession and greed. Dún an Airgid, the planned paradise, takes on colours of David Lynch's suburban hell." - Michael Cronin
Click here to check library website
Úrscéal taitneamhach é seo a phléann le ceisteanna móra: conas cothromaíocht a chruthú idir an saol oibre agus cúraimí clainne, angst déagórach, agus anbhuaine an tsaoil. Thairis sin ar fad, scrúdaíonn sé ról na cuimhe mar liubh leighis.
This is an entertaining lively novel which deals with serious issues: the difficulties of balancing career and family responsibilities, teenage angst, and the insecurity of the human condition. Above all, it explores the healing power of memory.
Click here to check library website
Úrscéal dírithe ar dhéagóirí atá i gceist le hurlamaboc, cé go bhféadfadh foghlaimeoirí fásta sult agus tairbhe a bhaint as fosta. Tá leibhéal na teanga éasca go leor agus níor chóir go gcuirfeadh sé stró rómhór ar léitheoirí óga an leabhar a láimhseáil. Saol na linne i mbruachbhaile de chuid na príomhchathrach mar a mhaireann lucht rachmais agus daoine daibhre, teaghlaigh 'ghnácha' agus teaghlaigh beagán eisceachtúil é agus an tslí a dtagann déagóirí slán tríd is ábhar don úrscéal seo.
"Hurlamboc is teenage-speak as Gaeilge. It centres on three teenagers in their Leaving Certificate year - their lives, loves and mothers. The novel is sprinkled with English: "Agus go tobann is stay at home housewives iad, seachas career girls." It is wry and modern and boosts your confidence in understanding our language whether you are heading for the Leaving Certificate or, like me, have left it some 30 years ago." - Nollaig Rowan, The Irish Times
Click here to check library website
"Cuireann an Duibhneach síos ar shaol Shaoirse go ceanúil tuisceanach magúil. Is iontach an méid grinn atá sa leabhar seo, tríd síos, greann sóisialta, greann éadrom, aoir chiúin faoin chaoi a gcaithimid ár saol anois. Cé gur úrscéal éadrom é seo, éiríonn leis an údar méar a leagan ar bhaois an tsaoil mar a dhéanfadh drámadóir amhail Moliére nó Wilde...measaim gurbh é seo an chéad leabhar Gaeilge le fada an lá ar fhan mé i mo shuí lena chríochnú, agus an tine ag dul in éag agus an seomra ag dul i bhfuacht." - Gréagóir Ó Dúill, Foinse
"This is a book full of Ní Dhuibhne's sharp view of the world of trendy, arty capitalism; Saoirse's Dublin life is one of brandnames and approved viewpoints: "Tá an pictiúr sin (dhá spota dhearga ar an chúlra gorm) wonderful!" "Tá an lón wonderful!"...The narrative is a quirky combination of storytelling and a meditative examination of the interface betweeen the old and the new Irelands, the artist and the arts, the secret millionaires beside the turf-fires, and the possibility of romance." - Books Ireland
Oifig na Gaeilge
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Phone: (094) 904 7541
Email: gaeilge@mayococo.ie
& Facebook 
