You are Here: Home > Services > Oifig na Gaeilge > Cartlann Nuachta | News Archive > Teanga & Teicneolaíocht | Language & Technology

Related Information

Teanga & Teicneolaíocht - i dTreo na Ré Digití

Science & Technology Festival Logo

Féile Eolaíochta & Teicneolaíochta Mhaigh Eo


Is í bunaidhm an Fhéile seo, atá á reáchtáil ag Bord Forbartha Chontae Mhaigh Eo, ná spéis san eolaíocht a spreagadh i measc an phobail i gcoitinne, agus i measc dhaoine óga ach go háirithe. Díríonn an Fhéile go mór mhór ar dhaltaí sna sraithe sóisearaí maraon le daltaí idirbhliana, ag iarraidh iad a mhealladh chun ábhair eolaíochta a roghnú sa tsraith shinsearach, agus ar ndóigh mar ábhar ollscolaíochta amach anseo.

Teanga agus Teicneolaíocht – i dTreo na Ré Digití


Bhí Teanga agus Teicneolaíocht – i dTreo na Ré Digití ar siúl in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead Dé Máirt, 4ú Samhain 2008. Ghlac thart ar 150 daltaí meánscoile ó Chaisleán an Bharraigh, Bhéal an Átha, Bhéal an Mhuirthead páirt agus iad ag foghlaim faoin gcaoi a féidir leas a bhaint as an nuatheicneolaíocht cumarsáide chun teangacha agus an Ghaeilge ach go háirithe a chur chun cinn.

Fiontar Cathal Furey ó Fiontar

Thug Cathal Furey ó Fiontar léargas ar an suíomh gréasáin nua-sheolta www.logainm.ie, ag míniú gurbh í Éirinn an t-aon tír ar domhan a bhfuil an t-eolas uilig faoi logainmneacha, faoinár dtírdhreach féin bailithe aici agus ar fáil don phobal mhór. Nocht sé an ailtireacht teicniúla atá taobh thiar de shuíomhanna gréasáin ar nós Bebo, Gmail agus Facebook. Agus é ag caint faoi www.focal.ie chur sé ina luí ar a lucht féachana gur phobal teanga domhanda atá mar phobal ag focal.ie, agus go bhfuil fianaise acu go bhfuil focal.ie, an bunachar téarmaíochta ar líne, á úsáid i mbeagnach gach tír ar domhan ach amháin lár na hAfraice, agus na Cairibe – go fóill!

Mícheál Ó Droighneáin ó Maithiú   Maithú - Get the Focal

Dúirt Mícheál Ó Droighneáin ó Maithiú agus é ag caint faoina fheidhmchlár le haghaidh gutháin shoghluaiste ‘Get the Focal’ a sholáthraíonn fáil éasca ar bhreis agus 12,000 aistriúchán Béarla-Gaeilge ar ghutháin phóca, go bhfuil todhchaí na teanga ar líne, agus le gutháin níos cumhachtaí ag teacht ar an margadh i gcónaí go mbeidh éabhlóid na teanga amach anseo fite fuaite le héabhlóid na teicneolaíochta cumarsáide.

Na Comhluadair Bheo Liam Réamonn ó Na Comhluadair Bheo

Chuir Liam Réamonn fáilte roimh a lucht éisteachta bheith páirteach sa Chomhluadar Scadhp – pobal fíorúil ilteangach a chothaíonn nasc idir chainteoirí Ghaeilge, Fraincise is Gearmáinise fud fad an domhan. Thaispeáin sé físeán a thug léargas ar sean-nósanna Gaelacha ar nós bleán na bó, bácáil bocstaí, an maistreadh, ag léiriú an nasc idir an ré atá thart agus an ré digiteach a sholáthraíonn ardán domhanda don Ghaeilge.

 Éanna Ó Brádaigh ó Apple  Apple Computers

Mhínigh Éanna Ó Brádaigh ó Apple gur áis cruthaíochta í an ríomhaire anois, go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le ríomhairí ná clóscríobh agus scairbhileoga don ghlúin Utube agus Bebo.  


Oifig na Gaeilge


Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Phone: 094 904 7541
Email: gaeilge@mayococo.ie

Ceangail linn ar Twitter Lean muid ar Twitter. & Facebook Tabhair cuairt orainn ar Facebook.