Dráma Grinn Úrscríofa le Prionsias Ó Cuilinn
á léiriú ag Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill
The Linen Hall Arts Centre
Caisleán an Bharraigh
Satharn, 9 Deireadh Fómhair 2010 8.00pm
Ach cén bhaint atá ag "An Teach Mór" leis na bancanna??
Óstán Welcome Inn, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo.
Beidh an cheardlann seo á stiúradh ag Beartla M. Ó Flatharta agus ag Seán Ó Morónaigh, Stiúrthóir an Chomhlachais.
Is ceardlann chónaithe í seo a bheidh ag díriú ar aisteoirí agus léiritheoirí – go háirithe ar léiritheoirí.Beidh costais na ceardlainne á gclúdach ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta.
Tá radharcanna as drámaí éagsúla roghnaithe don cheardlann agus beidh obair phraiticiúil á dhéanamh orthu sin le linn na ceardlainne. Cuirfear na radharcanna seo ar fáil tríd an bpost. Tá sé fíor thábhachtach go mbeidh stáidear déanta ar na radharcanna seo roimh ré.
Chun áit a fháil sa cheardlann is gá teagmháil le Seán Ó Morónaigh (087 2324036) (omoronaigh@eircom.net) chomh luath agus is féidir.