Tá Féilire Traenála Coláiste UISCE réidh i gcomhair 2010. Tá siad ag glacadh le háirintí do Chúrsaí Traenála 2010 anois. Tá an Féilire thuas ar suíomh UISCE anois.
Má tá suim agat Cúrsa Traenála a dhéanamh, líon isteach an fhoirm iarratais agus seol ar ais é leis an éarlais.
Coláiste UISCE will be running Nationally Recognised & Certified Training Courses in various watersports over the coming few weeks.
If you are interested in increasing your skills level and hopefully becoming an Assistant Instructor or even an Instructor in UISCE this is the perfect opportunity for you.
Cúrsa lán-aimseartha 6 mhí ag tosú i lár mhí Mheithimh in Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead.
Is cúrsa Leibhéal 5 FETAC é Teastas na dTaibh-Ealaíon a bheidh ar siúl in Áras Inis Gluaire i gcomhpháirtíocht le FÁS agus Muintearas. Tá ocht modúl FETAC i gceist leis an gcúrsa traenála seo: Léiriú Amharclainne; Táirgeadh Imeachtaí; Cumarsáid; Taithí Oibre; Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair; Innealtóireacht Fuaime agus Táirgeadh; Bainistiú Stáitse agus Riarachán, agus Táirgeadh Clár Raidió.
Tá gné substaintiúil taithí oibre i gceist agus beidh ar rannpháirtithe tabhairt faoi obair in Áras Inis Gluaire – san áireamh beidh ag tabhairt lámh cúnta le léiriúcháin, ag eagrú laethanta oscailte, ceardlainne oibre agus taispeántas, ag maoirsiú sábháilteacht agus modhanna oibre le linn taispeántais, ag tógáil áirithintí, ag bainistiú scarbhileoga tinrimh, ag forbairt feachtas na meáin, fáilte roimh chuairteoirí/comhlachtaí mar aon le spriocanna soiléire pearsanta a bhaint amach ag obair in amharclann agus ionad ealaíona den scoth. Beidh tacaíocht ar fáil do rannpháirtí atá ar chúrsa sé mhí ó comhodnóir an chúrsa mar aon le teagascóirí speisialta.
The Certificate in Performing Arts is a FETAC Level 5 course, which will take place in Áras Inis Gluaire, and will be operated by FÁS and Muintearas. This training course involves eight FETAC modules: Theatre Performance; Event Production; Communications; Work Experience; Safety and Health at Work; Sound Engineering and Production; Stage Management and Administration; and Radio Programme Production.
There is a substantial element of work experience, requiring participants to have a hands-on role in Áras Inis Gluaire - this will range from assisting in productions, organising open days, workshops and exhibitions, overseeing safety and procedure during performances, taking bookings, managing attendance spread sheets, developing media campaigns, welcoming visiting companies, as well as achieving personally defined goals within the setting of a busy theatre and arts centre. Participants on this six month course will be supported by a training supervisor, as well as an assistant supervisor.
Beidh na ceardlanna seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta. Tabharfar áit ar na ceardlanna freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta, araon.
Tugtar cuireadh do scríbhneoirí ar mhaithe leo a bheith páirteach sna ceardlanna sampa dá saothar: gearrscéal, cúig nó sé de dhánta nó mír ghearr as úrscéal (úrscéalta do dhéagóirí san áireamh) a sheoladh chuig Eagarthóir Cúnta CIC, Aodh Ó Gallchóir ag an seoladh thíos ROIMH an 3 Meán Fómhair 2010.
Níl aon táille i gceist do na ceardlanna seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costaisí taistil féin agus lóistín sa gcás go mbeidh a leithéíd i gceist.
Baile Átha Cliath: Dé Sathairn 18 Meán Fómhair 2010 nó Dé Sathairn 2 Deireadh Fómhair.
Ionad: Coláiste na Trínóide
Á eagrú i gcomhar le IMRAM agus Oifig na Gaeilge, TCD.
Ar mhaith leat cáilíocht a fháil i dteagasc na Gaeigle do dhaoine fásta? Cuirfear tús le cúrsa páirtaimseartha in OÉ Má Nuad i Meán Fómhair 2010. Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine atá fostaithe san earnáil seo cheana féin ar mhaith leo oiliúint fhoirmiúil agus cáilíocht a fháil. Fáilteofar chomh maith roimh dhaoine ar bheagán taithí teagaisc ar mhian leo an Ghaeilge a mhúineadh d'fhoghlaimeoirí fásta.
Spriocdháta d'iarratais: 3ú Meán Fomhair 2010
Are you interested in getting a qualification in the teaching of Irish to adults? A part-time certificate programme will commence in NUI Maynooth in September 2010. This course is aimed at people already employed in the sector who would like to get some formal training and a qualification. The course is also open to those with little or no teaching experience who are interested in pursuing a career in the teaching of Irish to adult learners.
Closing date for applications: 3rd September 2010
Fáiltíonn Comhairle Cathrach Dhoire roimh Ealaíontóirí agus Eagraíochtaí Ealaíon le tionscadal Teanga agus Ealaíon a fhorbairt faoi Chuspóir 10.9 de Chlár Deachaidrimh na Comhairle Cathrach dar teideal ‘Ag baint feidhm as na hEalaíona leis an tionchar atá ag Gaeilge, Béarla agus Albainis Uladh ar ár bhféiniúlacht chultúrtha a scrúdú agus le meas ar theangacha a mhéadú’.
Is é is cuspóir don tionscadal seo ná tionchar na Gaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh ar fhéiniúlacht phearsanta agus phobail a fhiosrú trí na hEalaíona.
Ba mhaith le Comhairle Cathrach Dhoire ealaíontóir(í), meithleacha ealaíontóirí nó eagraíochta Ealaíon a aimsiú le tioscnamh deachaidrimh a fhorbairt i gcomhar leis an Oifigeach Gaeilge agus leis an Oifigeach Ealaíon le ról na Gaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh a mheas i gcomhthéacs ár bhféiniúlachta cultúrtha.
An Tionscadal: Forbróidh an t-iarratasóir rathúil tionscadal chun plé díreach a dhéanamh le daoine fásta ó réimse cúlraí agus le feidhm a bhaint as na healaíona leis an chumann idir teanga agus féiniúlacht a chíoradh.
Beidh an t-ealaíontóir/na healaíontóirí/an eagraíocht ealaíon ag stiúradh rannpháirtithe an tionscadail le hobair ealaíne a dhéanamh bunaithe ar an cheist: ‘Cén tionchar atá ag an Ghaeilge, an Bhéarla agus ag Albainis Uladh ar ár bhféiniúlacht chultúrtha?’ Nuair a chríochnófar na píosaí ealaíne (íosmhéid 12), léireofar iad ag taispeántas agus úsáidfear an taispeántas ealaíne mar fhoinse inspioráide agus mar spreagadh díospóireachta.
Cur chuige: Beidh ar an iarratasóir bheith ag obair go dlúth i gcomhar le Comhairle Cathrach Dhoire. Ba chóir don iarratasóir iarratas a chur isteach bunaithe ar an eolas anseo a léiríonn a gcur chuige le féiniúlacht teanga agus chultúrtha a fhiosrú i gcomhthéacs na Gaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh.
Beidh ar an iarratasóir tionscnamh cruthaitheach a dhearadh le dul i ngleic le hábhar an tionscadail.
Cáilitheacht: Beidh ar an iarratasóir na cáipéisí a leanas a chur ar fáil:
N.B Ní gá Gaeilge nó Albainis Uladh a bheith ag an iarratasóir.
Amlíne: Caithfidh an tionscnamh seo bheith críochnaithe agus gach sonrasc bheith istigh fá mhí Feabhra 2011.
Cuir d’iarratas chuig: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá, Doire BT48 7NN, pol.ofrighil@derrycity.gov.uk
Spriocdháta:
Aoine 27 Lúnasa 2010 ar 12.30in
***
Derry City Council is currently seeking artists, artist teams, or arts organisations to work alongside the Council’s Arts and Regeneration Officer and the Irish Language Officer to develop and deliver a good relations project to explore the role of the languages of Irish, English and Ulster-Scots within the context of cultural identity.
Derry City Council has set out a range of objectives and actions in its Good Relations Action Strategy 2008/9 – 2010/11 aimed at mainstreaming good relations within the work of the Council. The aim of this project is to explore how the languages of Irish, English and Ulster- Scots influence how we perceive ourselves and others using the arts as a medium.
The successful applicant or applicant organisation will develop and deliver a project to directly engage with adults from a range of backgrounds using a range of creative approaches to explore language and how it shapes cultural identity.
The artist or arts organisation will work with project participants to oversee the development of a series of artworks in response to the question posed: How do the languages of Irish, English and Ulster-Scots inform our sense of cultural identity?
The completed artworks will form the basis of an exhibition and will be ultimately be used as a stimulus for education, discussion and further debate on the subject area.
Derry City Council will appoint a local artist, arts team, arts organisation or other suitably qualified individual/organisation to develop and deliver the project in co-operation with Council officers. The successful applicant will jointly develop an initiative to engage with adults from a range of backgrounds to explore linguistic identity in the Council area with specific regard to Irish, English and Ulster-Scots.
The applicant’s project proposal should be designed to explore language in the context of names of people and places and the historical and contemporary context of the languages of Irish, English and Ulster-Scots in the Derry City Council area.
Rationale: This project will explore the role that the languages of Irish, English and Ulster-Scots play in people’s lives and will document the historical and contemporary relationships between the languages of Irish, English and Ulster-Scots. The project should generate opportunities for creative responses to the languages of Irish, English and Ulster- Scots and the interactions between them culminating in the creation of a minimum of 12 different artworks for exhibition.
Artists/groups/organisations will only be deemed eligible for consideration on the submission of supporting material as follows:
Key Dates: This project must be completed and all vouching documentation returned before February 2011.
Return to: Submissions must be returned to: Alice McCartney, Arts and Regeneration Officer, Derry City Council, 98 Strand Road, Derry BT48 7NN, alice.mccartney@derrycity.gov.uk. No later than Friday 27th August 2010 at 12.30pm.
Submissions may be returned in Irish, English or Ulster-Scots.
Lionbridge Technologies, Inc. (Nasdaq: LIOX) is a leading provider of globalization and testing services.
Based in Waltham, Mass., Lionbridge now maintains more than 50 solution centers in 25 countries and provides services under the Lionbridge and VeriTest brands. To learn more, visit http://www.lionbridge.com
The team at Lionbridge Technologies with solution centres in 25 countries worldwide is recruiting part-time self-employed workers who are fluent speakers in Irish and English who are based in Ireland to join its team of Internet Assessors.
Requirements:
The main aim of the work is to improve a search engine’s results for all web users worldwide. The work involves evaluating results of a web search, for their appropriateness to the search query input. You will be required to provide feedback i.e. your opinion of the result displayed.
The hours are flexible to fit around your family and home life, so ideal for someone looking for a work-life balance (10-20 hours per week).
To Apply:
Please click on the following link to complete and submit your application:
If you experience any technical issues when you are submitting your application please contact the following email address: ie.raters.bal@lionbridge.com ie.raters.bal@lionbridge.com
This e-mail address is being protected from spambots, you need JavaScript enabled to view it.
Tá iarratas á nglacadh ag Móinín don Dianchúrsa thuasluaite.
Tá áit do dheichniúr (10) ar an gcrúrsa seo. Is é an scríbhneoir Ré Ó Laighléis a bheas mar stiúrthóir/theagascóir air. In An Scríobhlann, áras nua traenála Mhóinín i mBaile Uí Bheacháin, a thabharfar an cúrsa.
6 deireadh seachtaine atá i gceist, ag tosú ar dheireadh seachtaine an 25/26 Meán Fómhair agus ag críochnú ar dheireadh seachtaine an 11/12 Nollaig. Sprioc ar iarratais is ea 10ú Meán Fómhair 2010 (roghnófar deichniúr agus cuirfear amach tairiscintí ar áiteanna ansin). Tá an cúrsa seo a mhaoiniú ag Foras na Gaeilge.
Tá Fiontar ag earcú 4 thaighdeoir ar conradh chun oibriú ar thionscadail éagsúla taighde sna daonnachtaí digiteacha Gaeilge.
Bunchéim onóracha sa Ghaeilge mar aon le céim Mháistreachta i réimse cuí. PhD agus/nó taithí dhá bhliain lánaimseartha ar a laghad i bpost a bhain le sainréimse na teanga (i ról eagarthóireachta nó taighde mar shampla). Ní mór taithí a bheith ag iarrthóirí ar ghnéithe d'obair thaighde a phleanáil, a chomhordú is a mheas.
Bunchéim onóracha sa Ghaeilge. Is gá céim Mháistreachta i réimse cuí agus/nó taithí dhá bhliain i ról eagarthóireachta nó taighde i réimse na Gaeilge scríofa. Ní mór d'iarrthóirí a bheith inniúil ar obair thaighde a chur i gcrích ar ardchaighdeán.
Is féidir na ceapacháin uile a dhéanamh ar chonradh 27 mí ag tosú Eanáir 2011. Tá páirtmhaoiniú ag formhór na dtionscadal seo ón Roinn Gnóthaí Pobail Comhionannais agus Gaeltachta. Tá na postanna seo maoinithe go seachtrach.
De bharr an méid éilimh a bhí ar an gcéad chúrsa de seo i mbliana reáchtálfaidh Europus/GMIT, faoi urraíocht na Roinne Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, dianchúrsa oiliúna lánaimseartha eile a sheasfaidh 6 seachtaine ar aistriúchán cáipéisí dlí agus cáipéisí stáit eile i dTír an Fhia i gConamara ag tosú i mí Meán Fómhair 2010. Glacfar le hiarratais ó chéimithe a mbeidh caighdeán ard acu i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh buntáiste ag daoine a mbeidh na cáilíochtaí sin agsu cáilíochtaí sa dlí acu. Beidh scrúdú scríofa mar chuid den phróiseas roghnúcháin.
Ní bheidh aon táille ar an gcúrsa. Ní ghlacfar ach le líon teoranta daoine ar an gcúrsa agus déanfar roghnú randamach ar na daoine a cháileoidh má bhíonn an iomarca iarrthóirí ann. Seol iarratas mar aon le CV roimh Dé hAoine an 20 Lúnasa 2010.