Ba mhaith le Foras na Gaeilge tréimhse chomhairliúcháin phoiblí le haghaidh “Samhail Nua Mhaoinithe” a fhógairt.
Faoin “Samhail Nua Mhaoinithe” tá sé i gceist an struchtúr reatha trína bhfaigheann 19 n-eagras ainmnithe bunmhaoiniú gach bliain a chur i leataobh agus struchtúr maoinithe nua atá scéimbhunaithe a thabhairt isteach, struchtúr a fhógrófar go poiblí agus a bhféadfaidh eagraíocht nó grúpa ar bith cur isteach air. Reáchtálfar na scéimeanna ar thimthriall trí bliana.
Ba mhaith linn tuairim an phobail maidir leis seo a fháil.
Tá tuilleadh eolas agus ceistneoirí le fáil thíos:
Dáta deiridh: 14 Meitheamh 2011.
Doiciméad Comhairliúcháín Poiblí Márta 2011
Tá leagan do mhiontuairiscí an choiste stiúrtha le fáil ach cliceáil thíos
Miontuairiscí Coiste Stiúrtha 13 Nollaig 2010
Miontuairiscí Coiste Stiúrtha 17 Nollaig 2011
Tá taighde ar bun ag Diarmuid Ó Mathúna, mac léinn cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ar mhaithe lena mhiontráchtas maidir leis an bhfreastal a dhéanann TG4 ar lucht labhartha fásta na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Chuige sin, d'iarr sé orainn suirbhé a scaipeadh i measc phobal na Gaeilge, go háirithe iad siúd atá Gaeilge mhaith acu agus a bhíonn á húsáid go rialta. Seo nasc chuig an suirbhé ar-líne agus ba mhór aige dá bhféadfá é a líonadh agus a scaipeadh ar Ghaeilgeoirí eile.
Tá an suirbhé le fáil anseo
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag ESB anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Ba chóir freisin, go hinmhianaithe, aighneachtaí, a bheidh ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin www.esb.ie, a sheoladh isteach go leictreonach chuig gaeilge@esb.ie.
Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh leis an bpost chuig;
An tOifigeach Forbartha Gaeilge,
Seomra AG31 Ard Oifig ESB,
27 Sráid Mhic Liam Íochtarach
Baile Átha Cliath 2
Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an Acht a fháil ar shuíomh gréasáin An Coimisnéir Teanga ag www.coimisineir.ie nó le ríomhphost ó eolas@coimisineir.ie
Tá eolas maidir leis an ról/na seirbhísí arna sholáthar don phobal ag ESB ar fáil ar www.esb.ie.
Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00i.n. dé hAoine, 6ú Bealtaine 2011.
ESB proposes to draft a second Scheme in accordance with Section 11 of the Official Languages Act 2003.
***
The Scheme will last for a period of three years, from 2011 - 2014. The primary objective of the Act is to ensure better availability and a higher standard of public services through Irish. ESB now wishes to invite representations in relation to the preparation of the draft Scheme from any interested parties.
Submissions should not exceed 4,000 words (c. 8 pages). Ideally submissions, which will be made available on the website www.esb.ie should be forwarded electronically to Gaeilge@esb.ie.
Alternatively, they may be posted to:
Irish Language Officer,
Room AG31,
ESB Head Office,
27 Lower Fitzwilliam Street,
Dublin 2,
Ireland
The latest date for receipt of representations is 5 p.m. on Friday, 6th of May 2011
Information on ESB and the services it provides is available on the web site www.esb.ie. Further information in relation to the Act is available on the web site of An Coimisinéir Teanga www.coimisineir.ie or by e-mail request to eolas@coimisineir.ie
Tá an Próiseas Ainmniúcháin faoi lán seoil do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2011 i gcomhar le Gala.
Bronnfar na gradaim i gcatagóirí éagsúla, ina measc: raidió, teilifís & cló/leictreonach ag ócáid mhór in Óstán Meyrick i gcathair na Gaillimhe Dé hAoine, 27 Bealtaine 2011.
Foirm Ainmniúcháin do Ghradaim 2011. Is gá ainmniúcháin a bheith faighte faoi 5.00pm, Dé Céadaoin 13 Aibreán 2011.