Tá dhá ghradam speisialta sparánachta á dtairiscint ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo d'ealaíontóirí a rugadh nó a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo, chun cur ar a gcumas coicís a chaitheamh ag an Tyrone Guthrie Centre ag Annaghmakerrig, Contae Mhuineacháin. Clúdaíonn gach aon sparánacht costais lóistín uilig do thréimhse coicíse, móide úsáid stiúideo má bhíonn sé riachtanach.
Tá éagsúlacht spásanna oibre ar fáil, ag áireamh stiúideonna, seomra ceoil do chumadóirí agus do cheoltóirí, agus spás mór cleachtaidh agus léirithe. Tá na sparánachtaí oscailte do chleachtóirí i ngach foirm ealaíne, a rugadh nó a bhfuil saincónaí orthu laistigh de Chontae Mhaigh Eo. Níl aon aoisteorainn.
Ba chóir d'iarrthóirí buanna suntasacha a thaispeáint ina réimsí roghnaithe. Chiallódh seo, de ghnáth, go mbeadh scríbhneoirí tar éis foilsiú i bhfoirm leabhair, go mbeadh péintéirí agus dealbhóirí tar éis seónna aonair a reáchtáil i ngailearaithe creidiúnacha agus, i gcás cumadóirí agus ceoltóirí, go mbeadh a saothar tar éis a bheith coimisiúnaithe, taifeadta nó léirithe, nó cibé céard a bheadh oiriúnach don chineál áirithe sin foirm ealaíne. Seachas sin, caithfidh an t-iarrthóir ardleibhéal inniúlachta a léiriú, fianaithe ag teistiméireachtaí nó ag cineálacha eile tacaí ó phearsana cruthaithe ins na healaíona.
Mayo County Council are offering two special bursary awards to artists born or living in Mayo, to enable them to spend two weeks at The Tyrone Guthrie Centre at Annaghmakerrig, County Monaghan. Each bursary covers all board and lodging expenses for a two-week period, plus the use of a studio if necessary.
There are a variety of workspaces available including studios, a music room for composers and musicians, and a large rehearsal and performance space. The bursaries are open to practitioners in all artforms born or domiciled within County Mayo. There is no age limit.
Applicants should show significant achievement in their chosen field. This would normally mean that writers should already have published in book form, painters and sculptors should have had one-person shows in reputable galleries and that composers and musicians should have had their work commissioned, recorded or performed, or whatever might be appropriate to the particular artform. Otherwise the applicant must demonstrate a high degree of promise attested by references or other forms of support from established figures in the arts.
Tá Bainisteoir á lorg ag Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo chun dul i mbun cúraimí forbartha i gceantar feidhme an chomharchumainn
Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comharchumann Dhúiche Sheoigheach Teo agus lonnaithe in oifigí an chomharchumainn i gCorr na Móna.
An Post:
Cáilíochtaí:
Duine le taithí phraiticiúil agus cumas i riaradh gnó nó le taithí mhargaíochta atá ag teastáil. Bheadh cáilíocht tríú leibhéal in ábhar gnó ina bhuntáiste.
Ní foláir go mbeadh ar chumas an té a cheapfar dualgais an phoist a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge. Ní mór go mbeadh scileanna eagrúcháin, cumarsáide, idirphearsanta agus ríomhaireachta ag an té seo freisin.
Seoltar iarratais mar aon le CV roimh
An Cathaoirleach
Comharchumann Dhúiche Sheoigheach,
Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Riaradh a dhéanamh ar an gComharchumann 15 Aibreán 2011 chuig:Tá léiritheoirí na sraithe teilifíse, Ros na Rún ag glacadh le hiarratais ó aisteoirí úra ar suim leo páirt a ghlacadh sa sobalchlár. Beidh trialacha ar siúl i Mí Aibreáin i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.
Ní mór Gaeilge líofa a bheith ag na rannpháirtithe agus suim acu a bheith ar an scáileáin agus san aisteoireacht. Iarrtar ar rannpháirtithe CV agus grianghraif a glacadh le déanaí a sheoladh chuig info@rosnarun.com.
Spriochdáta: 8 Aibreán 2011.
***
Producers of the TG4 soap, Ros na Rún are currently looking for new talent for the show.
Auditions will take place in Galway and in Dublin during the month of April.
Participants must have fluent Irish and have an interest in acting and television. Send your CV and a current photograph of yourself to info@rosnarun.com before the closing date of April 8th.
Ros na Rún I: www.rosnarun.com
Tá an t-uafás deiseann ar fáil d'éinne gur spéis leo tabhairt faoi chlár a chur i láthair ar Claremorris Community Radio. Táthar ag iarraidh cláracha Gaeilge ar na hábhair a leanas a léiriú ar Claremorris Community Radio - cúrsaí reatha, spórt, nuacht, dráma agus ceol. Má shíleann tú go ndéanfá láithreoir den scoth agus más spéis leat bheith páirteach i gcraoltóireacht Ghaeilge téigh i dteagmháil linn. Cuirfear gach traenáil ar fáil.
***
We are looking for people who are comfortable speaking Irish. The openings are very broad as current affairs, sport, news, drama and indeed music programmes need to be produced in Irish as well as in English. The right persons will also receive multimedia training in the radio station to allow them to maximise their potential and empower them to make programmes of any kind.
Tá an foilsitheoir leabhar do pháistí Futa Fata ag iarraidh painéal aistritheoirí a chur i dtoll a chéile. Is ón bhFraincis is mó a bhíonn an comhlacht ag aistriú leabhar, do pháistí, faoi láthair. Má tá suim agat a bheith san áireamh ar an bpainéal, cuir Curriculum Vitae gearr chuig an seoladh ríomhphoist eolas@futafata.com
Cuirfear sliocht as leabhar Fraincise a bheidh á fhoilsiú amach anseo chuig gach iarrthóir agus iarrfar orthu leagan Gaeilge a sheoladh chugainn. Cuirfear roinnt treoirlínte maidir le cur chuige agus stíl chuig gach iarrthóir. Toghfar aistritheoirí, bunaithe ar an bpróiséas tástála sin, le bheith ar phainéal aistritheoirí Futa Fata agus déanfar obair aistriúcháin a thairiscint dóibh de réir mar a bhíonn leabhair nua á bhfoilsiú.
Is é an spriocdháta do CVanna a bheith seolta isteach chuig Futa Fata ná Dé hAoine an 16 Aibreán. 2011.
***
Children’s book Publisher Futa Fata is currently compiling a list of qualified translators to translate children’s books. Translators would be translating children’s books from French.
If you would like to be included on the panel send your Curriculum Vitae via email to eolas@futafata.com A short extract from a French book to be published in the future will be sent to every applicant and they will be asked to translate the extract into Irish. Stylesheets will be made available to each applicant.
Translators will then be selected based on the standard of translation and work will be offered to translators as new books are published.
Closing date for receipt of Curriculum Vitae is Friday 16th April, 2011.
Tá Údarás na Gaeltachta ag tairiscint Scoláireachtaí Printíseachta gur fiú níos mó ná €2,000 an ceann iad d'iarrthóirí le cáilíocht mar cheardaí a bhaint amach.
Ní mór d'iarrthóirí a bheith sé bliana déag d'aois ar a laghad agus na buncháilíochtaí seo a leanas a bheith acu:
Teastas Grúpa/Meánteastas/Teastas Sóisearach, le pas i gcúig ábhar nó a chomhionann. (Tá matamaitic (gnáth leibhéal) riachtanach i gcás printíseachtaí áirithe), nó réamhchúrsa printíseachta atá aitheanta ag FÁS, nó os cionn 25 bliain d'aois agus taithí aitheanta acu sa cheird le trí bliana. Is d'iarrthóirí Gaeltachta le Gaeilge líofa na scoláireachtaí seo.
Má tá spéis agat a bheith san iomaíocht do na scoláireachtaí seo, ba chóir duit dul i dteagmháil le Údarás na Gaeltacht - spriocdháta 10 Meitheamh 2011
Tá Gaelscéal ag cuardach saoririseoirí i gcónaí. Má tá dúil agat in ábhar a sholáthar dúinn níl le déanamh agat ach teagmháil a dhéanamh linn ar nuacht@gaelsceal.ie.
Tá Gaelscéal ag cuardach iriseoir ilmheánach. Beidh an té a cheapfar freagrach as ábhar a sholáthar do gach cineál meáin a úsáideann Gaelscéal, is é sin ábhar i gcló sa pháipéar, ábhar foilsithe go digiteach, físeáin agus podchraoltaí.
Ag obair faoi stiúir an eagarthóra, déanfaidh an t-iriseoir ilmheánach scéalta ábhartha a aimsiú, a fhiosrú agus a fhoilsiú.
Cé gur ag scríobh agus ag fiosrú scéalta a bheas an té a cheapfar, beidh ar an té sin tabhairt faoi dhualgais eile ó am go ham nuair is gá. Cuir litir agus CV chuig eolas@gaelsceal.ie roimh 22 Aibreán 2011.