Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo | Mayo Writer in Residence

SCRÍBHNEOIR CÓNAITHE MHAIGH EO | MAYO WRITER IN RESIDENCE
(english version below)

Tá áthas mór ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo Biddy Jenkinson a fhógairt mar Scríbhneoir Cónaithe Mhaigh Eo 2011.  Beidh Biddy ag obair le go leor Grúpaí Scríbhneoirí agus scoileanna ar fud an chontae le linn na Bealtaine.

Beidh Ceardlann Scríbhneoireachta le Biddy i Halla Thuar Mhic Éadaigh, Déardaoin 19 Bealtaine ó 7-9pm

agus

Léamh Filíochta le Biddy i Leabharlann Chontae Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh - Dé Máirt 24ú Bealtaine ó 8-9pm

Cead isteach saor in aisce - fáilte roimh gach éinne.

Glactar go forleathan le  Biddy Jenkinson (ainm cleite) mar dhuine de na scríbhneoirí Gaeilge is oirní in Éirinn.  I measc na gcnuasach filíochta a tháinig óna peann tá Baisteadh Gintlí (Coiscéim, 1987), Uiscí Beatha (Coiscéim, 1988), Dán na hUidhre (Coiscéim, 1991), Amhras Neimhe (Coiscéim, 1997), An Grá Riabhach (Coscéim, 1999), Mis (Coiscéim, 2001), Rogha Dánta (Cork University Press, 2000) agus Oíche Bhealtaine (Coiscéim, 2005). Cé nár foilsíodh a cuid dánta riamh i mBéarla, tugann sí éirim na ndánta i mBéarla ar dtús sula léann sí as Gaeilge iad. Bronnadh duais filíochta Butler uirthi ag an Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiceiceánach agus chaith sí tréimhse mar eagarthóir ar Éigse Éireann/Poetry Ireland Review

Coiscéim a d'fhoilsigh a saothar. Scríobh sí bailiúchán de scéalta bleachtaireachta agus an tAthair Pádraig Ó Duinnín mar bhleachtaire iontu. Beidh an dara cnuasach sa tsraith ar fáil go luath 'Duinnín ar an Sceilg'.  Tá leabhair do leanaí scríofa aici (i gcomhar le Ríbó); 'An Bhanríon Bess agus ‘Gussaí Gaimbín' an ceann is deireanaí. Tá duaiseanna an Oireachtais buaite aici do dhrámaí agus do shaothair phróis, roinnt acu a cuireadh ar stáitse i mBaile Átha Cliath, i mBéal Feirste agus i nGaillimh.

Tá rath mór ar an gClár Cónaitheachta seo atá á reáchtáil ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo le 21 bliain anuas. Tagann Biddy sna sála ar chuid de na scríbhneoirí is fearr agus is bisiúla sa tír a chaith tréimhse mar scríbhneoir cónaithe i Maigh Eo; Ré Ó Laighléis, Seán Lysaght, Máire Holmes, John Breen, Paddy Bushe, Éilís Ní Dhuibhne agus Nuala Ní Dhomhnaill.

***

Mayo County Council Arts Office is delighted to announce Biddy Jenkinson as Mayo County Council Writer in Residence 2011.  Biddy will be working with a number of Writers Groups and schools throughout the county during May.       

Biddy will deliver a Writing Workshop in Tuar Mhic Éadaigh Hall, Thursday 19 May, 7-9pm

and

Poetry Reading in Mayo County Library, Castlebar, Tuesday 24 May from 8-9pm

Admission free - all welcome.

Biddy Jenkinson (a pseudonym) is widely held to be one of Ireland ’s most eminent writers in the Irish language.  Her poetry collections include Baisteadh Gintlí (Coiscéim, 1987), Uiscí Beatha (Coiscéim, 1988), Dán na hUidhre (Coiscéim, 1991), Amhras Neimhe (Coiscéim, 1997), An Grá Riabhach (Coscéim, 1999), Mis (Coiscéim, 2001), Rogha Dánta (Cork University Press, 2000) and Oíche Bhealtaine (Coiscéim, 2005). While her verse has not been published into English, she offers outlines of her poems before reading as Gaeilge.  She won the Butler prize for poetry and has served as editor of Éigse Éireann/ Poetry Ireland .

Coiscéim is her publisher and will publish a second collection of detective stories 'Duinnín ar an Sceilg' featuring An tAthair Pádraig Ó Duinnín as detective, later this year. She also writes for children and her most recent work (in partnership with Ríbó) is called An Bhanríon Bess agus Gussaí Gaimbín.  Her plays have won Oireachtas Prizes and some of them were staged in Dublin , Belfast , Galway .

At present she lives in Wicklow, trying to make a garden with ideas from Irish history and is particularly interested in providing a haven for bumblebees.

Mayo County Council Arts Office has a strong history of writers in residence over its 22 years of service. Previous writers who have held residencies in Mayo include Ré Ó Laighléis, Sean Lysaght, Máire Holmes, John Breen, Paddy Bushe, Éilís Ni Dhuibhne and Nuala Ní Dhomhnaill.

Oifig Ealaíon Mhaigh Eo      T: 094 904 7558        R: mayoarts@mayococo.ie         I: www.mayococo.ie/ga/Seirbhisi/OifigEalaion/