Cuireann an Fhondúireacht líon áirithe dámhachtainí ar fáil chun tacú le teagasc na Gaeilge in ollscoileanna áirithe i gCeanada, le maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta agus ón Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Bronnfar an dá dhámhachtain seo a leanas le haghaidh na tréimhse naoi mí, Meán Fómhair 2011 – Bealtaine 2012:
Tugann na dámhachtainí seo tacaíocht do méid áirithe mhic léinn Ceanadach freastal ar cúrsa Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar feadh mí amháin le linn an tsamhraidh, 2011.
The Ireland Canada Foundation is now welcoming applications for the Irish Language programme for the academic year 2011-2012.
With funding from the National Lottery and the Department of Community, Rural and Gaeltacht Affairs, the Foundation provides a number of scholarly awards designed to support the teaching of the Irish language in certain Canadian universities. The following two awards will be made for the nine month period, September 2011 – May 2012;
The following award supports a number of scholarships for Canadian students attending a one-month residential Irish Language course in the National University of Ireland, Galway;
Tá an t-uafás deiseann ar fáil d'éinne gur spéis leo tabhairt faoi chlár a chur i láthair ar Claremorris Community Radio. Táthar ag iarraidh cláracha Gaeilge ar na hábhair a leanas a léiriú ar Claremorris Community Radio - cúrsaí reatha, spórt, nuacht, dráma agus ceol. Má shíleann tú go ndéanfá láithreoir den scoth agus más spéis leat bheith páirteach i gcraoltóireacht Ghaeilge téigh i dteagmháil linn. Cuirfear gach traenáil ar fáil.
***
We are looking for people who are comfortable speaking Irish. The openings are very broad as current affairs, sport, news, drama and indeed music programmes need to be produced in Irish as well as in English. The right persons will also receive multimedia training in the radio station to allow them to maximise their potential and empower them to make programmes of any kind.
Tá scoláireacht a mhairfidh suas le dhá bhliain á tairiscint ag Údarás na Gaeltachta do dhuine Gaeltachta le líofacht Ghaeilge chun oiliúint fhoirmiúil agus taithí phraiticiúil ghnó agus fhiontair a fháil. Beidh an duine seo lonnaithe in Oifig Réigiúnach Chonnacht/Laighean an Údaráis sna Forbacha, Gaillimh agus ag feidhmiú i gceantar na Gaillimhe.
Cáillíochtaí:
Duine cumasach le cáilíocht tríú leibhéal in ábhar gnó, le cruinneas i scríobh agus labhairt na Gaeilge nó duine le taithí phraiticiúil agus cumas i riaradh gnó nó le taithí oibre i gcúrsaí forbartha pobail atá ag teastáil. Ní mór scileanna maithe ríomhaireachta a bheith ag iarratasóirí.
An Post:
Déileáil le heagraíochtaí áitiúla pobail, tionscnamh áitiúla a spreagadh, obair thaighde agus riaracháin a dhéanamh agus plé le réimse leathan forbairtí a bhfuil baint ag an Údarás leo. Aontófar clár oibre agus beidh oiliúint bhainistíochta mar chuid dílis den chlár sin.
Beidh taisteal i gceist agus ní mór go mbeadh gluaisteán agus ceadúnas iomlán tiomána ag an duine a cheapfar. Cuirtear iarratas, mar aon le CV, roimh 4 Feabhra 2011 chuig: An Rannóg Acmhainní Daonna & Forbartha Foirne, Údarás na Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe.
Ar conradh 3 bliana (Aibreán 2011-Márta 2014)
Tá cúig thionscadal taighde faoi chúram FIONTAR faoi láthair: www.focal.ie, www.logainm.ie, www.ainm.ie, www.iate.europa.eu (na téarmaí Gaeilge) agus tionscadal téarmaí dlí bunaithe ar ionstraimí reachtúla agus foinsí eile. Oibreoidh an triúr a cheapfar i meitheal taighde idirdhisciplíneach FIONTAR.
Tá dhá fholúntas ann d'eagarthóirí taighde. Obair théarmeolaíochta is mó a bheidh i gceist ach beidh obair ar na tionscadail uile i gceist ó am go ham. Beidh freagrachtaí comhordaithe tionscadal i gceist freisin.
Tá folúntas amháin ann do Léachtóír i dTeicneolaíochtaí Teanga. Príomhchúram an phoist seo ná forbairt na réiteach teicniúil agus bainistiú na gcóras sonraí ar thionscadail taighde FIONTAR sna daonnachtaí digiteacha Gaeilge. Beidh dualgais áirithe teagaisc ar an léachtóir freisin.
Eagarthóir Taighde (dhá phost) Tuarastal: €37,750 - €38,860 - €40,003.
Léachtóir i dTeicneolaíochtaí Teanga (post amháin). Scála Tuarastail: €41,502 - €51,724.
Cuirfear fáilte roimh fhiosruithe chuig: caolfhionn.nicphaidin@dcu.ie. Spriocdháta iarratais: Dé hAoine, 11 Feabhra 2011. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó: Human Resources Department, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, Glas Naíon, Baile Átha Cliath 9.
'Sense' is ea an lom-aistriúchán ar Ciall.
Ina leabhar Sailing for Home, tá an méid seo le rá ag an scríbhneoir Theo Dorgan i leith na teanga 'the speaking of Irish forces us out of the language set of the boat. Irish has become an escape for Simon and me into a wider world.'
Sa chomhthéacs seo, airíonn an bheirt 'taistealaithe' gur Gaeltacht bheag bhídeach iad féin agus an nasc cumarsáide atá eatarthú agus go bhfuil siad tar éis briseadh amach ó lainscí cúnga mhionstáit an Oileáin. Mar aon leis sin, tugann an Ghaeilge léargas agus tuiscint nua dóibh ar an saol.
Mar chuid den chomórtas Ciall, ba mhaith leis An Ghailearaí, Co. Dhún na nGall, go ndéanfadh físealaíontóirí iniúchadh ar an cur chuige seo agus iarrtar orthu machnamh agus scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna seo chomh maith:
Tá cúig ionad roghnaithe don chomórtas, áit ar féidir le físealaíontóir a s(h)aothar físealaíne a fhágáil chun go mbaileofar é i gcomhair an chomórtais. Ia iad Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Gaillimh agus Corcaigh na hionaid atá roghnaithe. Beidh fáil ar an fhoirm chlárúcháin agus ar na sonraí uilig a bhaineann leis an chomórtas nuair a sheolfar an comórtas ar an 14 Eanáir, 2011 ar 8in sa Culture Box i mBarra an Teampaill, Báile Átha Cliath. Osclófar an taispeántas ar an 12 Márta, 2011. Is é deireadh mí Feabhra an spriocdháta.
***
Ciall translates as 'sense'.
To quote Theo Dorgan from his book 'Sailing for Home' the speaking of Irish 'forces us out of the language set of the boat. Irish has become an escape for Simon and me into a wider world.'
In this sense, together they feel they were the smallest Gaetacht in the world which took them beyond the notion of a small island nation. Furthermore, it provides them with a different way of seeing, experiencing and understanding the world.
An Gailearaí, Donegal, invites visual artists throughout Ireland to respond to the above and to consider the following:
There will be 5 national pick-up and drop-off points: Donegal, Dublin, Belfast, Galway and Cork. Application forms for submissions and venues and dates for pick up will be announced at the launch of the competition on 14th January 2011 6.00pm at The Culture Box, Temple Bar, Dublin. Submissions to be received by the end of February, exhibition launch 12th March 2010.
Ón uair a sheoladh é i mí an Mháta 2010, tháinig Gaelscéal chun cinn go tapa agus is é príomhnuachtán na Gaeilge é ar oileán na hÉireann. Tá meas mór tuillte ag Gaelscéal as ucht ardchaighdeán na scríbhneoireachta agus réimse leathan na dtuairimí, gan trácht ar an Duais Eorpach Deartha mhórluachach atá buaite aige dá leagan amach.
Ní mór dúinn anois Bainisteoir Forbartha Gnó a earcú a bhfuil arscil agus fuinneamh mór aige/aici. An dúshlán a bheidh roimh an té sin ná ciorclaíocht an nuachtáin a mhéadú agus éabhlóid gaelsceal.ie a choinneáil ar bun, láithreán atá agus a bheidh ina áit chruinnithe dhigiteach Ghaeilge uathúil.
Beidh an té a cheapfar ag tuairisciú chuig an mBord. Beidh sé/sí ag stiúradh foireann óg, nuálach agus fhuinniúil agus iad fós ag cur leis an méid daoine a léann an nuachtán agus leis an rannpháirtíocht ar líne.
An t-iarrthóír idéalach, beidh Gaeilge líofa, idir scríobh agus chaint, ar leibhéal gairmiúil aige/aici agus beidh eolas domhain aige/aici ar phobal na Gaeilge agus ar na saincheisteanna atá roimhe. Beidh fuinneamh ollmhór aige/aici chomh maith leis an uaillmhian agus fís chun Gaelscéal a fhorbairt, i gcló agus ar líne, le bheith mar phríomhfhóram do gach ábhar a bhaineann leis an teanga.
Gné ríthábhachtach den ról seo ná an branda a fhorbairt agus margaíocht a dhéanamh air d'fhonn an méadú ar líon léitheoirí an nuachtáin, i gcló agus ar líne, a bhrú chun cinn. Cé nach bunriachtanas í, ba chahair í taithí sna meáin.
Má chreideann tú go bhfuil an cumas agus an treallús agat le go n-éireoidh leat sa timpeallacht bhuacach seo, seol do CV agus eolas cúlra ábhartha chugainn ar an ríomhphost chuig patricia.nichonghaile@gaelsceal.ie.
Glacfar le hiarratais go dít 5in ar 11 Feabhra 2011.