Lón Gaeilge nó Maidin Caife | Lunch as Gaeilge or Coffee Morning?

LÓN le GAEILGE in ÁRAS INIS GLUAIRE

Dé Máirt, 15 Márta ó 12.00 meán lae go dtí 2.00 pm beidh Lón le Gaeilge – saghas ciorcal comhrá Gaeilge ag am lóin! Beidh tae agus caife ar fáil agus beidh fáilte roimh chách – is cuma más cainteoir líofa thú nó muna bhfuil agat ach cúpla focal! Tá seans anseo ag daoine rud difriúil a dhéanamh ag am lóin agus casadh le daoine agus cúpla focal a chleachtadh ag an am céanna!

From 12 noon to 2.00 p.m. on Tuesday, March 15, we will have a Lón le Gaeilge, which is a ciorcal comhrá Gaeilge during lunch break. Tae agus caife ar fáil. All levels welcome. It would be a great change of scene at lunch time for those of you working in the Belmullet area, and a great opportunity to practise your cúpla focal!

Áras Inis Gluaire        T: 097 81079             R: rosieandlisa@arasinisgluaire.ie            I: www.arasinisgluaire.ie
MAIDIN CAIFE & CÁCA MILIS agus TRÁTH na gCEIST ag an gCOISTE GAIRMOIDEACHAIS | VEC COFFEE & CAKE MORNING and TABLE QUIZ

Maidin Caife agus cáca milis ag 10.00 agus Tráth na gCeist ina dhiaidh ag 12.00 le duaiseanna go leor, ag an Ionad Oideachais d'Aosaigh, Béal an Mhuirthead, Wednesday 16th March.

Coffee and Cake morning at 10.00 followed by a Table Quiz at 12 with prizes go leor at VEC Adult Education Centre, Béal an Mhuirthead, Dé Céadaoin 16ú Márta.

Coiste Gairmoideachais Mhaigh Eo        T: 087 683 1560        R: rosariocooney@mayovec.com
LÓN GAEILGE | LUNCH AS GAEILGE:

Is deis iontach é seo do chuid Gaeilge a chleachtadh agus aithne a chur ar dhaoine eile i mBaile an Róba, i gCaisleán an Bharraigh agus i mBéal an Átha a bhfuil suim acu sa teanga.  Bígí linn le haghaidh píosa comhrá agus bia blasta.

  • Ballinrobe - Friday 4 March in Flannery's, from 1-2 | Baile an Róba - Dé hAoine, 4 Márta i Flannery's ó 1-2
  • Castlebar - Thursday 10 March in Bar One, from 1-2 | Caisleán an Bharraigh - Déardaoin, 10 Márta i Bar One ó 1-2 
  • Ballina - Thursday 31 March in Gaughan's, from 1-2 | Béal an Átha - Déardaoin, 31 Márta i Gaughan's, ó 1-2
  • This is an opportunity for you to practise your Irish and get to know other Irish speakers in Ballina, and have a bite to eat at the same time.

Oifig na Gaeilge:        T: 087 697 2922       R: gaeilge@mayococo.ie       I: http://www.mayococo.ie/ga
IS LEOR BEIRT sa LINENHALL

Tá tús curtha againn leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá faoi theideal an fheachtais Is Leor Beirt i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre. Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú - níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Cuireann beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile le spéis sa teanga ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí.

Tá grúpa againn cheanna féin i gCaisleán an Bharraigh, tagann muid le chéile gach Céadaoin san Linenhall ó 11.00-12.00. Tá míle fáilte roimh gach éinne.

***

Conradh na Gaeilge has launched the first national network of Irish-language conversation circles by the name of Is Leor Beirt, or it Takes Two,in conjunction with Irish-Language Community Schemes across the country. It is extremely easy to set up a new Is Leor Beirt conversation circle; all you need is for a small group of people to meet in a local café or in your workplace restaurant to chat together in Irish on a regular basis. A minimum of tow Irish speakers will be at each venue partaking in Conradh na Gaeilge's scheme every week or every month, and will welcome new people to the group.

A group has already been set up in Castlebar that comes together every Wednesday in the Linenhall, Castlebnar from 11.00-12.00

Conradh na Gaeilge        T: 094 9022 444           R: eolas@conradhmhaigheo.ie            Is Leor Beirt
CÚPLA FOCAL agus CUPÁN TAE i gCOILLTE MACH | KILTIMAGH

Is deis mhaith í seo chun do chuid Gaeilge a úsáid agus a chleachtadh, agus chun aithne a chur ar dhaoine eile a labhraíonn Gaeilge. Is cúma cén sórt caighdeáin Gaeilge atá agat, cuirfear fáilte romhat chuig Kiltimagh CDP Dé Máirt an 8ú Márta @11!

caife2

An opportunity to dust off your cúpla focal and perhaps even learn cúpla focal eile, in Kiltimagh CDP Tuesday, 8 March @ 11. Everyone is welcome, regardless of what level of Irish they may have.

Kiltimagh CDP        T: 094 938 1494            R: ritahopkins2@eircom.net | gaeilge@mayococo.ie           I: www.mayococo.ie/ga