Tá Bainisteoir á lorg ag Comharchumann Ionad Deirbhile Teo. chun dul i mbun cúraimí forbartha i gceantar feidhme an chomharchumainn. Beidh an té a cheapfar fostaithe ag Comharchumann Ionad Deirbhile Teo agus lonnaithe in oifigí an chomharchumainn ar an Eachléim i gCo. Mhaigh Eo.
An Post:
• Riaradh a dhéanamh ar an gComharchumann
• Dul i gcomhairle leis na scairshealbhóirí maidir le forbairt an togra
• Plean forbartha an Chomharchumainn a fheidhmiú
• Déileáil le heagraíochtaí áitiúla pobail
• Tionscnaimh áitiúla a spreagadh agus a bhainistiú
• Plé le forbairtí atá ar siúl sa cheantar
• Bainistiú a dhéanamh ar thograí an chomhlachta
• Tá cur chun cinn agus forbairt na Gaeilge lárnach i bhforbairtí an Chomharchumainn
Cáilíochtaí:
Duine le taithí phraiticiúil agus cumas i riaradh gnó nó le taithí mhargaíochta atá ag teastáil. Bheadh cáilíocht tríú leibhéal in ábhar gnó ina bhuntáiste.
Ní foláir go mbeadh ar chumas an té a cheapfar dualgais an phoist a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge.
Ní mór go mbeadh scileanna eagrúcháin, cumarsáide, idirphearsanta agus ríomhaireachta ag an té seo freisin.
Seoltar iarratais mar aon le CV roimh 4 Márta 2011 chuig:
An Bainisteoir Forbartha Pobail
Údarás na Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
Guthán: 091 503100
Facs: 091 503101
Ríomhphost: eolas@udaras.ie
Ar mhaith leat múineadh i Scoil Eorpach?
Iarann an Roinn Oideahcais agus Scileanna iarratais ó mhúinteoirí bunscoile agus iarbhunscoile a bhfuil cáilíochtaí acu do phoist sna Scoileanna Eorpacha ag tosú 1 Meán Fómhair 2011.
Na Scoileanna Eorpacha - Iasacht Bhunmhúinteoirí (Foirm Iarratais)
Na Scoileanna Eorpacha - Iasacht Mheánmhúinteoirí (Foirm Iarratais)
Caithfidh na foirmeacha a bheith istigh faoi 5i.n. Dé hAoine, 11 Márta 2011.
A number of Irish teachers at primary and post-primary levels are seconded to work in the schools and the schools are inspected by a Board of Inspectors to which Ireland nominates two inspectors from the Department of Education and Skills. The Irish teachers work in the Aglophone sections of the schools and undertake their teaching duties through the medium of English. Irish is available as a subject to Irish students and some Irish teacher also teach this option.
Primary (Application Form)
Seconday (Application Form)
Completed forms must be submitted by 5pm Friday, 11 March 2011.
Tá an t-uafás deiseann ar fáil d'éinne gur spéis leo tabhairt faoi chlár a chur i láthair ar Claremorris Community Radio. Táthar ag iarraidh cláracha Gaeilge ar na hábhair a leanas a léiriú ar Claremorris Community Radio - cúrsaí reatha, spórt, nuacht, dráma agus ceol. Má shíleann tú go ndéanfá láithreoir den scoth agus más spéis leat bheith páirteach i gcraoltóireacht Ghaeilge téigh i dteagmháil linn. Cuirfear gach traenáil ar fáil.
***
We are looking for people who are comfortable speaking Irish. The openings are very broad as current affairs, sport, news, drama and indeed music programmes need to be produced in Irish as well as in English. The right persons will also receive multimedia training in the radio station to allow them to maximise their potential and empower them to make programmes of any kind.
Cuireann an nuachtán Gaeilge Foinse fáilte roimh iarratais ó dhaoine a mbeadh spéis acu sa phost chun dul i mbun cúramaí mar Iriseoir Táirgthe leis an nuachtán Gaeilge seachtainiúil. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in oifigí Foinse in Indreabhán i gCo. na Gaillimhe
Príomh-Fhreagrachtaí:
• A bheith freagrach as leagan amach na leathanach chomh mhaith le bheith bainteach le dearadh fógraí agus le hullmhú PDFanna
• A chinntiú go ndéantar an nuachtán a tháirgeadh chuig na caighdeáin luais agus cruinnis a éilítear chomh maith le hoibriú i dtreo sprioc-amanna
• A bheith freagrach as fo-eagarthóireacht a dhéanamh ar ábhar agus athscríobh a dhéanamh nuair is gá, profléamh a dhéanamh agus leathanaigh a shocrú in Quark.
Critéir Riachtanacha:
• Sárchumas sa Ghaeilge, chomh maith le sáreolas ar ghramadach agus ar litriú na Gaeilge
• Ardscileanna ríomhaireachta
• Ábaltacht oibriú faoi sprioc-amanna diana
• Cuirfear oiliúint ar Quark agus Photoshop ar fáil
Seol litir chumhdaigh, CV agus teistiméireachtaí chuig Earcaíocht ag nuacht@foinse.ie nó tríd an bpost chuig:
Earcaíocht
Foinse
An Caisleán
Indreabhán
Co. na Gaillimhe
Is é an data deireanach a nglacfar le hiarratais ná roimh an 10 Márta 2011.
***
Foinse welcomes application from individuals who would be interested in this Production Journalist position with the weekly Irish language newspaper. The successful applicant will be based in the Foinse offices in Indreabhán Co. Galway.
Key Responsibilities:
• Responsible for page layout, design, picture production and preparing PDFs
• Ensuring the newspaper is produced to the standards of speed and accuracy required, while operating to deadlines and to style requirements
• Responsible for sub-editing copy and re-writing where necessary, proofing and sub-editing material for websites
Essential Criteria:
• Excellent command of the Irish language including spelling and
• grammar
• Computer literate
• The ability to work under strict deadlines
• Quark and Photoshop training will be provided
Please forward Cover letter, CV and References to Recruitment at nuacht@foinse.ie or post to:
Recruitment
Foinse
An Caisleán
Co. na Gaillimhe
The closing date for receipt of completed applications is 10th March 2011.
'Sense' is ea an lom-aistriúchán ar Ciall.
Ina leabhar Sailing for Home, tá an méid seo le rá ag an scríbhneoir Theo Dorgan i leith na teanga 'the speaking of Irish forces us out of the language set of the boat. Irish has become an escape for Simon and me into a wider world.'
Sa chomhthéacs seo, airíonn an bheirt 'taistealaithe' gur Gaeltacht bheag bhídeach iad féin agus an nasc cumarsáide atá eatarthú agus go bhfuil siad tar éis briseadh amach ó lainscí cúnga mhionstáit an Oileáin. Mar aon leis sin, tugann an Ghaeilge léargas agus tuiscint nua dóibh ar an saol.
Mar chuid den chomórtas Ciall, ba mhaith leis An Ghailearaí, Co. Dhún na nGall, go ndéanfadh físealaíontóirí iniúchadh ar an cur chuige seo agus iarrtar orthu machnamh agus scrúdú a dhéanamh ar na ceisteanna seo chomh maith:
Tá cúig ionad roghnaithe don chomórtas, áit ar féidir le físealaíontóir a s(h)aothar físealaíne a fhágáil chun go mbaileofar é i gcomhair an chomórtais. Ia iad Dún na nGall, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Gaillimh agus Corcaigh na hionaid atá roghnaithe. Beidh fáil ar an fhoirm chlárúcháin agus ar na sonraí uilig a bhaineann leis an chomórtas nuair a sheolfar an comórtas ar an 14 Eanáir, 2011 ar 8in sa Culture Box i mBarra an Teampaill, Báile Átha Cliath. Osclófar an taispeántas ar an 12 Márta, 2011. Is é deireadh mí Feabhra an spriocdháta.
***
Ciall translates as 'sense'.
To quote Theo Dorgan from his book 'Sailing for Home' the speaking of Irish 'forces us out of the language set of the boat. Irish has become an escape for Simon and me into a wider world.'
In this sense, together they feel they were the smallest Gaetacht in the world which took them beyond the notion of a small island nation. Furthermore, it provides them with a different way of seeing, experiencing and understanding the world.
An Gailearaí, Donegal, invites visual artists throughout Ireland to respond to the above and to consider the following:
There will be 5 national pick-up and drop-off points: Donegal, Dublin, Belfast, Galway and Cork. Application forms for submissions and venues and dates for pick up will be announced at the launch of the competition on 14th January 2011 6.00pm at The Culture Box, Temple Bar, Dublin. Submissions to be received by the end of February, exhibition launch 12th March 2010.
Cuireann Breacadh ábhar foghlama trí Ghaeilge ar fáil d'fhoghlaimeoirí fásta ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad. Beidh áiseanna éagsúla á gcoimisiúnú ag Breacadh i 2011, sna trí mhórchanúintí Gaeilge, dírithe ar scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta an chainteora dhúchais Gaeilge a chur chun cinn.
Chuige sin, cuirfear painéal daoine le chéíle a bhfuil spéis acu sna réimsí thíos.
Cuirtear léirithe spéise, mar aon le CV, faoin 9 Márta, chuig: An Comhordaitheoir, BREACADH, Casla, Co. na Gaillimhe.
D'fhéadfaí tuilleadh ceapachán a dhéanamh ón chomórtas seo má thárlaíonn sé go mbíonn poist fholmha i Státseirbhís Thuaisceart Éireann a mbíonn dualgais agus freagrachtaí comhchosúla acu.
Le foirm iarratais a fháil, mar aon le heolas níos mine, lena n-áirítear dualgais agus freagrachtaí an phoist, agus na critéir a úsáidfear le linn an phróisis earcaíochta agus roghnúcháin, téigh i dteagmháil le:
HRConnect, PO Box 1089, The Metro Building, 6-9 Donegall Square South, Béal Feirste, BT1 9EW. Guthán: 0800 1 300 330, Ríomphost: recruitment@hrconnect.nigov.net.
Moltar d'iarratasóirí iarratas a chur isteach ar líne ag an seoladh seo a leanas: www.nicsrecruitment.gov.uk. Ní mór d'ainm, do sheoladh agus an uimhir thagartha IRC73333, a bheith san áireamh le gach iarratas. Caithfear foirmeacha iarratasi comhlánaithe a sheoladh ar ais tráth nach déanaí ná 12.00 nóin De hAoine 11ú Márta 2011.