Scéalta Eile | Other Stories

AN PRÓISEAS ROGHNÚCHÁIN IONADAITHE POBAIL DO CHOISTE MONATÓIREACHTA TIONSCADAL GHÁS na COIRIBE | SELECTION PROCESS FOR COMMUNITY REPRESENTATION ON THE PROJECT MONITORING COMMITTEE FOR THE CORRIBE GAS PROJECT
(english version below)

De réir Choinníoll 14 de Chinneadh 16.GA0004 an Bhoird Pleanála, ní mór Coiste Monatóireachta Tionscadail (CMT) a chur ar bun sula gcuirfear tús leis an bhforbairt. Ní mór don CMT cuireadh a thabhairt do cheathrar toscairí ó phobal áitiúil Pharóiste Chill Chomáin a bheith ina mball den Choiste de réir na nósanna imeachta beartaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Is trí phróiseas roghnaithe toscairí pobail an Fhóraim Pobail a rognófar na hionadaithe pobail. Beidh an próiseas seo faoi stiúr na Stiúrthóireachta um Fhorbairt Chomhtháite & Pobail de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

Beidh gach uile grúpa pobail i gceantar Pharóiste Chill Chomáin atá cláraithe le Fóram Pobail Chontae Mhaigh Eo, mar aon le haon ghrúpaí nach bhfuil cláraithe faoi láthair ach a chláraíonn faoin Déardaoin, 3 Márta 2011, beidh siad uile i dteideal páirt a ghlacadh sa phróiseas roghnúcháin.

Seolfar páipéir ainmniúcháin chuig na grúpaí ar fad atá cláraithe faoin Déardaoin 3 Márta, agus iarrfar orthu duine amháin a ainmniú roimh 4pm ar an Máirt, 15 Márta. Eiseofar páipéar ballóide ina dhiaidh sin do gach grúpa incháilithe pobail, agus ní mór na páipéir seo a chur ar ais sa phost agus a bheith faighte ag John Coll, Ceann Comhairimh agus Stiúrthóir Forbartha Comhtháite & Pobail, faoin Máirt, 29 Márta 2011.

Más mian le grúpa ar bith clárú le Fóram Pobail Chontae Mhaigh Eo, tá foirmeacha iarratais ar fáil ó Mary Wrafter, Fóram Pobail Chontae Mhaigh Eo, ach ríomhphost a sheoladh chuici ag mwrafter@mayococo.ie nó glaoch a chur ar 094-9047545.  Is féidir an fhoirm iarratais a íoslódáil ó rannóg Fhóram Pobail Chontae Mhaigh Eo den suíomh idirlín www.mayocdb.ie chomh maith.

 ***

Condition 14 of the An Bord Pleanála Decision 16.GA0004 requires the establishment of a Project Monitoring Committee (PMC) prior to the commencement of development. The PMC is required to extend an invitation to four representatives of the local community from Kilcommon Parish to serve on the Committee in accordance with procedures determined by Mayo County Council.

The four community representatives shall be selected through the Community Forum selection process for community representation. This process shall be facilitated by Mayo County Council’s Community & Integrated Development Directorate.

All community groups in the Kilcommon Parish area that are currently registered with Mayo County Community Forum and any existing un-registered community groups that register by Thursday 3rd March 2011 will be eligible to participate in the selection process.

All groups registered on Thursday 3rd March will be sent nomination papers and will be invited to nominate one candidate before 4pm on Tuesday 15th March. A ballot paper will then be issued to each eligible community group and must be returned by post to reach the Returning Officer, John Coll, Director of Community & Integrated Development by Tuesday 29th March 2011.

Any un-registered groups wishing to register with Mayo County Community Forum may request a registration form by email from mwrafter@mayococo.ie or by telephoning Mary Wrafter, Mayo County Community Forum on 094-9047545 or by downloading a form from the County Community Forum section of www.mayocdb.ie


DÉANTA IN ÉIRINN - AONACH CEARDAÍOCHTA | CRAFT FAIR

Mar chuid d'imeachtaí Sheachtain na Gaeilge beidh Aonach Ealaíon agus Ceardaíochta ar siúl in Áras Inis Gluaire ar an Déardaoin 17ú Márta.  Beidh an t-aonach ar siúl ó 11.00am go dtí tús na paráide (timpeall 3.00pm) agus arís ar an Aoine, 18 Márta, ó 10.00am go dtí 5.00pm. Beidh cnuasach ealaíon agus ceardaíochta de gach saghas ar díol: seodra, cártaí, éadaí, grianghraif, earaí cniotáilte agus rudaí eile nach iad. B’fhéidir gur deis mhaith í seo bronntanas a fháil le haghaidh Lá na Máthar.

And for all the family, on St. Patrick’s Day (March 17), we will be holding a Déanta in Éirinn arts and craft fair, which will run from 11.00 a.m. until the parade starts in town (approx 3.00 p.m.). The fair will also run from 10.00 a.m. until 5.00 p.m. the following day – on Friday, March 18. With all kinds of arts and crafts on sale - including greetings cards, jewellery, clothes, photography, knitwear – it’s the perfect opportunity to buy something for upcoming Mothers' Day!

Áras Inis Gluaire          T: 097 81079           R: l.padden@arasinisgluaire.ie            I: www.arasinisgluaire.ie
FÉILE LOVE: LIVE MUSIC 2011
(english version below)

Féile náisiúnta is ea an Love:live music a dhéanann ceiliúradh ar an gceol beo sa tír seo. Beidh an fhéile ar siúl ar an 8 Aibreáin, 2011. Iarrtar ar eagrais ceoil, bannaí ceoil, ceolfhoireann, ceoltóirí, srl, imeacht ceoil a eagrú ar an lá, is cuma cé chomh mór nó beag. Má tá spéis agat a bheith páírteach nó má tá tuilleadh eolais faoin bhféile de dhíth, téígh i dteagmháil le Aisling Ryan ag 01 6719429 nó info@lovelivemusic.ie

***

Following a successful inaugural year Music Network are preparing to coordinate a second love:live music. Friday 08 April 2011 is the date for the 2011 event and we hope that many of you will participate in what is an extraordinary celebration of music in Ireland. So, put the date straight into your diary and keep an eye on the website for more information.

LOVE: LIVE MUSIC 2011           T: 01 671 9429           R: info@lovelivemusic.ie
NUACHT na nÓG - TABHAIR BUNTÁISTE DON DALTA | GIVE STUDENTS AN ADVANTAGE
(english version below)

Is forlíonadh speisialta seachtainiúil é Nuacht na nÓg. Tá ábhar faoi leith ann atá dírithe ar dhaltaí scoile, go háirithe i dtaca le teagasc na Gaeilge sa seomra ranga. Is féidir an t-ábhar a úsáid sa seomra ranga chun cluastuiscint a chur chun cinn, stór focail a mhéadú, díospóireacht a chothú agus tuiscint ghinearálta a fheabhsú.

Tá raon leathan d'ábhar cúltaca ar fáil chomh maith ar ár suíomh. Tá ábhar ar fáil don rang OSPS agus OSSP. Sheol muid trí chóip saor in aisce chuig gach scoil in Éirinn. Ba bhreá linn bhur dtuairimí agus moltaí faoi agus tiocfaidh muid ar ais chugaibh arís maidir le síntiúis a ghlacadh más spéis libh sin.

Ar €69 is féidir trí chóip a fháil agus 42c an ceann ina dhiaidh sin, gach seachtain ar feadh na scoilbhliana. Tá lascaine speisialta againn freisin i gcóir ordaithe móra. Is féidir breathnú ar an leagan digiteach don pháipéar air ár suíomh.

***

Nuacht na nÓg is a weekly educational supplement to the Irish language national newspaper Gaelscéal. It is focused on second level students, and in particular on the teaching of Irish. Nuacht na nÓg is a fantastic resource in the class room - its contents can be used to aid aural comprehension, increase vocabulary, develop debates and increase general understanding.

In addition to this, there is a wide range of supplementary educational material available on our website for the SPHE, CSPE class through Irish. We welcome your opinions and recommendations.

For €69.00 we can offer you three free copies of the paper and 42c a copy for every copy after for every week of the school year until the end of 2011. We can provide a special discount for large orders. You can view the digital version of our paper on our website.

Gaelscéal           T: 091 897766              R: eolas@gaelsceal.ie           I: www.gaelsceal.ie
OIDEACHAS CEOIL na hÉIREANN | IRISH MUSIC EDUCATION
(english version below)

Is acmhainn nua nuálaíoch é Oideachas Ceoil na hÉireann (www.irishmusiceducation.ie) don phobal oideachais cheoil in Éirinn.  Bunaíodh an suíomh chun snáitheanna éagsúla an oideachais ceoil in Éirinn a nascadh, malartú smaointe, eolais, acmhainní agus saineolais a chothú agus a bheith mar acmhainn sholúbtha atá in ann freagairt do riachtanais thacaíochta taighde agus cleachtais atá ag teacht chun cinn in oideachas ceoil.

Trí réimse leathan gníomhaíochtaí cosúil leis an suíomh Gréasáin idirghníomhach, na príomh-ailt mhíosúla, an grúpa cleachtais, an grúpa léitheoireachta, an chomhdháil toncheartaithe agus an tionscadal mapála ceoil, tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo na gnéithe éagsúla a bhaineann le hoideachas ceoil a nascadh.

***

Irish Music Education (www.irishmusiceducation.ie) is an innovative new resource for the music education community in Ireland that has been set up to connect the diverse strands of music education in Ireland, foster the exchange of ideas, knowledge, resources and expertise and be a flexible resource that can respond to the emerging support needs of research and practice in music education.

Through wide ranging activities such as the interactive website, monthly lead articles, practice group,  reading group, voicing conference and mapping music project, this initiative aims to connect the diverse aspects of music education.

Oideachas Ceoil na hÉireann         R: irishmusiceducation@gmail.com           I: www.irishmusiceducation.ie
POINTE TEAGMHÁLA CULTÚRTHA 2011 | CULTURAL CONTACT POINT 2011

Ba mhian leis an bPoitne Teagmhála Cultútha, Éire, cloisteáil faoi imeachtaí, seimineáir, nó comhdhálacha ar bith atá beartaithe ag eagraíochtaí le haghaidh 2011 a bhfuil raon idirnáisiúnta acu agus a bhainfeadh tairbhe as comhairle ón bPointe Teagmhála Cultúrtha.

The Cultural Contact Point, Ireland would like to hear of any events, seminars, conferences that organisations have planned for 2011 that have an international remit and might benefit from the input of the CCP.

An Chomhairle Ealaíon           T: 01 618 0200            R: ccp@artscouncil.ie         I: www.artscouncil.ie
BLIAIN EORPACH na hOIBRE DEONAÍ 2011 | EUROPEAN YEAR OF VOLUNTEERING 2011
(english version below)

"Má tá toradh le bheith ar ár gcuid mianta maidir le domhan níos fearr agus níos sábháilte a thógáil, teastóidh cúnamh na n-oibrithe deonacha uainn níos mó ná mar a theastaigh riamh," a dúirt Kofi Annan. Is leis an intinn sin a thugann 100 milliún duine as an Eoraip a gcuid ama agus a gcuid saineolais chun cabhrú le daoine a dteastaíonn cabhair uathu, agus a dhéanann obair sna pobail ina bhfuil cónaí orthu. Is iomaí bealach a bhíonn ag daoine le difríocht a dhéanamh sa saol. Chun aird a tharraingt ar na hiarrachtaí sin agus tuilleadh saoránach a spreagadh le bheith rannpháirteach, chuir an Coimisiún Eorpach tús le Bliain Eoprach na hOibre Deonaí 2011.

"If our hopes of building a better and safer world are to become more than wishful thinking, we will need the engagement of volunteers more than ever," Kofi Annan said. It is in this spirit that 100 million Europeans dedicate their time and expertise to help those in need and give back to their communities. There are thousands of ways people make a difference. To highlight these efforts and encourage more citizens to join in, the European Commission kicked off the 2011 European Year of Volunteering.

An Coimisiún Eorpach             I: http://europa.eu/volunteering/
LACÁISTE SPEISIALTA AR FÁIL DO DVD CRÉ na CILLE | CRÉ na CILLE DVD AVAILABLE AT A SPECIAL DISCOUNTED RATE
(english version below)

Beidh lacáiste speisialta ar fáíl do DVD Cré na Cille mar cheiliúradh ar Seachtain na Gaeilge.

Tá an DVD ar fáil le rogha gan fotheidil nó le fotheideal i nGaeilge, Béarla, Fraincís, Spáinís, Gearmáinís agus Sínis, agus insíonn sé an scéal faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile. Coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.

Stiúrtha ag Robert Quinn agus léirithe ag Ciarán Ó Cofaigh do ROSG, comhlacht léirithe scannáin is teilifíse, insíonn sé an scéal faoin éad is faoin bhfuath atá ag beirt deirfiúracha dá chéile. Coimhlint a théann in olcas le haois, agus a leantar de fiú san athshaol.

Tá formáid an DVD déanta do PAL agus NTSC, mar sin tá sé oiriúnach do chuile tír/réigiúin. Tá liosta de na suíomhanna agus siopaí ina bhfuil sé ar fáil anseo www.ROSG.ie agus beidh an lacáiste de 20% ar fáil ó na díoltóirí ar fad. Bheimis buíoch dá bhféadfá seo a scaipeadh.

***

In celebration of Seachtain na Gaeilge, the DVD of Cré na Cille will be available at a special discounted rate. The DVD, which has the option of no subtitles or subtitiles in Irish, English, French, Spanish, German and Chinese, is now available to buy from selected retailers and websites.

Directed by Robert Quinn and produced by Ciarán Ó Cofaigh for ROSG, a Conamara based film and television production company, Cré na Cille (Graveyard Clay) is a darkly-humorous tale of an intense jealousy and hatred between two sisters which worsens with age and continues into the afterlife.

The DVD is formatte for PAL and NTSC Regions so is suitable for playing in all countries/regions. The list of retailers is available on www.ROSG.ie and the special discount of 20% will be available from all retailers.

ROSG           I: www.ROSG.ie
SCÉIM CHÓNAITHE  CHOLÁISTE na hOLLSCOILE BHAILE ÁTHA CLIATH 2011-2012 | UCD IRISH LANGUAGE STUDENT RESIDENCE SCHEME

Scoláireachtaí ar fáil do 24 mac léinn don bhliain 2011-2012. Comórtas oscailte do mhic léinn as gach cúrsa de chuid na hOllscoile. Foirm iarratais ar fáil ar www.ucd.ie/bnag.

29 Aibreán an dáta deiridh d'iarratais.

Bronnfar scoláireachtaí ar fiú 40% den chíos iad, ar iarrthóirí a bhfuil ríspéis acu i gcur chun cinn na teanga agus a chruthaíonn cumas láidir gníomhaíochta.

***

Bord na Gaeilge offers scholarships to 24 students who are fluent Irish speakers and who have the desire and abiltiy to initiate projects which promote the use of the language. This residential scheme is open to students pursuing all UCD course and successful candidates will reside in 'Teach na Gaeilge' on campus.

Candidates are chosen on the basis of application form and interview. The application form is available at www.ucd.ie/bnag and the closing date for applications is 29 April.

Teach na Gaeilge UCD           T: 01 716 7387         R: oifigeach.gaeilge@ucd.ie           I: www.ucd.ie/bnag