Cuirtear na deontais seo ar fáíl do ghrúpaí nó d'eagraíochtaí lonnaithe i Maigh Eo, a bhíonn ag lorg cúnaimh i dtreo imeachtaí nó ócáidí a reachtáil a spreagann spéis sna healaíona i measc an phobail, a chuireann eolas ar agus tuiscint do na healaíona chun cinn, nó a ardaíonnn caighdeán na nEalaíon sa chontae. Bronntar Deontais Ealaíon ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair a réitíonn le beartais na Comhairle i leith fhorbairt na nEalaíon sa Chontae.
17ú Meitheamh 2011
Is é €5,000 an t-uasmhéid a bronnadh go dtí seo, is é €150 an t-íosmhéid
Tá foirmeacha iarratais, maille le treoracha agus critéir iomlána iarratais le fáil ón Oifig Ealaíon.
Foirm Iarratais - Deontais faoin Acht Ealaíon (Word - 53KB) (Dátheangach)
Treoracha - Deontais faoin Acht Ealaíon (Word - 40.5KB) (Dátheangach)
***
For Mayo based groups/organisations seeking assistance with activities/events which stimulate public interest in the arts, promote knowledge, appreciation and practice of the arts, or assist in improving standards of the Arts in the County. Arts Grants are awarded to groups and individuals who satisfy the policies of the Council in relation to the development of the Arts in the County.
Deadline:
end May/beginning June
2011 - June 17th
Maximum amount awarded:
Maximum awarded to date is €5,000, minimum amount awarded €150
Application procedure:
Application forms and full application guidelines and criteria from the Arts Office.
An chéad spriocdháta i gcomhair na nDámhachtainí Sparánachta - 5.30 i.n., Déardaoin, an 14 Iúil 2011
Tá na dámhachtainí seo a leanas le fáil:
• Dámhachtain Sparánachta Damhsa
• Dámhachtain Sparánachta Litríochta
• Dámhachtain Sparánachta Ceoldrámaíochta
• Dámhachtain Sparánachta Sráidealaíon agus Seónna
• Dámhachtain Sparánachta na bhFísealaíon
• Dámhachtain Sparánachta do Dhaoine Óga, Leanaí agus Oideachas
Tugann an Chomhairle Ealaíon Dámhachtainí Sparánachta chun cabhrú le healaíontóirí aonair a gcleachtas ealaíne a fhorbairt. Dírítear leis an dámhachtain ar an luach agus an tairbhe a bhaineann ealaíontóir as síneadh a chur lena thréimhse i mbun cleachtaidh.
Tugtar faoi deara le do thoil
Ní ghlacfar le hiarratais ach ar shuíomh Gréasáin na seirbhísí ar líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras seo roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.
***
The following awards are available:
The Arts Council provides Bursary Awards in order to assist individual artists in the development of their arts practice. The award emphasises the value and benefit to an artist’s development that is derived from an extended process of engagement with their practice.
Please noteApplications will only be accepted through the Arts Council’s online services website. Applicants who have not previously used this system must register in advance of making an application. It is recommended that applicants allow five days for registration prior to making an application.
Tá Foras na Gaeilge ag glacadh le hiarratais do na scéimeanna seo a leanas:
Tá Fiontar Chomhraic Teo. ag fáiltiú roimh iarratais le haghaidh maoiniú. Tá infheistíocht de €3.00m curtha ar fáil ag an mBSL le haghaidh Ciste Fhiontar Chomhraic Teo., i ndiaidh dúnadh Stáisiún Cumhachta Bhéal Átha Chomhraic i 2005. Is í an phríomhaidhm atá ag an gCiste ná cruthú deiseanna fostaíochta i Maigh Eo Thuaidh.
Déanfaidh Cuideachta neamhspleách “Fiontar Chomhraic Teo.” a bhunaíodh i 2009 bainistiú ar an gCiste. Níl ach líon teoranta airgid ar fáil chun fiontar príobháideach agus cruthú poist a chur chun cinn, agus táthar ag fáiltiú roimh iarratais ó eagraíochtaí phobail-bhunaithe, gnóthaí príobháideacha, comhpháirtíochtaí agus daoine aonair atá bunaithe sa cheantar atá léirithe ar an léarscáil thuas, le haghaigh tionscadail a dtabharfaidís faoi san am atá le teacht.
Má tá iarratais déanta cheana féin ag iarratasóirí chuig gníomhaireachtaí maoinithe cuí ar nós Cuideachtaí LEADER, Comhlacht Forbartha Áitiúil Comhtháite Mhaigh Eo, Fiontraíocht Éireann, Bord Fiontar Chontae Mhaigh Eo, agus Údarás na Gaeltachta. Is féidir deontais Fhiontar Chomhraic Teo. a úsáid mar mhaoiniú comhoiriúnaithe leis na bhfoinsí chistiú thuas-luaite.
***
Fiontar Chomhraic Teo. invitation for proposals. Following on from the closure of the Bellacorick Power Station in 2005, the Electricity Supply Board has provided investment of €3.00m for the Fiontar Chomhraic Teo. Fund. The principal objective of the Fund is the creation of new employment opportunities for North Mayo.
The Fund will be managed by an independent Company, “Fiontar Chomhraic Teo.” established in 2009. The Company has a limited amount of funding available for the purpose of promoting enterprise and job creation and is seeking applications from community-based organisations, private companies, partnerships and individuals in the area outlined on the above map, for projects to be undertaken in the near future.
Applicants will be required to show if they have already made applications to other appropriate funding agencies such as LEADER Companies, Mayo Integrated Local Development Company, Enterprise Ireland, Mayo County Enterprise Board and Údarás na Gaeltachta. “Fiontar Chomhraic Teo.” Fund grants can be used as matched funding for any of the above funding sources.
The Fund will focus on supporting;
Critéir do Thograí
Foirm Iarratais - Grúpaí Pobail & Deonacha
Foirm Iarratais - Tograí Fiontair Bheaga
Iarratas ar Dheontas Staidéir
Treoirlínte - Deontais Chaipitil & Fostaíochta
Treoirlínte - Plean Gnó a Réitiú
Meabhrúchán: Is é an chéad spriocdháta eile do scéim Deis 2011 ná 5.30 i.n., Déardaoin an 9 Meitheamh
Tá sé mar aidhm ag Deis lucht na n-ealaíon traidisiúnta a spreagadh chun maoiniú tionscadail a lorg ón gComhairle Ealaíon le haghaidh réimse tionscadal nach n-oireann a gcuid tograí go rómhaith do na cláir mhaoinithe eile atá á dtairiscint ag an gComhairle Ealaíon. Glactar le tograí ó gach réimse de na healaíona traidisiúnta (ceol, amhránaíocht agus rince traidisiúnta agus na healaíona béil, cosúil leis an scéalaíocht agus an t-agallamh beirte). Is scéim leanúnach í Deis. Gach eolais faoin scéim agus faoi chriteár na scéime le fáil ag an sonraí teagmhála thíosluaite.
Tabharfar tús áite do thionscadail lena léirítear:
• aird ar chaighdeán ealaíonta
• nuálaíocht
• tairbhe shuntasach do phobal na n-ealaíon traidisiúnta
Na dátaí deiridh don tréimhse Aibreán - Nollaig 2011
Spriocdháta de réir sceidealaithe gníomhaíochta
• 9 Meitheamh 2011: Má tá do ghníomhaíocht le tosú idir an 11 Iúil agus an 21 Deireadh Fómhair 2011 ag 5.30 i.n.
• 9 Meán Fómhair 2011: Má tá do ghníomhaíocht le tosú tar éis an 21 Deireadh Fómhair 2011 ag 530 i.n.
Tá Deis oscailte do dhaoine aonair, do ghrúpaí, do bhannaí agus d'eagraíochtaí.
Cuirtear fáilte roimh iarratais ar thionscadail a bhaineann le gníomhaíochtaí a thugann faoi éagsúlacht chultúrtha.
Is í an dámhachtain is airde atá ar fáil ná €20,000.
Tuilleadh faisnéise
• Le tuilleadh faisnéise agus treoirlínte a fháil faoin dámhachtain seo cliceáil anseo.
• Déan teagmháil le hEimear Harte ag +353 1 619 7807 nó seol ríomhphost chuig eimear.harte@artscouncil.ie
Tugtar faoi deara le do thoil
Ní mór d’iarratasóirí nár bhain úsáid as an gcóras seo roimhe seo clárú roimh iarratas a dhéanamh. Moltar d’iarratasóirí cúig lá a fhágáil le haghaidh cláraithe roimh iarratas a dhéanamh.
***
Deis is a scheme established under the Arts Councils Traditional Arts Initiative, 2005-2008. Deis is a proposal-based scheme which is aimed at encouraging and facilitating the traditional arts community to seek funding from the Arts Council for a range of projects. Proposals are accepted from all areas in the traditional arts (traditional music, song, dance, and oral artforms such as storytelling and agallamh beirte). Projects funded to date have included those with an emphasis on archival material, audience development, transmission, production and performance, professional development, programming and research.
Bronnann Cultúr Éireann maoiniú ar eagraíochtaí ealaíona nó ealaíontóirí chun sár-imeachtaí cultúrtha na hÉireann a chur ar siúl thar lear. Breithnítear tograí le haghaidh ócáidí (m.sh. léiriúcháin, taispeántais, léachtaí), ócáidí nach mbíonn an eagraíocht ná an léiriúchán féin in ann na costais ina leith a íoc.
Foirmeacha & Tuilleadh eolais:
***
Culture Ireland's principal funding scheme is designed to support the presentation and promotion of Irish arts internationally. Culture Ireland also operates "See Here" a scheme to support Irish Artists and arts organisations to invite international programmers, presenters, curators, promoters or critics to see new Irish work with a view to subsequent international presentation. Applications under this scheme are accepted on an ongoing basis.
Applicants are advised to read the guidelines and ensure that application is submitted by the deadline.
Applications should be submitted using the online form below but if you are experiencing difficulty with the online process, a copy of the form in Microsoft Word is available here.
Application Forms & Further Information
Is é aidhm na scéime ná deiseanna a chruthú do cheoltóirí agus do bhuíon ceoil ionas go mbeidh sé ar a gcumas dul ar chamchuairt nó sraith cheolchoirmeacha a reachtáil. Is é cuspóir na scéime ná deis a thabhairt do cheoltóirí a saothar a léiriú do lucht féachana. Tá an scéim á reachtáil i gcomhair leis an gComhairle Ealaíon.
Spriocdháta - Dé Luain 13 Meitheamh 2011
With funding from the Arts Council, the Performance and Touring Award was developed by Music Network, the national music development organisation, to assist Irish and Ireland-based musicians in realising performance opportunities. The Performance and Touring Award is open to musicians and ensembles of all genres that are of Irish nationality or resident in Ireland.
The final application deadline for the Performance and Touring Award will be Monday 13th June 2011.
Arna feidhmiú ag Create, an ghníomhaireacht forbartha i gcomhair na n-ealaíon comhpháirteach. Tugann Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal maoiniú chun tacaíocht a thabhairt dealaíontóirí agus pobail atá ag obair lena chéile le tionscadal agus/nó ócáid ealaíonta a bhaint amach.
Tá dhá chéim sa scéim seo:
Tá Céim a hAon oscailte d’ealaíontóirí gur mian leo taighde agus forbairt a dhéanamh ar thionscadal i gcomhthéacs pobail. Is é an t-uasmhéid ama a cheadófar ná trí mhí. Is é an t-uasmhéid a thugtar i gCéim a hAon ná €1,000. Tá gá le litir tacaíochta ón bpobal ina mbeidh an tionscadal ar bun in iarratais do Chéim a hAon.
Tá céim a dó ar oscailt do phobail/áiteanna leasmhara agus/nó a gcuid eagraíochtaí ionadaíocha. Tá dhá leibhéal dámhachtain ar fáil i gCéim a Dó: uasluach na dámhachtana de €5,000 do thionscadal a mhairfidh ó 6 seachtaine go 5 mhí, agus uasluach na dámhachtana de €10,000 do thionscadal de 6 mhí go 9 mí. Caithfear go mbeadh na hiarratais comhshínithe ag an ealaíontóir agus ag an bpobal.
Spriocdháta - 27 Meitheamh, 2011
The scheme is open to artists from any of the following artform disciplines: architecture, circus, street art and spectacle, dance, film, literature (Irish and English language), music, opera, theatre, visual arts and traditional arts.
The projects can take place in a diverse range of social and community contexts eg arts and health; arts in prisons; arts and older people; arts and cultural diversity.
The aim of the scheme is to encourage meaningful collaboration between communities of place and/or interest and artists. It is essential that consultation take place between the artist and the community group, so that both parties are involved in deciding on the nature of the project realisation. Group ownership of the art should be maintained at every stage. The Project Realisation may result in a variety of outcomes.
The Artist in the Community Scheme is managed by Create, the national development agency for collaborative arts. There are two phases to the Scheme: Research and Development, and Project Realisation.
- Research & Development, is open to artists who wish to research and develop a project in a community context. Maximum time frame is 3 months. The maximum amount awarded is €1,000.
- Research & Development/Mentoring is open to artists who wish to develop a community based project and who have identified an artist mentor they want to work with a during the research and development phase. The maximum award is €1500, which includes €500 fee payable to the mentor.
- Project Realisation, is open to communities of interest or place (or their representative organisations), planning a project of between 6 weeks and 5 months duration with a maximum award of €5000, and those who are planning a project of between 6 months and 9 months with a maximum award of €10,000.
Deadlines in 2011: Monday 14 March 5pm and Monday 27 June 5pm.