Leabhair & Litríocht | Readings & Books

CUIRFEAR FÁILTE UÍ CHEALLAIGH ROMHAT AG SEOLADH 'SPIDEY' | CHILDREN'S BOOK LAUNCH IN BALLINROBE

Spidey - Carmel Uí Cheallaigh  

(english version below)

Seolfaidh Colmán Ó Raghallaigh, buaiteoir Gradam CBI 2012 mar aitheantas don sáréacht atá déanta aige ar son Leabhar do Pháistí in Éirinn, an chéad leabhar pictiúr de chuid Carmel Uí Cheallaigh (née Maloney) "Spidey" i Leabharlann Bhaile an Róba, Dé Sathairn 20ú Deireadh Fómhair ag 4.00i.n.

Ó Chill Mheáin, Maigh Eó ó dhúchas, tá go leor, leor altanna agus gearrscéalta foilsithe ag Carmel ins an Ireland's Own, Woman's Way agus an Bray Arts Journal le tamall anuas.

Cuireadh gearrscéal dá chuid ar an ngearrliosta don chéad chomórtas gearrscéalta de chuid Penguin/RTÉ Guide i 2010. Tá cónaí ar Charmel i mBré anois lena fear céile Noel agus a gceathrar clainne. Tá Carmel ag obair mar Leabharlannaí Sinsearach anois i Leabharlann Dhún Droma, Baile Átha Cliath.

Cuirfidh Leabharlann Chontae Mhaigh Eo fáilte Uí Cheallaigh roimh chuile dhuine, idir óg agus aosta, ag an seoladh speisialta seo i Leabharlann Bhaile an Róba, Dé Sathairn, 20ú Deireadh Fómhair ag 4.00in.

Colmán Ó Raghallaigh, winner of the Children’s Books Ireland 2012 Award for outstanding contribution to the world of children's books, will launch and help celebrate the publication of Carmel Uí Cheallaigh’s first picture book as Gaeilge, “Spidey” published by Cló Mhaigh Eo.

Carmel Uí Cheallaigh (née Maloney) is from Kilmaine and has had numerous short stories and articles published in “Ireland’s Own”,”Woman’s Way” and the “Bray Arts Journal”

She was shortlisted in the Penguin/RTÉ Guide inaugural short story competition in 2010 and now lives in Bray with her husband Noel and their four grown-up children.  Carmel works as a Senior Librarian in Dundrum Library, Dublin.

Cuirfidh Leabharlann Chontae Mhaigh Eo fáilte Uí Cheallaigh roimh chuile dhuine, idir óg agus aosta, ag an seoladh speisialta seo i Leabharlann Bhaile an Róba, Dé Sathairn, 20ú Deireadh Fómhair ag 4.00in.

Leabharlann Mhaigh Eo            T: 094 904 79222             R: librarymayo@mayococo.ie

'TUBAISTE AR AN TITANIC' & 'ÉALÚ SAN OÍCHE' LEABHAIR NUA Ó CHLÓ MHAIGH EO | NEW BOOKS FROM CLÓ MHAIGH EO
(english version below)

Is mór an dúil atá ag Cormac agus Brídín in eachtraí stairiúla ach nuair a aimsíonn siad eochair aisteach i dteach a seanmháthar bíonn eachtra i ndán dóibh nach ndéanfaidh siad dearmad uirthi go deo! Úrscéal bríomhar do léitheoirí 10+

  Tubaiste ar an Titanic    

Cormac and Brídín adore history but when they discover a mysterious key they have no idea that they are about to find themselves in serious danger on one of the most famous nights in history. An exciting topical novel for readers 10+

Údar/Author: Máire Zepf

Léaráidí/Illustrations: Olivia Golden

Bog/Paperback -  ISBN:  978-1-899922-89-5

80 lch/pp - Praghas: €9.00

 

Éalú san Oíche  

Maigh Eo 1847. Is i mBaile na gCrann atá cónaí ar an ngabha dubh, Tomás Ó Máille agus a chúram. Nuair a chuirtear a chomharsana chun bóthair ag a dtiarna talún tagann Tomás i gcabhair orthu agus tugann an teaghlach uile agus a gcuid giuirléidí go Caisléan an Bharraigh. Turas cinniúnach a chuirfidh cor mór ina shaol...

A beautiful new edition of this best-selling novel for young people about the Famine. When Tomás Ó Maille comes to the aid of his evicted neighbours a frightening sequence of events begins to unfold for him and his family. Full colour illustrations.

ISBN 978-1-899922-85-7 Bog €9

Aoisghrúpa

9+

9.00

Cló Mhaigh Eo       T: 094 937 1744       R: eolas@leabhar.com        I: www.leabhar.com