Bliain na Gaeilge 2013 - Comórtas Fógraíochta | TV ad Competition

Launch of Bliain na Gaeilge i mBéal an Mhuirthead

Dé Domhnaigh 25 Samhain ag 3.00in - timpeallán Bhéal an Mhuirthead




Sunday 25 November at 3.00in - Béal an Mhuirthead roundabout
Balloon Launch - Free Face Painting

 

(english version below)

Scaoilfear 120 balún in áiteanna poiblí ar fud na hÉireann ag 3.00in Dé Domhnaigh, 25 Samhain 2012 ag SPRAOI SA PHOBAL agus Bliain na Gaeilge 2013 á seoladh agus 120 bliain d'athbheochan na Gaeilge a cheiliúradh.
 
Cuireadh tús le hathbheochan na Gaeilge in 1893 le bunú Chonradh na Gaeilge, agus tá mar aidhm ag Bliain na Gaeilge na mílte deis úsáide Gaeilge a chur ar fáil don 2 mhilliún den daonra ar an oileán a deir go bhfuil an teanga acu sa lá atá inniu ann. Seolfar Bliain na Gaeilge i mBéal an Mhuirthead, Co. Mhaigh Eo Dé Domhnaigh beag seo ag a 3, agus cuirfear fáilte mhór roimh óg 's aosta!

120 balloons will be released in different locations around Ireland at 3.00pm Sunday, 25 November 2012 as part of special Irish-language SPRAOI SA PHOBAL family days which will officially launch Bliain na Gaeilge 2013 and start the year-long festivities to celebrate 120 years of the revival of the Irish language.
 
The revival of the Irish language began in 1893 with the founding of The Gaelic League, or Conradh na Gaeilge as it is now known, and 2 million people on the island of Ireland claim to have Irish today; the Bliain na Gaeilge festival aims to provide these people with thousands of different opportunities to use Irish throughout 2013.

Bliain na Gaeilge will be launched this Sunday at 3 o'clock in Béal an Mhuirthead where 120 balloons will be released at the roundabout in Béal an Mhuirthead at 3.00pm by the newly crowned Belmullet Rose, Amy Walker, there will be a big fáilte for all, and free face painting so come along and enjoy the Spraoi sa Phobal family fun day.


Tuilleadh eolais | Further information: eolas@ionaddeirbhile.ie nó 097 85727

 Bliain na Gaeilge 2013 
(english version below)

Tá TG4 agus Foinse ag cabhrú le Bliain na Gaeilge le fógra teilifíse a chur le chéile don bhliain - TG4 and Foinse are helping Bliain na Gaeilge to put a television advert together for the year - agus ba mhaith linn bhur moltaí don fhógra sin!

Is deis iontach í seo do mhic léinn sna meánscoileanna agus sa tríú leibhéal páirt a ghlacadh i gcomórtas náisiúnta, scileanna cumarsáide a fhorbairt agus duaiseanna iontacha a bhaint amach atá curtha ar fáil ag Foinse.ie agus TG4.


CÉARD ATÁ LE DÉANAMH?

Is gá duit fógra teilifíse do Bhliain na Gaeilge 2013 a thaifeadadh le físcheamara, fón póca, ipad nó eile, agus an físeán a uaslódáil go www.foinse.ie/bng

*Ní gá a bheith róbhuartha faoi chaighdeán an taifid. Is é an coincheap taobh thiar den fhógra an rud is tábhachtaí*

Scríobh cur síos idir 100 - 200 focal maidir leis an bhfógra agus cuir chugainn é leis an bhfíseán ag www.foinse.ie/bng

Nó cuir an físeán agus an cur síos chuig: Comórtas Fógraíochta, Bliain na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

CÉARD É AN SPRIOCDHÁTA?

Is é an Aoine, 30 Samhain 2012, ag 12.00in spriocdháta an chomórtais agus is féidir na hiarratais a uaslódáil nó a sheoladh chugainn ó 1 Samhain ar aghaidh, mar sin beir leat ag taifead!

FORBHREATHNÚ AN FHÓGRA:

- 20 soicind ar fad
- Dátheangach nó as Gaeilge amháin
- Oiriúnach do na meáin shóisialta agus físeán mearscaipthe
- Féidearthacht í a úsáid ar an teilifís
- Táthar ag lorg cruthaitheachta chun aird an lucht féachana a ardú agus íomhá nua-aimseartha a léiriú faoi Bhliain na Gaeilge agus an Ghaeilge féin
- Caithfidh na físeáin a bheith níos lú ná 20MB

DUAISEANNA DON FHÓGRA IS FEARR:

- €500 urraithe ag Foinse
- Déanfaidh TG4 an fógra a thaifeadadh go proifisiúnta leis an mbuaiteoir


Tá tuilleadh eolais le fáil anseo: Comórtas Fógraíochta - Bliain na Gaeilge 2013

****************************************************

TG4 and Foinse are helping Bliain na Gaeilge to put a television advert together for the year and we want your ideas for the advert!

This is a great opportunity for students in second and in third level to take part in a national competition, develop communication skills and win fantastic prizes from TG4 and Foinse.ie

WHAT DO YOU NEED TO DO?

Record a television advert for Bliain na Gaeilge 2013 with a video camera, mobile phone, ipad or other and upload the video to www.foinse.ie/bng

*You don’t need to worry too much about the quality of the recording. The concept behind the advert will be the most important factor*

Write 100 to 200 words describing the advert and submit them with the video to www.foinse.ie/bng

Or send the video and the description to: Comórtas Fógraíochta, Bliain na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

WHAT IS THE DEADLINE FOR ENTRY?

Friday, 30th of November 2012, at 12.00pm is the deadline for the competition. You can upload or send your entries to us from the 1st of November onwards so get recording!

OVERVIEW OF THE ADVERT:

- 20 seconds in length
- Bilingual or in Irish only
- Suitable for social media and as a viral video
- Possibility to use it on the television
- We are looking for a creative video which will increase viewers’ attention and give Bliain na Gaeilge and the Irish language itself a modern image
- All videos must be under 20MB

PRIZES FOR THE BEST ADVERT:
- €500 sponsored by Foinse
- TG4 will record the winning entry professionally with the winner

See information sheet for further info: Comórtas Fógraíochta - Bliain na Gaeilge 2013
Bliain na Gaeilge            T: 01 475 7401            R: comortas@cnag.ie