Caint ar Logainmneacha i gClár Chlainne Mhuiris | Talk on Placenames in Claremorris

CAINT AR LOGAINMNEACHA i gCLÁR CHLAINNE MHUIRIS | TALK ON PLACENAMES IN CLAREMORRIS LIBRARY
Ever wondered why Hollymount is called Maolla in Irish?

Cérbh é Muiris?

Uncover the story of the landscape around you at this Talk on Placenames with Fiachra MacGabhann.


 Clár Chlainne Mhuiris

(english version below)

Dé Máirt 20 Samhain -  Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris ag 8.30in

Tá breis agus 60,000 baile fearainn in Éirinn agus tá breis agus 3,000 díobh sin i Maigh Eo, agus iad rannta idir 72 paróiste. Cartlann thábhachtach do stair an chontae is ea ár logainmneacha, is léir: don Ghaeilge, ainmneacha pearsanta, sloinnte, stair lonnaíochta, stair eaglaise, fiú seandálaíocht, i measc go leor eile.

Tá staidéar as an nua déanta ar iomlán ainmneacha na mbailte fearainn i Maigh Eo bunaithe ar anailís ó bhonn ar fhoinsí tábhachtacha stairiúla. Déanfar cuid den eolas seo a roinnt ag an léacht seo ina dtabharfar faoi chur síos a dhéanamh ar aonaid an chontae agus a n-ainmneacha, aois agus dátú logainmneacha, tábhacht na bhfoinsí, eilimintí coitianta agus neamhchoitianta agus go leor eile. Díreofar ar shamplaí áitiúla.

Beidh fearadh na fáilte roimh gach duine agus fáilteofar roimh cheisteanna.

Tá Coiste Logainmneacha Mhaigh Eo buíoch do Thogra Mhaigh Eo agus Conradh na Gaeilge as an léacht seo a maoiniú.
 

Tuesday 20 November in Claremorris Library at 8.30pm

There are over 60,000 townlands in Ireland and over 3,000 of those are in Mayo, divided into 72 parishes. Placenames are an important archive of the county itself, that gives us an insight into the language, personal names, surnames, settlement paterns, ecclesiastical history and archaeology of an area.

A new study based on the analysis of imporant historical sources, has been completed on the names of all of Mayo's townlands. This talk will be based on this study - the regions of the county and their names, the age of placenames, the importance of sources, common and uncommon elements. The talk will focus on local placenames.

Fáilte roimh gach éinne, especially those who have questions about local placenames!

Coiste Logainmneacha Mhaigh Eo are grateful to Togra Mhaigh Eo and Conradh na Gaeilge for funding this lecture.

Tuilleadh eolais | Further information: gaeilge@mayococo.ie nó 087 697 2922