Siúlóidí | Walks

TURAS STIÚRAITHE THART AR NA SUÍOMHANNA STAIRIÚLA IN ACHADH GHOBHAIR:

Tá Muintir Chathair na Mart ag eagrú turas treoraithe thart ar na suíomhanna stairiúla in Achadh Ghobhair, oíche Mháirt 5 Bealtaine. Beidh Suzette Hughes ag labhairt leis an ghrúpa agus á dtreorú thart timpeall ar na gnéithe éagsúla den timpeallacht stairiúil ar an láthair. Beidh siad ag teacht le chéile ag Eaglais Achadh Ghobhair ar a 7 a chlog 5 Bealtaine agus ag dul isteach sa teach ósta tar éis na cainte le haghaidh sóláistí agus fliuchadh béil.

Ní mór fios a bheith againn roimh ré cé mhéad daoine atá ag iarraidh teacht chuig an imeacht seo. Más suim leat bheith linn ar an oíche ar mhiste leat sin a chuir in iúl le do thoil trí ríomhphost a sheoladh chuig ucq@iolfree.ie.

Muintir Chathair na Mart                        R: ucq@iolfree.ie          
DEIREADH SEACHTAINE SIÚLÓIDÍ i gCEANTAR IORRAIS

Tá Léim Siar ag eagrú siúlóide i gcuideachta Tourism Pure, Caisleán an Bharraigh ó 15-17 Bealtaine. Is i gceantar Choill an tSeiscinn, Oileán Inis Caoich agus An Mhuirthead a bheidh an tsiúlóid agus cuirfear lóistín ar fáil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó Hannah Quigley ar 097 85004/ 086 251 2965.

Léim Siar has teamed up with Barry Murphy of Tourism Pure, because we both have a deep love for the outdoors and a great respect for its biodiversity. We offer walks in Mayo that minimise our impact on the environment. Barry is a registered Leave no Trace trainer and an ecotourism enthusiast. 

Léim Siar               T: 097 85004/ 086 251 2965                     R: hannaquigley@gmail.com                           I: www.leimsiar.com