Tá Conradh na Gaeilge ag cur ranganna Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil go tosú i mí Dheireadh Fómhair 2009. Beidh muid ag cur 9 leibhéal ar fáil do phobal Mhaigh Eo, ó ghlantosaitheoirí ag foghlaim cúpla focal don chéad uair go cainteoirí líofa ag iarraidh cúpla focal don chéad uair go cainteoirí líófa ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Is cúrsa 10 seachtaine atá á ofráil ag gach leibhéal, beidh na ranganna seo ar siúl ó 7:00 - 8:30i.n. ar chostas €120.
Tá foirm iarratais le fáil anseo: Foirm Iarratais - TEG.
Conradh na Gaeilge is offering Irish classes at 9 different levels to accommodate everyone with an interest in the language, Irish speakers and non-Irish speakers alike, with classes from complete beginners looking to learn their first cúpla focal to fluent speakers who want to improve on their grammar etc. Each level is offered as a 10 week course, classes run from 7:00-8:30pm, once a week, at a cost of €120.
Application forms are available here: Foirm Iarratais - TEG
Beidh ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ag tosú in Acaill chuile Mháirt ó 6ú Deireadh Fómhair ag 7.00i.n. in Áras Forbairt Acla.
Irish classes catering for all levels will be starting every Tuesday from the 6th October at 7.00pm in Áras Forbairt Acla.
Beidh ranganna á reáchtáil ag Cúram i gClár Chlainne Mhuiris gach oíche Chéadaoin ó 7:00 - 8:30i.n. Beidh na ranganna feiliúnach do gach duine is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu, beidh fáilte roimh chách! Ní chosnaíonn an cúrsa 6 seachtaine seo ach €35.
Conversational Irish classes are being organised by Cúram in Claremorris every Wednesday evening from 7:00 - 8:30i.n. This class will be suitable for everyone, regardless of what level of Irish you may already have. This 6 week course only costs €35.
Ar mhaith leat Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat agus cailíocht aitheanta a bhaint amach? Tá sé i gceist ag Comhar Dún Chaocháin Teo, i gcomhar le hIonad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad cúrsaí gaeilge a eagrú sa Seanscoil i gCeathrú Thaidhg d'fhoghlaimeoirí fásta. Faoi láthair, tá cúrsaí ar fáil ag ceithre leibhéal cumais ag brath ar riachtanais. Bunaithe ar na ranganna agus ar na himeachtaí teanga eile a chuirfear ar fáil i rith an chúrsa, beidh deis ag daoine scrúdú a dhéanamh chun Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach.
Ranganna neamhfhoirmiúla atá i gceist leis an bhéim ar an nGaeilge labhartha agus na focail choitianta a úsáidtear sa ghnáthchaint. De réir a chéile cuirfidh an cúrsa le do mhuinín i dtuiscint agus i labhairt na teanga. Beidh comhairle curtha ar fáil chun cuidiú leat an leibhéal is fearr a oireann duit a roghnú. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil le Treasa ag 097 88082 nó 087 1251642.
Beidh Comhar Dún Chaocháin Teo ag eagrú ranganna ríomhaireachta sa Seanscoil i gCeathrú Thaidhg go luath faoi Chlár BenefIT Chomhairle Chondae Mhaigh Eo. Déanfaidh na ranganna seo, atá páirt-maoinithe faoin gClár DEIS, freastal ar gach leibhéal cumais. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil le Treasa ag 097 88082 nó 087 1251642.
Tá an Teastas Eorpach ag tosú arís, gach Luan ag 7i.n. Beidh ranganna ríomhaire ar siúl gach Máirt ag 7:30i.n.