Tá GO Gaeilge! ar ais le deireadh seachtaine spraoi eile i Delphi Mountain Resort. Bhí an-deireadh seachtaine i mí Iúil agus tar éis iarratas ó go leor daoine tá deireadh seachtaine eile eagraithe againn ag tús mí Dheireadh Fómhair. Ar €169 gheobhaidh tú 2 oíche B&B, lá iomlán imeachtaí, lón, dinnéar, neart craic, spraoi & comhrá. Bí linn arís!
Beidh na teagascóirí go léir dátheangach agus beidh áisitheoir Gaeilge i láthair chun cabhrú leat chomh maith. Ná bí buartha muna bhfuil agat ach cúpla focal, is é an rud is tábhachtaí ná páirt a ghlacadh! Cuirfidh sé laethanta d'óige sa Ghaeltacht i gcuimhne duit...gan na ranganna!
An spéis leat do chuid Gaeilge labhartha a fheabhsú in atmaisféar taitneamhach spraíúil?
T ar éis gur éirigh chomh maith sin leis an gcéad deireadh seachtaine Gaeilge agus Cultúir i nGaeltacht Ráth Chairn anuraidh, tá rún ag Gael Linn agus Comharchumann Ráth Chairn tabhairt faoina leithéid arís idir an 16 - 18 Deireadh Fómhair 2009.
I rith na deireadh seachtaine seo tabharfar deis do rannpháirtithe blas a fháil den Ghaeilge labhartha agus de chultúr na Gaeltachta sa nGaeltacht bheo seo atá suite idir Baile Átha Troim agus Áth Buí i gCo. na Mí – díreach uair a n chloig ó Bhaile Átha Cliath ! Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn i 1937 nuair a aistríodh teaghlaigh iomlána aniar as Conamara chuig Co. na Mí.
I measc na n-imeachtaí atá beartaithe don deireadh seachtaine, tá ranganna comhrá Gaeilge (meánleibhéal),ceardlann amhránaíochta ar an sean-nós, quiz boird agus neart ceoil agus craic le muintir na háite san oíche ! Socrófar lóistín do na rannpháirtithe go háitiúil agus is é táille na deireadh seachtaine ná €150 an duine ag roinnt seomra nó €175 do sheomra singil (béilte san áireamh) – sladmhargadh !
Tá gach eolas faoin deireadh seachtain e mar aon le foirmeacha iarratais ar fáil ó www.gael-linn.ie nó ó Sheán Ó Ceallaigh 01:67532
****************************************************************************************************
Interested in improving your Irish and having some fun at the same time ?
Following on the success of the first weekend of Irish language and culture for Adult Learners held in the Ráth Chairn Gaeltacht, Co. Meath last year, Gael Linn are planning a similar event from Friday 16 – Sunday 18 October, 2009 in partnership with the local co-operative.
Participants will have the opportunity to hear the the Irish language spoken and experience the rich culture of this living Gaeltacht which is situated between Trim and Athboy in Co. Meath - just 1 hour from Dublin ! The Ráth Chairn Gaeltacht was founded in 1937 when families from Conamara transferred to the area under a land commission scheme.
Among the activies planned for the weekend are conversational Irish language classes ( intermediate level ), workshops on sean-nós Irish singing, a tablequiz and plenty of ceol and craic with the local native speakers in the evenings ! Full board accommodation will be arranged for participants in the locality and the all-inclusive fee for the weekend is €150 per person sharing or €175 for single occupancy – a marvelous bargain in these recessionary times !!
All information on the weekend is available on www.gael-linn.ie or from Seán Ó Ceallaigh at 01:6753299