Tá Conradh na Gaeilge ag cur ranganna Teastas Eorpach na Gaeilge ar fáil go tosú i mí Eanáir 2010. Is cúrsa 10 seachtaine atá á ofráil ag gach leibhéal, beidh na ranganna seo ar siúl ó 7:00 - 8:30i.n. ar chostas €120.
Tá foirm iarratais le fáil anseo: Foirm Iarratais - TEG.
Each level is offered as a 10 week course, classes run from 7:00-8:30pm, once a week, at a cost of €120.
Application forms are available here: Foirm Iarratais - TEG
An bhfuil suim agat do chuid Gaeilge a fheabhsú? Beidh ranganna Gaeilge ag tosú arís do thuismitheoirí agus d'fheabhsaitheoirí agus do daltaí ó na Scoileanna dara leibhéal ag deireadh mí Eanáir in Áras Forbairt Acla, An Crompáin, Caol. Beidh dhá rang ann, rang amháin le haghaidh glan tosaitheoirí agus rang idirmheánach chomh maith. Beidh ranganna Gaeilge do na Scoileanna dara leibhéal don Bhéaltriail ag tosú go luath.
Are you interested in improving your Irish? Irish language classes for parents, improvers and second level students will begin at the end of January in in Áras Forbairt Acla. There will be two classes, one for complete beginners and also an intermediate class. Irish classes for Second level students preparing for Oral exams will begin soon.
Ar mhaith leat Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat agus cailíocht aitheanta a bhaint amach? Tá sé i gceist ag Comhar Dún Chaocháin Teo, i gcomhar le hIonad na dTeangacha, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad cúrsaí gaeilge a eagrú sa Seanscoil i gCeathrú Thaidhg d'fhoghlaimeoirí fásta. Faoi láthair, tá cúrsaí ar fáil ag ceithre leibhéal cumais ag brath ar riachtanais. Bunaithe ar na ranganna agus ar na himeachtaí teanga eile a chuirfear ar fáil i rith an chúrsa, beidh deis ag daoine scrúdú a dhéanamh chun Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach.
Ranganna neamhfhoirmiúla atá i gceist leis an bhéim ar an nGaeilge labhartha agus na focail choitianta a úsáidtear sa ghnáthchaint. De réir a chéile cuirfidh an cúrsa le do mhuinín i dtuiscint agus i labhairt na teanga. Beidh comhairle curtha ar fáil chun cuidiú leat an leibhéal is fearr a oireann duit a roghnú. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil le Treasa ag 097 88082 nó 087 1251642.
Beidh Comhar Dún Chaocháin Teo ag eagrú ranganna ríomhaireachta sa Seanscoil i gCeathrú Thaidhg go luath faoi Chlár BenefIT Chomhairle Chondae Mhaigh Eo. Déanfaidh na ranganna seo, atá páirt-maoinithe faoin gClár DEIS, freastal ar gach leibhéal cumais. Má theastaíonn tuilleadh eolais uait téigh i dteagmháil le Treasa ag 097 88082 nó 087 1251642.
Tá an Teastas Eorpach ag tosú arís, gach Luan ag 7i.n. Beidh ranganna ríomhaire ar siúl gach Máirt ag 7:30i.n.
Beidh ranganna á reáchtáil ag Cúram i gClár Chlainne Mhuiris gach oíche Chéadaoin ag tosnú ar an 3ú Feabhra ó 7:00 - 8:30i.n. Beidh na ranganna feiliúnach do gach duine is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu, beidh fáilte roimh chách! Ní chosnaíonn an cúrsa 6 seachtaine seo ach €35.
Conversational Irish classes are being organised by Cúram in Claremorris every Wednesday evening, starting February 3rd from 7:00 - 8:30i.n. This class will be suitable for everyone, regardless of what level of Irish you may already have. This 6 week course only costs €35.