Some of this information is not currently available in English. To view this information it its entirety in Irish, please click the “Irish” tab at the top of the page.

Ceol/Amhránaíocht | Music/Song

OÍCHE MHAIGH EO sa BUTTON FACTORY

Beidh Oíche Mhaigh Eo le Mick Lally, Laoise Kelly, Mary Staunton, Emer Mayock agus John Hoban Dé Máirt, 9ú Feabhra sa Button Factory i mBaile Átha Cliath.

A Mayo Night with Mick Lally, Laoise Kelly, Mary Staunton, Emer Mayock and John Hoban in the Button Factory, Dublin on Tuesday 9th February.

The Button Factory County Sessions                I: http://www.facebook.com/#/event.php?eid=262198698252&ref=mf
OÍCHE CHEOIL - BAILE AN CHATHAIL

Oíche Cheoil i dTeach Finan i mBaile an Chathail Déardaoin 18ú Feabhra, fáilte roimh gach éinne.

All are welcome to a night of music in Finan's, Charlestown, Thursday 18th February.

Oíche Cheoil Bhaile an Chathail                R: noiringannon@hotmail.com
CEARDLANN AMHRÁNAÍOCHTA | SONG WORKSHOP

Beidh Ceardlann Amhránaíochta ar siúl in Áras Forbairt Acla do dhaoine fásta uair sa choicís gach ré Mháirt ag tosú ag 8. Má tá fonn ort amhráin a fhoghlaim nó a chanadh beidh fíor fáilte romhat. Siad amhráin Acla, amhráin Mhaigh Eo agus amhráin na hÉireann a bhéas i gceist.

A Song Workshop for adults will be held in Áras Forbairt Acla every fortnight second Tuesday starting at 8. Come along if you are interested in learning or singin a song. The Workshops will focus on songs from Achill, songs from Mayo, and songs from Ireland.

Scoil Acla i gcomhpháirtíocht le C.F.A.A.                  T: 098 43152 (Seán Mac Conmara)                     T: 098 43292 (Máire Aingeal)  
OÍCHE CHEOIL i TURAS SIAR
Beidh oíche cheoil anseo i Turas Siar ar an 16 Feabhra le brainse Iorrais de Chomhaltas Ceóltóirí Éireann, tá Joe Byrne le bheith í láthair chun tafadh a dhéanamh don chlár a bhíonn aige gach oíche Dé Máirt idir 10 agus 1 ar Mid West Radio.
Cuirfear tosach leis an oíche ar a 8 achlog Dé Máirt an 16ú Feabhra.
 
Gach tráthnóna béidh muid ag tabhairt daoine le chéile ar a 8 achlog ag mealladh éinne a bhíodh ag casadh ceóil tráth dá saol agus go mbeadh an dara seans acu le seo a dhéanamh anois.
 
Béidh treóir dhá chuir ar fáil dóibh, is cuma cé'n sórt gléas a chasann siad. 
Turas Siar                  T: 097 85011                           R: turas.siar@yahoo.ie 
OÍCHE CHEOIL i gCILL CHEALLAIGH

Oíche cheoil gach Céadaoin i Shazzy Mac's, Cill Cheallaigh le ceoltóirí as Achadh Mór agus Cill Mobhí. Bígí linn le haghaidh oíche mhór craic agus ceoil.

Oíche Cheoil Chill Cheallaigh                R: noiringannon@hotmail.com
SEILSIÚIN COIS TINE i gCILL MOBHÍ | COIS TINE MUSIC SESSION IN KILMOVEE

Beidh na seisiúin cheoil Cois Tine ar siúl gach mí i dTigh Uí Dhufaigh, nó sa “Fourways” mar si fearr aithne air, i gCill Mobhí. Beidh ceoltóirí Chomaltas i mbun ceoil Dé Luain 1ú Feabhra ag 9.30. Má tá ceol, amhrán nó scéal agat, bígí linn. Míle fáilte roimh gach éinne.

The Cois Tine music sessions will be continuing every Tuesday in Duffy's, or the "Fourways" as it is better known, in Kilmovee. Musicians from Comhaltas will be there, Monday 1st February at  9:30. Everyone welcome!

Seisiúin Cheoil Cois Tine                R: noiringannon@hotmail.com
THE PIRATE QUEEN á LÉIRIÚ ag CUMANN CEOLDRÁMAÍOCHTA BHAILE an RÓBA

Beidh an seó "The Pirate Queen" á chur ar an stáitse ag Cumann Ceoldrámaíochta Bhaile an Róba idir an 11ú agus an 20ú Feabhra sa phobalscoil i mBaile an Róba. Is ócáid mhór é an leiriú seo don chumann atá ar an mbóthar ó na 1940dí agus a bhfuil an t-uafás clú agus cáil bainte amach acu thar na blianta agus go leor duaiseanna buaite acu mar gheall ar a n-ard-chaighdeán léiriúcháin.

Seo í an chéad uair atá an cheoldráma “The Pirate Queen” á léiriú in Éirinn. Comhoibriú atá sa cheoldráma seo idir scríbhneoirí ‘Les Miserables’ agus stiúrthóirí ‘Riverdance’ agus tá sé deimhnithe ag Claude Michel Schoenberg (Scríbhneoir), Moya Doherty agus John McColgan (Riverdance) go mbeidh siad i láthair ar an oíche dheireanach den léiriú seo. (20ú Feabhra) 

Fuair Cumann Ceoldrámaíochta Bhaile an Róba ceadúnas eisceachtúil chun an seó seo a léiriú go hamaitéarach agus tá súil acu blas dúchasach a chur ar an scéal a léiríodh roimhe seo i Meiriceá. Beidh an seó ar siúl idir an 11ú agus 20ú Feabhra – 10 oíche i ndiaidh a chéile ar fad. Tá an cumann an-tógtha leis an gceol agus tá na cleachtanna ar siúl anois le ceithre mhí.  

Tá slua damhsóirí ó Chonamara i measc na foirne aisteoirí atá ag obair ar an gceoldráma. Ina measc tá Gearóid agus Patrick Ó Dubháin, Aisline agus Irene Ní Chuinneagáin, Michael Ó Cuinneagáin agus beirt de sheaimpíní an Oireachtais Emma Ní Shúilleabháin (2009) agus Liam Ó Scanlún (2008).

The Pirate Queen        T: 087 934 4381
AG IARRAIDH DO CHEOL A CHUR AR CHLUASA BREIS AGUS 1,500,000 DAOINE? | WANT YOUR BAND TO BE HEARD BY OVER 1,500,000 PEOPLE?

Cláraigh le Cath na mBannaí ar Raidió Rí-Rá inniu!

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus táimid ag lorg na mbannaí is fearr le liricí Gaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, chun iad a chur ar aerthonnta timpeall na tíre le linn Mhárta 2010 mar chuid dár gclár nua, Cath na mBannaí.

Ní hamháin go mbíonn na hamhráin is mó ó na cairteacha á gcasadh ag Raidió Rí-Rá dár éisteoirí dil gan stad, gach lá ar-líne ag www.RRR.ie, ach beidh Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Cabhán, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge do Sheachtain na Gaeilge 2010 an Márta seo agus tá do bhanna ag teastáil ar ár stáisiún!

Cuirfidh comórtas bannaí na Gaeilge Raidió Rí-Rá na ceoltóirí is corraí agus is fearr le liricí Gaeilge os comhair an tsaoil mhóir, agus beidh deis ag gach banna a gcuid ceoil a chasadh ar an aer, agallaimh a dhéanamh le láithreoirí, agus alt fúthu féin a chur ar-líne mar chuid de Chath na mBannaí.

Seinnfear na hamhráin ó chomórtas Cath na mBannaí ar Raidió Rí-Rá ar feadh mhí an Mhárta sula gcaitheann éisteoirí a vóta ar son an banna is fearr leo an tseachtain roimh Lá Fhéile Phádraig.

Tabhair seans do do bhanna seinm ar aerthonnta na tíre ar Raidió Rí-Rá an Márta seo trí mp3 de cheol an bhanna le liricí i nGaeilge, nó i mBéarla agus i nGaeilge, a sheoladh go banna@rrr.ie roimh 15 Feabhra 2010.

Register for Raidió Rí-Rá’s Cath na mBannaí today!

Raidió Rí-Rá is Ireland’s only all-Irish chart-station for young people and right now we’re looking to give the best bands with Irish or bilingual songs nationwide airplay throughout March 2010 as part of our new Cath na mBannaí feature.

Not only does Raidió Rí-Rá play the latest chart music to thousands of loyal listeners all day, everyday online at www.RRR.ie, but Rí-Rá will be broadcasting live on FM in Dublin, Cork, Cavan, Limerick, Galway and Waterford for Seachtain na Gaeilge 2010 this March and we want your band to get on our airwaves!

Raidió Rí-Rá’s Irish-language battle of the bands will showcase the hottest up-and-coming bands with Irish lyrics, and all bands featured on Cath na mBannaí will get airtime for their music as well as on-air interviews and an online piece.

Songs featured as part of the Cath na mBannaí competition on Raidió Rí-Rá will be played on the station throughout the month of March before listeners cast their vote for their favourite band in the run-up to St Patrick’s Day.

Get your band the nationwide exposure it deserves on Raidió Rí-Rá this March by sending an mp3 of your music featuring Irish or bi-lingual lyrics to banna@rrr.ie before 15 February 2010.

Raidió Rí-Rá                  R: banna@rrr.ie              I: www.rrr.ie