Some of this information is not currently available in English. To view this information it its entirety in Irish, please click the “Irish” tab at the top of the page.

Turais Gaeltachta do Dhaoine Fásta | Gaeltacht Trips for Adults

TURAS BLIANTÚIL 'MUINTIR CHATHAIR NA MART':

Tá Muintir Chathair na Mart ag dul thar sáile go hInis Meáin i mbliana mar chuid dá dturas bliantúil. Beidh bus ag fágáil Cathair na Mart ar an Sathairn 18ú Iúil ag 8:00r.n. agus ag filleadh ar ais ar an Domhnach 19ú Iúil. Costas iomlán €100 don mbus, bád, B&B, dinnéar agus neart ceoil, comhrá agus craic. Glaoigh ar (087) 9324725 nó (098) 27758 le do háit a chur in áirithe. Tá míle fáilte roimh chách.

Muintir Chathair na Mart are heading to Inis Meáin this year on their annual outing and all are welcome to come along for the weekend of ceol, comhrá agus craic. This year's trip is on the 18th/19th of July and the total cost is €100 for bus, boat, B&B on Inis Meáin and one evening meal. The bus will be leaving Westport on Saturday 18th of July at 8:00am returning the following evening. The itinerary for the trip includes a guided tour of the island, music, song, poetry, dancing and lots of local history and heritage. Call today to book your place (087) 932 4725 or (098) 27758.

Muintir Chathair na Mart          R: cathairnamart@gmail.com
DEIREADH SEACHTAINE GAEILGE DO DHAOINE FÁSTA:

Tá deireadh seachtaine spraoi á eagrú ag GO Gaeilge!, comhlacht a eagraíonn imeachtaí sóisialta trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre. Beidh an chéad teacht le chéile eile ag an Delphi Mountain Resort i gConamara idir an 10 agus 12 Iúil. Más mian leat do chuid Gaeilge a chleachtadh agus tú ag foghlaim scileanna nua faoin tuath...seo do sheans!

Ar chostas €169 gheobhaidh tú dhá oíche Leaba & Bricfeasta, lá iomlán imeachtaí le lón agus dinnéar blasta trathnóna Dé Sathairn.

Baileoidh an grúpa le chéile trathnóna Dé hAoine chun aithne a chur ar a chéile agus chun a scíth a ligean roimh an lá mór. Beidh rogha fhairsing imeachtaí ar fharraige, ar shliabh agus sa choill ar fáil ar an Satharn; is cuma cén leibhéal aclaíochta atá agat beidh rogha duitse. Tráthnóna Dé Sathairn íosfaidh an grúpa dinnéar le chéile agus beidh deis imeachtaí an lae a phlé ar feadh na hoíche. Fágfaimid slán ag a chéile tar éis bricfeasta ar an Domhnach.

Beidh na teagascóirí go léir dátheangach agus beidh áisitheoir Gaeilge i láthair chun cabhrú leat chomh maith. Ná bí buartha muna bhfuil agat ach cúpla focal, is é an rud is tábhachtaí ná páirt a ghlacadh! Cuirfidh sé laethanta d'óige sa Ghaeltacht i gcuimhne duit...gan na ranganna!

Go Gaeilge!                  T: 087 294 1140                       R: gogaeilge@gmail.com    
FOGHLAIM GAEILGE LE GAEL LINN SA GHAELTACHT AN SAMHRADH SEO!                     

Tá cúrsa Gaeilge do dhaoine fásta á reáchtáil ag Gael Linn i nGaeltacht Iorrais san Eachléim in iarthuaisceart Mhaigh Eo.. Tá oileáin Inis Gé in aice lena chósta thiar. Tá réimse saibhir fiadhúlra ag maireachtáil ar na hoileáin atá tréigthe anois ag daoine. Amchlár:  Beidh ranganna ann gach lá ó 10.00am go dtí 1.00pm agus ó 2.00pm go dtí 3.00pm

Dáta:  02/08/09 - 08/08/09

Táille:  €260

This course is an Irish language and cultural course for adults held in the Erris Gaeltacht. Erris is located in Aghleam in the North West of Mayo and is situated 10 miles south of Belmullet and west of Ballina. The course will be totally conversational and will cater for different levels of ability - total beginners, intermediate level and those who are relatively fluent already. Much of the area has also been designated as an area of special conservation. The courses will also introduce the students to the rich cultural heritage of the area and to the local flora and fauna.

Timetable:  Classes will be held each day from 10.00am to 1.00pm and from 2.00pm to 3.00pm.

Date:  02/08/09 - 08/08/09

Fee:  €260

Gael-Linn                T: 01 675 1200                         R: eolas@gael-linn.ie                               I: www.gael-linn.ie