Beidh Féile Iorrais ar siúl Dé hAoine 17ú Iúil - Dé Domhnaigh 26ú Iúil '09. I measc na himeachtaí móra a bhéas ag tarlú beidh ceolcoirmeacha le Kíla, No Banjo, dráma ón Taibhdhearc, ceoltóirí idirnáisiúnta ón tSín, ó Ghaimbia, ón mBreatain Bheag, ón Ostair agus ó Sasana chomh maith le taispeántas grianghraf ó Chartlann Náisiúnta na hÉireann agus sraith imeachtaí speisialta ag ceiliúradh na dTithe Solais.
1934 an bhliain...Inis Meáin. Tagann an scéala go bhfuil Hollywood le scannán a dhéanamh ar Inis Mór taobh thiar. Cuireann Cripil Billí an-suim go deo sa scéala seo, rud ab'annamh leis. Is sársaothar grinn é seo; oileánaithe aisteacha gan chuibheas, i mbun ráflaí agus cúlchaint nach bhféadfadh ach droch dheireadh a bheith leo agus fear óg ag iarraidh a theacht ar thuiscingt ar cé hé féin.
Filíocht le Peadar Bairéad, Cecilia McGovern & Seán Ó Coisdealbha. Ceol le Xi'An Si grúpa ceoil ón tSín.
The Feile Iorras 2009 will take place place from Friday July 17th to Sunday July 26th 2009. Events include concerts by Kíla and No Banjo, theatre by Taibhearc na Gaillimhe, international performers from China, Gambia, Wales, Austria and England and a photographic exhibition from the National Archive of Ireland. There is a special series of events celebrating the areas Lighthouses.