Ceol & Amhránaíocht | Music & Song

FÉILE CEOL INIS BIGIL
Dé Sathairn 7ú & Dé Domhnaigh 8ú Lúnasa | Saturday 7th & Sunday 8th August

Ceol ar an Satharn le Gerry Guthrie. Ceol ar an Domhnach le 'Cheers' & Matt Dillon...Bia na Mara...Siúlóidí....Rásaí...Comórtas Iascaireachta Báid...Rásaí na gCurach...Spórt agus Spraoi don chlann uilig!

Music on Saturday with Gerry Guthrie...Music on Sunday with 'Cheers' & Matt Dillon...Seafood...Island walks....Island Road Race...Boat Fishing Competition....Currach Racing and Yawl Racing...Fun for all the family!

Ferries to Inis Bigil from Bullsmouth, Achill: 086 061 2482
Ferries to Inis Bigil from Doran's Point: 087 126 9618
OÍCHE GHAELACH LE CLANN NA DEVANS SA MERRY MONK
Dé hAoine, 6ú Lúnasa @ 9 | Friday, 6 August @ 9

Beidh oíche shean nóis den scoth ar siúl sa Merry Monk i mBéal an Átha, Contae Mhaigh Eo ar an Aoine an 6ú Lúnasa. Beidh ceol agus gleo le cloisteáil nuair a thabharfaidh na Devans faoin urlár agus beidh an lucht féachana faoi dhraíocht ag féachaint ar an scil agus stíl a bhaineann lena damhsa.

Tá clú agus cáil amach ag na Devans ar fud na tíre agus tá sé de phribhléid acu a bheith ag damhsa sa Manach Meidhreach nó an Merry Monk mar a ghlaoitear air. Tá fíor shuim ag foireann an Merry Monk sa Ghaeilge agus go mór mhór i gcaomhnú an chultúir agus an traidisiúin ar fud an chontae.

Ní amháin sin ach beidh aoi speisialta ann ar an oíche, Nan Tom Teaimín, amhránaí  a bhuaigh an Corn Uí Riada faoi dhó i 1998 agus i 2000.

Táthar ag súil le slua mór ar an Aoine agus beidh seans ag gach duine cúpla focail Gaeilge a labhairt ar an oíche más mian leo. Tá fáilte roimh chách agus má bhíonn lóistín ag teastáil d’aon duine téigh i dteagmháil le Joe Lavelle ar 087-2557188.

Merry Monk          T: 087 255 7188         
SEÓ SEAN NÓS DEN CHÉAD SCOTH i mBÉAL AN MHUIRTHEAD | SPECTACULAR SEAN NÓS SHOW IN BELMULLET

Tá an tSeó Sean Nós Fuaim Chonamara le muinitr Mhic Chuinneagáin ag teacht ar ais go Mhaigh Eo ar an 15ú lá do Lúnasa agus iad ag  filleadh ar an Gateway Leisure i mBéal an Mhuirthead.  Tá meascán de cheoltóirí agus damhsóirí ó cheann ceann iarthar na hÉireann le feiceáil  i ‘Fuaim Chonamara’.  Is é Brian Cunningham réalta an tseó agus níl sé ach díreach tar éis camchuairt a dhéanamh ar fud na Stáit Aontaithe in éineacht le ‘Téada’ agus ‘Seamus Begley.’  Beidh a chuid deirfiúracha Irene, Ashline agus Lorraine ar an stáitse in éineacht leis, chomh maith lena dheartháir beag, Michael, a bheidh ag damhsa agus ag amhránaíocht. 

Beidh Siobhán Manson agus Doireann Carney ó Riverdance le feiceáil freisin mar aon leis na hamhránaithe clúiteacha Dessie O’Halloran agus Caitríona Ní Cheannabháin.  Is iad na sárcheoltóirí Johnny O’Halloran, Tommy Doherty, Lisa Canny, Colm Ó Neachtain, Yvonne Flynn agus Jimmy Higgins a chuirfidh na daoine amach ag damhsa le hardú croí lena gcuid ríleanna agus poirt ó thús deireadh an tseó.

***

Move over ‘Cailín Deas’ and make room for ‘Buachaill Álainn’ as Ireland’s latest cultural export of Sean Nós dancing kicks River Dance to touch and takes the world by storm. Headed up by a young, dark, sexy Connemara man, this latest revival of ‘old traditional’ dance and music in a new show entitled ‘Fuaim Chonamara’ (Connemara Sound) at the Gateway Leisure in Belmullet captivates all your senses, leaving your jaws dropping to the floor.

Witness this amazing new phenomenon of raw energy, vitality and pure Irish soul first hand on Sunday August 15th at the Gateway Leisure in Belmullet when pioneering Sean Nós star and ladies favourite, 24-year old Brian Cunningham, along with his multi-talented family, ‘The Cunninghams’ present a breath-taking show.  Combining old and new, ‘Fuaim Chonamara’ captures the essence of our cultural heritage and its sheer force, vitality and addictive fresh vibe will appeal to young and old.

Tickets cost €25 

Fuaim Chonamara              T: 097 20002          I: www.gatewayplex.ie 
CEARDLANN AMHRÁNAÍOCHTA | SONG WORKSHOP

Beidh Ceardlann Amhránaíochta ar siúl in Áras Forbairt Acla do dhaoine fásta uair sa choicís gach ré Mháirt (3ú Lúnasa; 17ú Lúnasa; 31ú Lúnasa) ag tosú ag 8. Má tá fonn ort amhráin a fhoghlaim nó a chanadh beidh fíor fáilte romhat. Siad amhráin Acla, amhráin Mhaigh Eo agus amhráin na hÉireann a bhéas i gceist.

A Song Workshop for adults will be held in Áras Forbairt Acla every second Tuesday (3rd August, 17th August; 31st August) starting at 8. Come along if you are interested in learning or singin a song. The Workshops will focus on songs from Achill, songs from Mayo, and songs from Ireland.

Scoil Acla i gcomhpháirtíocht le C.F.A.A.                  T: 098 43152 (Seán Mac Conmara)                     T: 098 43292 (Máire Aingeal)