Ceol na Locha - Tuar Mhic Éadaigh

CEOL NA LOCHA - CEOL, EALAÍON, DAMHSA & COMHRÁ GAEILGE

Bunaíodh Ceol na Locha, Scoil Cheoil, Teanga agus Cultúr i 1999 chun freastal a dhéanamh ar dhaoine gur mian leo ceol uirlíse a fhoghlaim agus ag an am céanna feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus chun freastal ar dhaoine eile ar mian leo an teanga fein a fhoghlaim.

Cuireann an scoil seo fáilte go speisialta roimh thosathóirí agus tabhafar gach cúnamh do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu. Bíonn seisiúin sna tithe tábhairne gach oíche.

 Múinteoirí | Teachers Ábhar  

 Aoife McDermot, Peter Staunton & Mary Staunton

Bosca Ceoil 
 Claire McGrattan Feadóg Stáin
 Niamh Varian Barry Fidil
 Jerry Mulvihill Banjo & Mandolin
 Eimear De Búrca Feadóg Mór
 Brian Fleming Bodhrán
 Sorcha Ní Fhilbín Rince ar an Sean Nós
 Gwen Ní Ghaora Ealaín 
 Tomás Ó Máille Comhrá & Amhrán Gaeilge 
 Caitríona Ní Chadhain Concertina

Tá an clár iomlán le feiceáil anseo: www.ceolnalocha.com

€55.00 do dhaoine faoi 16,  €75.00 do dhaoine os cionn 16. Clárú do na ranganna Dé Luain 9 Lúnasa 9.30am. Ranganna ar siúl ó 10am go 1.30pm gach lá. Cleachtadh uirlísí ceoil gach tráthnóna ag 3pm. Seisiúin gach oíche ag 10pm.

Beidh an teagasc trí mheán na Gaeilg. Cuirfear fáilte roimh thosaitheoirí agus tabharfar gach cúnamh do dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu.

Tuilleadh eolais mar gheall ar Lóistín/Accommodation ó Máire Standún (094) 9544 163 no maurastaunton@eircom.net 

Ceol na Locha            T: 087 744 3531            R: ceolnalocha@gmail.com              I: www.ceolnalocha.com