Scéalta Eile | Other Stories

SUÍOMH IDIRLÍN NUA www.errisevents.com NEW WEBSITE

Is forbairt spreagúil nua é an suíomh www.errisevents.com a chuirfidh sonraí de na h-imeachtaí uile in Iorrais ar fáil. Ní gnáth suíomh é seo in aon chur mar beidh bunachar sonraí d’imeachtaí Iorrais atá faoi stiúir Áras Inis Gluaire in ann eolas a chur uaidh féin chuig suíomh idirlíne agus pointí teagmhála eile. Más mian leat imeacht a chur ar an suíomh, déan teagmháil linn ag tellus@errisevents.com anois!

The new website - www.errisevents.com – is an exciting new development which details everything that’s happening around the Barony of Erris. This is no ordinary website, because the Erris Events database, which is managed by Áras Inis Gluaire, will automatically feed all the event information to other websites and information points. If you wish to add your own event to the site, please tell us about it – email tellus@errisevents.com now!


SIOPA GAEILGE AR OSCAILT in ÁRAS INIS GLUAIRE

Beidh siopa Gaeigle ar oscailt i rith Seachtain na Gaeilge - beidh cartaí, leabhair agus earraí eile ar fáíl trí Ghaeilge.

Irish language shope with cards, books and lots more open for Seachtain na Gaeilge.

Áras Inis Gluaire             T: 097 81079        R: rosieandlisa@arasinisgluaire.ie      I: www.arasinisgluaire.ie
LUCHT FÉACHÁNA Á LORG...

Tá Big Mountain Productions, comhlacht teilifíse atá lonnaithe in Iúr Cinn Trá. Táimid ag taifeadadh an dara sraith de 'Imeall Geal', clár ceol agus cainte a bheas a chraoladh ar BBC i mbliana.

Is cuireadh é seo d'fhoglaimeoirí agus cainteoirí Gaeilge teacht chuig an studió san Iúr agus fosta do dhaoine ar mhaith leofa tráthnóna chraic agus cainte a chaitheamh linn agus a bheith mar chuid den lucht féachana. Beidh an taifead ar siúl idir an 8ú-11ú Aibreán ag toiseacht thart ar a 5.00.i.n.

Is deis iontach é seo a bheith páirteach i gclár beo. Oíche sultmhar a bheas ann i gcomhthéacs Gaeilge. Beidh soláistí bia ar fáil.

Má tá spéis agat féin nó grúpa a thabhairt chun an studió san Iúr tar i dteagmháil le Big Mountain Productions agus pléfimid socraithe taistil.

Big Mountain Productions          T: 02830 834048         R: meabhnithuathalain@gmail.com
DUAIS AMBASADÓIR TEANGA na BLIANA & SÉALA EORPACH TEANGA | AMBASSADOR of the YEAR & EUROPEAN LANGUAGE LABEL

Ainmníodh an bhliain 2010 mar Bhliain Eorpach um Dhul i nGleic leis an mBochtaineacht agus leis an Eisiamh Sóisialta. Is uirlis chumhachtach í foghlaim teanga chun sochaí chuimsitheach ilchultúrtha a chothú. Cuireann sí feasacht ar éagsúlacht chultúrtha agus tuiscint ar luachanna agus ar chreidimh dhifriúla chun cinn.
Is é cuspóir don duais seo ná aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag gabháil do theagasc agus do chur chun cinn teangacha, is cuma cén earnáil ina bhfuil siad ag obair. Mar shampla, duine a spreagann foghlaim teanga sa phobal nó a chuireann feasacht teangacha eile chun cinn sa tsochaí. 

Tugann an Séala Eorpach Teanga aitheantas do mhodhanna cruthaitheacha tionscantacha chun caighdeán teagaisc agus foghlama teanga a fheabhsú. Fáilteofar roimh iarratais ó scoileanna, ó choláistí, ó ollscoileanna, ó ghnóthais agus ó eagraíochtaí nach iad. Bíodh d’iarratas nuálaíoch agus críochnúil, agus éasca aithris a dhéanamh air i dtionscnaimh eile teanga.

Sa bhliain 2010 beidh na tosaíochtaí seo a leanas againn:

  • Foghlaim Teanga sa Phobal
  • Scileanna Teanga don Obair
  • Teangacha agus na hEalaíona

Ní hiad na tosaíochtaí seo amháin a bheidh i gceist áfach agus fáilteofar roimh iarratais ó gach saghas tionscnamh teanga eile.

The European Language Label (ELL)--formerly known as the European Award for Languages--is an annual award given to projects where participants have found creative ways to improve the quality of language teaching, motivate students, and make the best of available resources. The European Language Label is coordinated by the European Commission and managed in Ireland by Léargas.

As well as the ELL award for projects, each year an award is given to individuals who have contributed to language learning or teaching in a meaningful way. In 2009 there was a Language Learner of the Year award, given to three outstanding language learners (pictured above). In 2010, there will be a Language Ambassador of the Year award.

Léargas            T: 01 873 1411          R: languages@leargas.ie             I: www.leargas.ie/ell
CÉ CHÓNAIGH i DO THEACHSA?

Tá Tile Films i mbun sraith staire nua do TG4, d'arbh ainm, Cé chónaigh i mo theachsa? - agus tá siad ag iarraidh rannpháirtithe a aimsiú.

Cé chónaigh i do theachsa romhat? Cé mhéid páistí a rugadh ann agus cad a tharla dóibh? Ar tharla aon rud suntasach i do theach? Dá mbeadh na ballaí ábalta labhairt, céard déarfaidís? Ar mhaith leat fáil amach? Faoi láthair tá Tile Films ag cuartú teaghlaigh le Gaeilge, a cónaíonn i seantithe (75 bliana d'aois agus ós a cionn), chun páirt a glacadh i dtogra nua. Manchán Magan, craoltóir clúite agus scríbhneoir aitheanta, a cuirfidh an tsraith ceannródaíoch seo i láthair do TG4.

Má shíleann tú go mbeadh do theach oiriúnach agus go mbeafeá sásta páirt a ghlacadh sa tsraith, téigh díreach chuig an suíomh idirlín (www.tilefilms.ie) chun foirm iarratais a íoslódáil.

Tile Films        T: 01 6614 646          R: info@tilefilms.ie           I: www.tilefilms.ie
FÉILE IDIRNÁISIÚNTA SCANNÁN FAISNÉISE GHUTH GAFA | GUTH GAFA INTERNATIONAL DOCUMENTARY FILM FESTIVAL

Beidh Féile Idirnáisiúnta Scannán Faisnéise Ghuth Gafa 2010 ar siúl i nGort an Choirce idir an 10 -13 Meitheamh an bhliain seo chugainn. Níl beartas oscailte iarratais ag Guth Gafa.  Is Féile í atá 100% coimeádaithe, agus foireann de lucht réitithe clár ag freastal ar Fhéilte Idirnáisiúnta Éireannacha chun na scannáin faisnéise is fearr a lorg le haghaidh na Féile. Is féidir, áfach, Scannáin Idirnáisiúnta agus Éireannacha (iad siúd a mhaireann níos faide ná 50 nóiméad amháin) a chur isteach de réir na dtreoirlínte thíos:

Cuir ríomhphost le do thoil ina bhfuil an t-ábhar seo a leanas chuig info@guthgafa.com:

  • Ainm an scannáin agus stiúrthóra, bliain an léiriúcháin, cur i lathair an scáileáin ag féilte eile, dámhachtainí
  • Achoimre ghairid ar an scannán (suas le 300 focal)
  • Beathaisnéis na stiúrthóirí (suas le 200 focal)
  • Seoladh Suíomh Gréasáin agus seoladh ríomhphoist an teagmhálaí le haghaidh an scannáin
  • Marcáil líne ábhair do ríomhphoist mar seo a leanas: Iarratais 2010

Is é an spriocdháta d’iontrálacha Idirnáisiúnta ná an 31 Feabhra 2010 agus is é an spriocdháta d’iontrálacha Éireannacha ná an 31 Márta 2010.

Tuilleadh eolais      www.guthgafa.com

The 2010 Guth Gafa International Documentary Film Festival will take place in Gortahork between the 10-13 June next year. Guth Gafa does not have an open submission policy.  It is a 100% curated Festival, with a team of programmers attending international and Irish Festivals to seek out the best new documentary films for the Festival. However, International and Irish films (over 50 minutes only) can be submitted along the guidelines below:

Please send an e-mail with the following material to info@guthgafa.com:

  • Name of film, director, year of production, other festival screenings, awards
  • Short synopsis of the film (up to 300 words)
  • Directors' biography (up to 200 words
  • Website address, e-mail address of the contact person for the film
  • Mark the subject line of your e-mail - Submissions 2010

The deadline for international entries is 28 February 2010 and the deadline for Irish entries is 31 March 2010.

Further information        http://www.guthgafa.com/