Tá plean straitéiseach cúig bliana nua, a fhoilseofar níos moille i mbliana, á fhorbairt ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Mhaigh Eo i láthair na huaire. Tá tuairimí á lorg ó dhaoine a bhfuil baint leis na healaíona sa chontae acu. Tógtar ionaid ealaíon, féilte, grúpaí pobail agus daoine a úsáideann nó a bhaineann leas ar ár seirbhís san áireamh. Más spéis leat d'ionchur a nochtadh tig leat litir nó riomhphost a sheoladh chun na hoifige ealaíon nó glaoch gutháin a chur orainn. Is féidir an ceistneoir thíos a úsáid chomh maith. Tá ár blean reatha ealaíon, spléachadh ar na seirbhísí a chuirtear ar fáil againn mar aon le cur síos cuimsitheach ar chur ar fáil seirbhísí i 2009 le fáil anseo. Má theastaíonn cóip chrua uait cuir ar an eolas muid le do thoil. Am doiling do na healaíona é seo agus chuirfí an-fháilte roimh do chuid suime agus cabhrach. Seol isteach d'ionchur roimh an Aoine an 8 Deireadh Fómhair, 2010.
Mayo County Council's Arts Office is currently developing a new five-year strategic arts plan for the county, which will be produced later this year. We are actively seeking the views of those involved and interested in the arts within the county. This includes arts venues, festivals, artists, communities and people who use, or benefit from our service. If you are interested in contributing, you can write, email or phone the arts office. You can also use the questionnaire attached. Our current arts plan, a profile of the services we deliver and a full description of delivery in 2009 are available below. If you would like to receive hard copies of these please let us know. This is a difficult time for the arts and your interest and assistance will be greatly appreciated. Please send your contribution by Friday 8th October, 2010.
Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag déanamh athbhreithniú ar an bPlean Oidhreachta faoi láthair.
Ba mhaith le Fóram Oidhreachta Chontae Mhaigh Eo do thuairimí agus do smaointe i leith oidhreacht Mhaigh Eo a fháil, ionas go gcuirfear san áireamh iad sa Phlean nua Oidhreachta do Chontae Mhaigh Eo. Plean cúig bliana a bhaineann le gach cearn den chontae is ea an Plean Oidhreachta. Tá sé mar chuspóir aige oidhreacht Mhaigh Eo a chosaint, a chaomhnú, agus feasacht uirthi a chur chun cinn. Tá sé ar chúram Chomhairle Contae Mhaigh Eo an Plean Oidhreachta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm faoi stiúir Fhóram Oidhreachta Mhaigh Eo - comhpháirtíocht idir forais náisiúnta, grúpaí pobail agus grúpaí oidhreachta.
I dtreo is go gcuirfear le héachtaí Phlean Oidhreachta Mhaigh Eo 2006-2010, agus chun a chinntiú go mbeidh an chéad Phlean eile oiriúnaithe do riachtanais oidhreachta an chontae, tá an tOifigeach Oidhreachta ag tabhairt cuiridh duit páirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin agus an deis a thapú chun ceisteanna agus riachtanais áitiúla oidhreachta a aithint, agus moltaí a thabhairt ina leith. Ní mór d'aighneachtaí scríofa agus/nó ceistneoirí líonta a bheith curtha faoi bhráid an Fhóraim Oidhreachta, f/c an tOifigeach Oidhreachta, faoin Aoine 15 Deireadh Fómhair 2010.
Is féidir an cheistneoir a íoslódáil anseo. Ceistneoir le haghaidh athbhreithniú ar an bPlean Oidhreachta
Mayo County Council is currently reviewing the Heritage Plan
The County Mayo Heritage Forum wants to hear your views and ideas on Mayo’s heritage for the preparation of the new County Mayo Heritage Plan. The Heritage Plan is a countywide 5-year action plan which aims to protect, enhance and promote awareness of heritage in Mayo. The preparation and implementation of the Heritage Plan is led by Mayo County Council, and guided by the Mayo Heritage Forum, a partnership with other national bodies, community and heritage groups.
In order to build on the successes of the Mayo Heritage Plan 2006-2010, and to ensure that the next Heritage Plan reflects the heritage needs of the county, the Heritage Officer is inviting you to participate in the consultation process and avail of the opportunity to identify heritage issues and needs at a local level and mechanisms to address them. Written submissions and/or completed questionnaires should be received by the Heritage Forum, c/o Heritage Officer, by Friday 15th October, 2010.
Download questionnaire here Heritage Plan Review Questionnaire
Is féidir suirbhé ar Iompar Tuaithe a líonadh isteach anseo | The Rural Transport Survey can be completed at this link
Is mian le Foras na Gaeilge aighneachtaí a lorg ar an tSamhail Nua Mhaoinithe atá ullmhaithe ag an eagraíocht. Cuimseoidh aighneachtaí réimse na scéimeanna; spriocanna agus torthaí; buiséad; measúnú agus monatóireacht.
Cliceáil anseo http://www.forasnagaeilge.ie/dynamic/publications/SamhailNuaMhaoinithe.pdf
le haghaidh cóip den tSamhail.
Iarrtar ort leagan leictreonach amháin den aighneacht a chur isteach más féidir chuig:
eolas@forasnagaeilge.ie
Nó sa phost roimh 30 Meán Fómhair 2010 chuig:
Samhail Nua Mhaoinithe
Foras na Gaeilge
7 Cearnóg Mhuirfean
Baile Átha Cliath 2
Foras na Gaeilge is seeking submissions in response to the New Funding Model that the organisation has prepared. Submissions shall include the range of schemes; targets and results; budget; assessment and monitoring.
Click here
http://www.forasnagaeilge.ie/dynamic/publications/NewFundingModel.pdf
for a copy of the document.
Please send an electronic copy only, where possible, of your submission to
eolas@forasnagaeilge.ie
Or alternatively by post before 30 September 2010 to:
New Funding Model
Foras na Gaeilge
7 Merrion Square
Dublin 2