Clár Ealaíon Óige Chomhairle Chontae Mhaigh Eo - Samhain 2010 | Mayo County Council’s Youth Arts Programme - November 2010
Fáilte chuig EXCEL 10, an ochtú bliain d’ár gClár Ealaíon Óige. Tá an clár seo dírithe ar dhéagóirí agus ógánaigh (13 – 19). Cuirimid ceardlanna speisialta agus ranganna máistreachta ar fáil do ghrúpaí a bhfuil baint acu leis na healaíona cheana féin mar aon le daoine óga atá ag iarraidh triail a bhaint as rud nua.
Tá na himeachtaí uilig saor in aisce, ach moltar réamháirithint a dhéanamh le haghaidh imeachtaí oscailte. Téigh i dteagmháil linn san Oifig Ealaíon le haghaidh tuilleadh eolais nó chun áit a chur in áirithe.
Welcome to EXCEL 10, the eighth year of our annual Youth Arts Programme. This programme is designed for teenagers and young adults (13 – 19). We provide special workshops and masterclasses for groups already involved in the arts as well as open events for young people who want to try something new.
All events are free, but booking is strongly advised for open events. For further information on any of the above and booking please contact the arts office.