Do Chomhairlí: Comhpháirtíocht Spóirt Mhaigh Eo
Compháirtíocht Spóirt Mhaigh Eo
Seoladh Comhpháirtíocht Spóirt Mhaigh Eo go hoifigiúil i Márta 2005 mar fho-oifig de chuid Bhord Forbartha Chontae Mhaigh Eo, amharc ar www.mayocdb.ie
Is í an aidhm atá ag Comhpháirtíocht Spóirt Mhaigh Eo ná chun rannpháirtíocht i spórt a mhéadú trí rochtain a fheabhsú i spórt do chuile dhuine agus chun a chinntiú go bhfuil an toradh is fearr á bhaint as na hacmhainní infheistithe i spórt ag leibhéal áitiúil. Tá Bord Chomhpháirtíocht Spóirt comhdhéanta de bhall ó gníomhaireachtaí leasmhara agus eagraíochtaí spóirt. Coiste Ghairmoideachais Chontae Mhaigh Eo, Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bord Forbartha Chontae Mhaigh Eo, Feidhmeannacht Sheirbhís Sláinte an Iarthair, FÁS, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo, Ionad Oideachais Mhaigh Eo, An Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Fóram Pobail an Chontae, agus ionadaithe as Fhóram Spóirt an Chontae agus Fóram Míchumais an Chontae san áireamh.
Tá trí fhachtóir lárnacha ag Comhpháirtíocht Spóirt Mhaigh Eo:
Eolas – Chun próiseas comhairleach a bhunú le clubanna agus eagraíochtaí spóirt agus chun a riachtanais agus acmhainní a shonrú. Chun taighde a thionscnamh agus eolaire spóirt a chur le chéile.
Oideachas – Chun deiseanna fiúntacha d’oideachas agus do thraenáil a sholáthar ag leibhéal áitiúil. Chun cúrsaí traenála a sholáthar ag díriú ar dhaoine deonacha agus ag soláthar insroichteachta chuig cúrsaí sonracha spóirt tríd na comhlachtaí náisiúnta rialaithe spóirt.
Feidhmiú – Chun plean straitéiseach do spórt i Maigh Eo a fhorbairt agus chun cláir rannpháirtíochta a roghnú a bheidh oiriúnach do riachtanais áitiúla.
Amharc ar www.mayosports.ie
Cuir scairt orainn ar 094 904 7025, nó cuir ríomphost chuig msp@mayococo.ie.
