Saoráil Faisnéise
Iarratas a dhéanamh ar Fhaisnéis (Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise)
An t-Oifigeach Saorála Faisnéise,
Áras an Chontae,
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Caisleán an Bharraigh.
Teileafón:
Facs:
Ríomhphost:
jwalsh@mayococo.ie
Ba chóir d’iarratas a dhéanamh i scríbhinn agus ba chóir a chur in iúl go bhfuil an fhaisnéis á lorg faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
- Ní mór táille chaighdeánach €15 a sheoladh le d’iarratas chun rochtain a fháil ar thaifid a bhfuil faisnéis neamhphearsanta iontu.
- Tá táille laghdaithe €10 i bhfeidhm i gcás gur sealbhóir an chárta leighis tú nó i gcás go bhfuil tú i gcleithiúnas ar shealbhóir an chárta leighis.
Más mian leat an fhaisnéis a fháil in aon fhormáid ar leith, e.g. fótachóip, diosca srl., ba chóir duit é seo a chur in iúl san iarratas.
Tabhair a oiread sonraí agus is féidir leat d’fhonn cuidiú linn na taifid atá uait a aithint.
Má bhíonn aon deacracht agat na taifid áirithe atá uait a aithint, beimid lántoilteanach cuidiú leat d’iarratas a ullmhú.
Ní mór dúinn admháil a eisiúint chugat go bhfuaireamar an t-iarratas laistigh de choicís ó dháta a fhaighte.
Ní mór dúinn teacht ar chinneadh maidir leis an iarratas laistigh de cheithre seachtaine ó dháta a fhaighte ach sa chás go mbaineann an t-iarratas le líon áirithe taifead sa chaoi nach féidir linn déileáil leis taobh istigh den am sonraithe go praiticiúil, ceadófar síniú ama nach faide ná ceithre seachtaine. Caithfear fad na tréimhse breise a chur in iúl duit agus na cúiseanna go bhfuil sí ag teastáil.
Cearta Athbhreithnithe agus Achomhairc
Sonraíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise na meicníochtaí achomhairc sa chás go ndiúltaítear do iarratas, nó maidir le rochtain, muirir, an cineál rochtana srl, a chur ar athlá. Seo a leanas mionsonraí na meicníochtaí achomhairc:
Athbhreithniú Inmheánach
Féadfaidh tú Athbhreithniú Inmheánach ar an mbunchinneadh a lorg agus cuirfidh oifigeach ag leibhéal níos airde é sin i bhfeidhm.
I gcás go mbíonn tú míshásta leis an gcéad fhreagra a fhaigheann tú i.e. diúltaítear an fhaisnéis a scaoileadh, an cineál rochtana, muirir srl., nó
i gcás nach bhfuair tú freagra laistigh de cheithre seachtaine ón gcéad iarratas uait.
Measfar gur diúltú ar d’iarratas é seo agus ceadaíonn sé duit dul ar aghaidh chuig Athbhreithniú Inmheánach.
Ba chóir iarratais ar Athbhreithniú Inmheánach a chur faoi bhráid i scríbhinn laistigh de cheithre seachtaine ón gcéad chinneadh a bheith déanta, chuig:
Stiúrthóir Seirbhísí,
Gnóthaí Corparáideacha,
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Caisleán an Bharraigh.
Teileafón:
Facs:
094 - 9023937
Ní mór do Chomhairle Contae Mhaigh Eo an t-athbhreithniú a chur i gcrích laistigh de thrí seachtaine. De ghnáth caithfear an t-Athbhreithniú Inmheánach a chur i gcrích sula féidir aon achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
Ach amháin i gcás faisnéise pearsanta:
- Caithfear táille chaighdeánach €75 a sheoladh le hiarratas ar athbhreithniú inmheánach.
- Gearrtar táille laghdaithe €25 más sealbhóir an chárta leighis é an t-iarratasóir nó más cleithiúnaí é an t-iarratasóir ar shealbhóir an chárta leighis.
Má bhaineann an t-achomharc go sonrach le cinneadh chun muirir ar chuardach agus aimsiú taifead a ghearradh nó má bhaineann sé le muirear a gearradh ar thaifid a chóipeáil, ní ghearrfar aon táille achomhairc.
Athbhreithniú an Choimisinéara Faisnéise
Féadfaidh tú achomharc neamhspleách ón gCoimisinéir Faisnéise a lorg i gcás:
ag eascairt as nós imeachta an Achomhairc Inmheánaigh go mbíonn tú míshásta leis an gcinneadh; nó
nach bhfuair tú freagra ar d’iarratas ar Athbhreithniú Inmheánach laistigh de 3 seachtaine ón dáta ar sheol tú isteach d’iarratas. Meastar gur diúltú é seo agus féadfaidh tú achomharc a lorg ón gCoimisinéir.
Féadfar achomharc i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
18 Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
Ach amháin i gcás faisnéis pearsanta:
- Caithfidh táille chaighdeánach €150 a bheith leis an iarratas ar athbhreithniú.
- Gearrtar táille laghdaithe €50 más sealbhóir an chárta leighis é an t-iarratasóir nó más cleithiúnaí ar shealbhóir an chárta leighis é.
Má bhaineann an t-achomharc go sonrach le cinneadh chun muirear ar chuardach agus aimsiú taifead a ghearradh nó má bhaineann sé le muirear ar thaifid a fhótachóipeáil, ní ghearrfar aon táille achomhairc.
Gliogáil anseo do Chairt Chúraim Chustaiméirí agus Faisnéis faoin Nós Imeachta maidir le Gearáin a dhéanamh.
Saoráil Faisnéise
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo
Teileafón : Teileafón : 094 - 9023937
R-phost :Ríomhphost: jwalsh@mayococo.ie
10am - 1pm and 2pm - 5pm Luan go hAoine
