Clár na dToghthóirí

Clár na dToghthóirí
Tá roinnt foirmeacha a bhaineann leis an toghchán ar fáil ar líne.
- An bhfuil tú ar Chlár na dToghthóirí? (Gliogáil anseo; osclaíonn sé fuinneog nua )
- Foghlaim níos mó mar gheall ar Thoghcháin agus cé atá in ann vótáil iontu
Coinníollacha Cláraithe
Tá an Chomhairle freagrach as tiomsú Chlár na dToghthóirí (clár vótála) do Chontae Mhaigh Eo. Tagann an Clár i bhfeidhm ón 15ú Feabhra gach bliain, agus is féidir le daoine 18 bliain nó níos sine ar an dáta sin, atá cáilithe ar bhealach eile, clárú chun vótáil. Is é an seoladh ag a bhfuil duine cláraithe an seoladh ag a gcónaíonn sé / sí ar an 1ú Meán Fómhair roimh fhoilsiú.
Saoránacht
Saoránach Éireannach – Is féidir leo vótáil i ngach toghchán agus reifreann.
Saoránach Sasanach – Is féidir leo vótáil i dToghcháin sa Dáil, i bParlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin áitiúla amháin.
Saoránach an AE – Is féidir leo vótáil i bParlaimint na hEorpa agus i dToghcháin Áitiúla amháin.
Saoránach nach Saoránach AE iad – Is féidir leo vótáíl i dToghcháin áitiúla amháin.
Liostaí vótálaithe Poist
Tá cúig chatagóir éagsúla de Liostaí Vótálaithe Poist, mar seo a leanas:-
- Óglaigh na hÉireann;
- Garda Síochana;
- Taidhleoirí ón gcoigríoch;
- Daoine faoi mhíchumas (Poist) a bhfuil breoiteacht choirp orthu nó atá faoi mhíchumas coirp, agus ar mian leo vótáil phoist a dhéanamh ón mbaile, is féidir leo iarratas a dhéanamh chun dul ar an Liosta Vótálaithe Poist, Cuid iv trí fhoirm iarratais PV1 a chomhlánú. Caithfidh dochtúir ginearálta an fhoirm iarratais PV1 d’iarratasóirí den chéad uair a dheimhniú.
- Cúinsí Oibre- Is féidir le daoine nach bhfuil in ann dul chuig a n-ionad vótála de bharr oibre, seirbhíse nó fostaíochta, cur isteach ar vótaí poist, m.s. Mic léinn, Iascairí, píolótaí, ionadaithe cuideachtaí, tiománaithe fad-achair, fostaithe gan aon láthair oibre seasta.
Liosta Vótálaithe Speisialta
Is féidir le daoine a bhfuil breoiteacht choirp orthu nó atá faoi mhíchumas coirp agus a bhíonn ina gcónaí in ospidéal sa bhaile nó institiúid mar sin de ghnáth, cur isteach ar an liosta speisialta vótálaithe, agus cuireann an tOifigeach Ceannais Speisialta an páipéar ballóide ar fáil dóibh roimh lá vótála.
Foilsítear dréachtchlár roimh an 1ú Samhain gach bliain agus cuirtear ar fáil é i ngach Oifig Chomhairle, i leabharlanna, agus in Oifigí Poist sa chontae chomh maith agus cuirtear fáilte roimh an bpobal chun seiceáil an bhfuil siad cláraithe i gceart. Is féidir le daoine cur isteach chun athruithe (éilimh) a dhéanamh roimh fhoilsiú an chláir dheiridh. Is é 25ú Samhain an dáta deiridh d’éilimh den chineál sin.
Tionóltar Cúirteanna Athbhreithnithe Éileamh le linn Mí na Nollag ar fud an chontae chun athbhreithniú a dhéanamh ar éilimh/ aighneachtaí atá faighte, agus bíonn Cláraitheoir an Chontae, a rialaíonn ar na haighneachtaí atá curtha faoi bhráid, sa chathaoir. Bíonn fógraí maidir leis na Cúirteanna sin sna nuachtáin áitiúla agus féadfaidh daoine bheith i láthair más mian leo.
Forlíonadh do Chlár na dToghthóirí
Ullmhaítear an forlíonadh don chlár i gcás toghcháin/ reifrinn. Tugann sé seo deis do na daoine atá i dteideal a bheith san áireamh ar an gClár cur isteach air suas go 14 lá roimh lá vótála. Caithfidh daoine nach bhfuil cláraithe chun vótáil an Fhoirm Iarratais RFA2 a chomhlánú (Glas). Caithfidh daoine atá ag iarraidh seoladh a athrú cur isteach ar an bhfoirm RFA3 (Bándearg).
Clár na dToghthóirí
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 9024444
R-phost : registerofelectors@mayococo.ie
9am - 1pm agus 2pm - 5pm Dé Luain - Dé hAoine
