Toghcháin
Mar gheall ar Thoghcháin
Bíonn Toghcháin Áitiúla (toghchán na gComhairleoirí) ar siúl, de ghnáth, gach cúig bliain. Rinneadh na toghcháin áitiúla dheiridh in 2004.
Toghtar 31 comhairleoir do Chomhairle Contae Mhaigh Eo. (Féach ar an liosta reatha de Chomhairleoirí).
Tá ceart vótála ag vótálaithe i mbailte Bhéal an Átha, Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart i dtoghcháin an Chontae agus an Bhaile.
Tá an Contae roinnte amach i seacht dtoghcheantar áitiúla lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ag gach cuid den Chontae ar an gComhairle Contae. Toghann na comhaltaí Cathaoirleach ar a dtugtar ‘Cathaoirleach’ gach bliain ag Cruinniú Bliantúil na Comhairle. Tá an Cathaoirleach freagrach as a bheith i gceannas ar gach cruinniú den Chomhairle agus gníomhaíonn sé mar phríomhionadaí na Comhairle le linn a dtéarma.
Cé atá i dteideal vótála i dtoghchán áitiúil?
Tá daoine i dteideal clárú chun vótáil atá 18 bliain d’aois nó os a chionn i dtoghchán áitiúil do thoghcheantar ina gcónaíonn siad de ghnáth. Níl saoránacht Éireannach riachtanach chun a bheith i dteideal vótála i dtoghchán áitiúil.
Fógra Vótála
Forordaíonn an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil an Lá Vótála Toghchán Áitiúil agus tá sé de dhualgas ar an gComhairle fógra a fhoilsiú a lorgann ainmniúcháin agus a shonraíonn spriocdháta chun na páipéir chomhlánaithe a chur faoi bhráid an Rúnaí Chontae/ Chinn Chomhairimh.
Ainmniú na n-iarrthóirí
Caithfidh iarrthóir do thoghchán áitiúil a bheith ina shaoránach Éireannach agus d’fhéadfadh sé/ sí, é/í féin a ainmniú lena thoghadh. Is féidir le haon toghthóir ainmniúcháin a dhéanamh atá ar chlár na dtoghthóirí don toghcheantar ina ndéantar an t-ainmniúchán, ach caithfidh an t-iarrthóir a chomhthoiliú a thabhairt don ainmniúchán. Chun críocha na dToghchán Áitiúil a thionólfar in 2004, beidh sé riachtanach d’iarrthóir éarlais a lóisteáil a aisíocfar má fhaigheann an t-iarrthóir níos mó ná ceathrú cuid den chuóta (an líon vótaí riachtanach chun toghadh a chinntiú).
Ag Stiúradh an Toghcháin
Is é an Rúnaí Contae an ceann comhairimh atá freagrach as stiúradh an toghcháin.
Nuair a chríochnaítear na hainmniúcháin, déanann sé na socruithe chun an toghchán a dhéanamh, ceapann sé an fhoireann riachtanach, ullmhaíonn sé na páipéir bhallóide agus stiúrann sé agus déanann sé maoirseacht ar chomhaireamh an toghcháin.
Fógraíonn an Ceann Comhairimh torthaí an toghcháin.
Scéim Vótála
Tá “scéim vótála” ag an gComhairle don chontae ina sonraítear an áit vótála do na toghthóirí.
Clár na dToghthóirí
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 9024444
R-phost : registerofelectors@mayococo.ie
9am - 1pm agus 2pm - 5pm Dé Luain - Dé hAoine
