Tá infheistíocht de €3.00m curtha ar fáil ag an mBSL le haghaidh Ciste Fhiontar Chomhraic Teo., i ndiaidh dúnadh Stáisiún Cumhachta Bhéal Átha Chomhraic i 2005. Is í an phríomhaidhm atá ag an gCiste ná cruthú deiseanna fostaíochta i Maigh Eo thuaidh (féach ar an léarscáil).
Foirmeacha Iarratais agus Treoirlínte
Motar go dtabharfaí cuireadh don gCoiste Luachála chun measúnú a dhéanamh ar mholtaí i gcóir ráiteas a thabhairt ar na critéir liostáilte thíos roimh ghlacadh deiridh:
Tabharfar tosaíocht do thograí ar scála níos mó agus do thionscnaimh theicneolaíochta nua/eacnamaíochta eolais ar dhócha go mbeidh tionchar substaintiúil eacnamaíochta acu ar rathúnas socheacnamaíoch.
Tá na catagóirí seo a leanas as an áireamh do bheith faoi bhreithniú:
Níl ach tograí suite laistigh den Cheantar Feidhmeach i dteideal a breithnithe. D'fhéadfaí 5% den infheistíocht curtha in áirithe d'oideachas agus d'oiliúint a úsáid lasmuigh den teorainn tíreolaíocht más féidir buntáistí don Cheantar Feidhmeach a bheith aitheanta go soiléír.
Féadfaidh na dreamanna seo a leanas iarratais a chur isteach i leith maoinithe/cuidithe:
Caithfidh eagrais incháilithe mar a sainítear thuas, nó a macasamhail, bunreacht scríofa a bheith acu agus a bheith in acmhainn cuntais iniúchta a sholáthar ag clúdach gnéithe uilig a ngníomhaíochta agus a bheith cáin-chomhlíontach.
Caithfear díriú ar na gnéithe seo a leanas, go háirithe:
Aithnítear go bhfuil Gaeltacht Iorrais laistigh de cheantar feidhme an Bhoird. Tá sé mar aidhm ag an mBord tacú le cur chun cinn na Gaeilge, éagsúlacht chultúrtha a spreagadh, agus comhoibriú leis na heagraíochtaí éagsúla a bhfuil cúraimí sonracha ortha i leith na Gaeilge agus an Chultúir.
Tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais ó:
Fiontar Chomhraic Teo
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Pobal & Fiontraíocht
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Teil: 094 – 904 7545.
R-phost: dce@mayococo.ie