Tá tú anseo: Baile > MayoCoCo do Pháistí > Céard a Dhéanaimid?

Nascleanúint

Naisc go dtí suíomhanna eile

Íoslódáil Adobe Reader

Amharc ar dhociméid FDI »

Céard a Dhéanaimid?


Ealaíona & Cultúr


Tugann an tSeirbhís Ealaíon de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo tacaíocht d'ealaíontóirí, scríbhneoirí, ceoltóirí, drámadóirí, damhsóirí, oibrithe sna healaíona pobail agus d’eagraíochtaí ealaíon a oibríonn i Maigh Eo.

Gliogáil anseo chun breathnú ar an Rannóg Ealaíon agus Cultúir.

Comhshaol

Tá an Rannóg Comhshaoil de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo freagrach as cáilíocht beatha mhuintir Mhaigh Eo a caomhnú agus a fheabhsú. Bíonn siad an-ghnóthach agus iad i bhfeighil na dtránna agus na linnte snámha, bailiúcháin bruscair, cur chun cinn na hathchúrsála agus slachtmhaireachta sa phobal.

Gliogáil anseo chun breathnú ar an Rannóg Comhshaoil.

Seirbhís Dóiteáin

Tá an ceantar is mó sa tír le clúdach ag lucht múchta dóiteán Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Déileálann na fir agus na mná múchta dóiteán le tuairim is 1500 tine, timpiste agus tarrtháil gach bliain. Tá sárthraenáil faighte acu, agus déanann siad a ndícheall i gcónaí muid a chosaint. Gach Deireadh Fómhair tugann siad cuireadh dúinn teacht chuig an Stáisiún Dóiteáin lena fheiceáil cén chaoi a n-oibríonn rudaí agus lena mhíniú dúinn cén chaoi is féidir tine a chosc.

Gliogáil anseo chun breathnú ar Rannóg na Seirbhíse Dóiteáin.

Tithíocht

Déanann Rannóg Tithíochta Chomhairle Contae Mhaigh Eo cinnte go bhfuil teach ag gach duine i Maigh Eo le cónaí ann. Is é atá freagrach freisin as cothabháil thithe na Comhairle Contae uile sa chontae.

Gliogáil anseo chun breathnú ar an Rannóg Tithíochta.

Leabharlann

Tá an leabharlann ar an tseirbhís is mó éileamh air i measc sheirbhísí Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tugtar tuairim is leathmhilliún leabhar, téip, CD, agus DVD ar iasacht gach bliain ó leabharlanna fud fad an chontae. Ní hé leabhair agus rudaí eile a thabhairt ar iasacht an t-aon fheidhm atá ag an leabharlann. Is féidir dul ar an idirlíon sa leabharlann, tá bailiúchán ollmhór eolais acu a chuidíonn le daoine atá ag déanamh taighde nó tionscadail, eagraíonn siad seisiúin scéalaíochta agus tagann scríbhneoirí cáiliúla ar cuairt, agus soláthraíonn siad leabhair do gach bunscoil sa chontae.

Gliogáil anseo chun breathnú ar shuíomh idirlín Leabharlann Chontae Mhaigh Eo.

Mótarcháin

Eisíonn an Rannóg Mótarchánach de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo na ceadúnais tiomána uile don chontae mar aon le dioscaí mótarchánach do na feithiclí uile i gContae Mhaigh Eo.

Gliogáil anseo chun breathnú ar an Rannóg Mótarchánach.

Pleanáil

Is é an Rannóg Pleanála a dhéanann cinntí i leith na n-iarratas pleanála uile a fhaigheann Comhairle Contae Mhaigh Eo.  Is iadsan a dearbhaíonn cé acu an dtugtar nó nach dtugtar cead teach a thógáil, agus cén buntáiste don cheantar é.

Gliogáil anseo chun breathnú ar an Rannóg Pleanála.

Bóithre

Déanann Rannóg na mBóithre na bóithre uile sa chontae a chothabháil agus tógann siad bóithre nua chomh maith. Déanann siad iarracht na bóithre a choinneáil slán trí linntreoga a líonadh agus trí shalann a scaipeadh orthu nuair a bhíonn sé ag cur seaca.

Gliogáil anseo chun breathnú ar Rannóg na mBóithre.