Tá tú anseo: Baile > MayoCoCo do Pháistí > Comhshaol

Nascleanúint

Naisc go dtí suíomhanna eile

Íoslódáil Adobe Reader

Amharc ar dhociméid FDI »

MayoCoCo do Pháistí: Comhshaol

Green Schools Logo

Céard é tionscadal na Scoileanna Glasa?


“Tá dúil mhór ag formhór an óige i gcúrsaí comhshaoil. Is féidir leo foghlaim faoi na cúrsaí seo sa seomra ranga mar aon le tríd na meáin. Is mian leo a gcuid a dhéanamh ar a shon, ach ní furasta i gcónaí eolas a fháil ar céard ba chóir a dhéanamh agus cén chaoi a ndéantar é. D’fhéadfadh na Scoileanna Glasa an fhadhb sin a réiteach” - An tOllamh Graham Ashworth, Uachtarán FEEE. (Aistriúchán)

Tionscadal uile-Eorpach is ea Scoileanna Glasa a dearadh chun scoileanna iomlána a ghríosadh chun oibre ar son an chomhshaoil agus aitheantas a thabhairt dóibh dá bharr. Soláthraíonn Scoileanna Glasa bealach sainithe instiúrtha chun an méid a fhoghlaimítear faoin gcomhshaol sa churaclam a chur i ngníomh i bhfeidhmiú laethúil na scoile.

Ní mór do scoileanna Seacht gCéim na Scoileanna Glasa a chur i bhfeidhm le bheith ainmnithe mar Scoil Glas.

Is clár agus scéim dhámhachtainí araon é Scoileanna Glasa.

Is é an Taisce, i gcomhar le hÚdaráis Áitiúla ar fud an hÉireann atá ina cheann. Is é An Taisce a bhainistíonn an clár. Ba í an Fhondúireacht um Oideachas Comhshaoil san Eoraip (FEEE) a d’fhorbair an coincheap.

 

Más mian leat do scoil a chlárú agus an paca do Scoileanna Glasa a fháil saor in aisce, déan teagmháil leis an Rannóg Comhshaoil de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo, nó leis an Taisce ag an seoladh thíos:

An Taisce
Taylor’s Hall
An Lána Cúil
Baile Átha Cliath 8
Fóin: (01) 454 1819,
Ríomhphost: greenschools@antaisce.org

Gliogáil anseo chun grianghraif de na Scoileanna Glasa i Maigh Eo a fheiceáil.