Tá tú anseo: Baile > MayoCoCo do Pháistí > Sábháilteacht

Nascleanúint

Naisc go dtí suíomhanna eile

Íoslódáil Adobe Reader

Amharc ar dhociméid FDI »

MayoCoCo do Pháistí: Sábháilteacht


Sábháilteacht Dóiteáin


Fire Extinguisher

 

 

Is féidir le tine a bheith contúirteach agus ba chóir a bheith cúramach leis i gcónaí.

Sábháilteacht Dóiteáin sa bhaile

  • Ná seas ar an tinteán ró-ghar don tine toisc go bhféadfadh d'éadaí dul trí thine.
  • Fan amach ó chipíní lasta, lastóirí agus coinnle, agus ná fág faoi fhad láimhe páistí óga iad.
  • Meabhraigh do dhaoine fásta na haláraim dheataigh a sheiceáil go rialta lena chinntiú go bhfuil na cadhnraí fós beo iontu.
  • Múch agus díphlugáil fearas leictreach ar nós teilifíseán agus steiréónna nuair nach bhfuil siad in úsáid.


Aláraim Dheataigh

D’fhéadfadh aláram deataigh cuidiú leat nó tú a shábháil ar an mbás fiú dá mbeadh tine i do theach, go háirithe agus tú i do chodladh. D’fhéadfadh sé tarlú nach bhfeicfeá an tine nó nach bhfaighfeá boladh an deataigh in am chun deis éalaithe a thabhairt duit. Braitheann aláraim dhóiteáin deatach san aer. Oibríonn siad fiú mura bhfuil ann ach fíorbheagán deataigh. Nuair a bhuaileann an t-aláram deataigh ligeann sé bípeanna arda as. Má bhuaileann an t-aláram dóiteáin ba chóir duit an teach a fhágail a sciobtha agus is féidir chun tú a choinneáil slán. Is é an tsíleáil an áit is fearr le haláram dóiteáin a fheistiú.

I gcás tine:

Nuair a chloiseann tú an t-aláram dóiteáin nó nuair a fhaigheann tú boladh deataigh ba chóir duit an teach a fhágáil a sciobtha agus is féidir. Cuimhnigh go líontar an teach le deatach an-sciobtha i gcás tine.  Má théann tú ar na ceithre boinn ar an urlár áfach is fearr a bheidh tú in ann feiceáil agus anáil toisc go n-éiríonn deatach. Nuair a théann tú amach fan amach agus cuir fios ar an mbriogáid dóiteáin. Ná téigh ar ais sa teach chun aon rud a fháil.

Sábháilteacht ar Bhóithre

 

Motor Car

Sa charr

 

  • Is é an suíochán cúil an áit is sábháilte do pháiste agus iad sa charr.
  • Ba chóir do gach duine crios sábhála a chaitheamh agus iad ag taisteal sa charr, agus ba chóir do pháistí faoi bhun 4 bliana d’aois srian sábháilteachta páiste a chaitheamh. Coinneoidh do chrios sábhála slán ó ghortú thú. Má fheiceann tú duine gan crios sábhála orthu, ba chóir insint dóibh é a chur orthu.

 

Sábháilteacht Uisce

San Uisce

 

  • Ná téigh ag snámh i d’aonar.
  • Ná téigh ag snámh i ndiaidh bia a ithe.
  • Ná téigh ag snámh nuair a bhíonn tú te agus tuirseach.
  • Ná snámh amach ar thóir rudaí atá imithe le sruth.
  • Bí airdeallach ar chomharthaí rabhaidh.
  • Fan gar don chladach agus tú ag snámh.
  • Ná húsáid tochtanna aeir riamh.
  • Ná fan san uisce ró-fhada.
Bí eolach ar na contúirtí agus tú ag snámh