
Foirmeacha Chlár na dToghthóirí nó Cláraigh ar Líne
Déan cinnte go bhfuil d'ainm ar Chlár na dToghthóirí
Tá an Chomhairle freagrach as tiomsú Chlár na dToghthóirí (clár vótála) do Chontae Mhaigh Eo. Tagann an Clár i bhfeidhm ón 15ú Feabhra gach bliain, agus is féidir le daoine 18 bliain nó níos sine ar an dáta sin, atá cáilithe ar bhealach eile, clárú chun vótáil. Is é an seoladh ag a bhfuil duine cláraithe an seoladh ag a gcónaíonn sé / sí ar an 1ú Meán Fómhair roimh fhoilsiú.
Saoránach Éireannach – Is féidir leo vótáil i ngach toghchán agus reifreann.
Saoránach Sasanach – Is féidir leo vótáil i dToghcháin sa Dáil, i bParlaimint na hEorpa agus i dtoghcháin áitiúla amháin.
Saoránach an AE – Is féidir leo vótáil i bParlaimint na hEorpa agus i dToghcháin Áitiúla amháin.
Saoránach nach Saoránach AE iad – Is féidir leo vótáíl i dToghcháin áitiúla amháin.
Tá cúig chatagóir éagsúla de Liostaí Vótálaithe Poist, mar seo a leanas:-
Is féidir le daoine a bhfuil breoiteacht choirp orthu nó atá faoi mhíchumas coirp agus a bhíonn ina gcónaí in ospidéal sa bhaile nó institiúid mar sin de ghnáth, cur isteach ar an liosta speisialta vótálaithe, agus cuireann an tOifigeach Ceannais Speisialta an páipéar ballóide ar fáil dóibh roimh lá vótála.
Foilsítear dréachtchlár roimh an 1ú Samhain gach bliain agus cuirtear ar fáil é i ngach Oifig Chomhairle, i leabharlanna, agus in Oifigí Poist sa chontae chomh maith agus cuirtear fáilte roimh an bpobal chun seiceáil an bhfuil siad cláraithe i gceart. Is féidir le daoine cur isteach chun athruithe (éilimh) a dhéanamh roimh fhoilsiú an chláir dheiridh. Is é 25 Samhain an dáta deiridh d’éilimh den chineál sin.
Tionóltar Cúirteanna Athbhreithnithe Éileamh le linn Mí na Nollag ar fud an chontae chun athbhreithniú a dhéanamh ar éilimh/ aighneachtaí atá faighte, agus bíonn Cláraitheoir an Chontae, a rialaíonn ar na haighneachtaí atá curtha faoi bhráid, sa chathaoir. Bíonn fógraí maidir leis na Cúirteanna sin sna nuachtáin áitiúla agus féadfaidh daoine bheith i láthair más mian leo.
Ullmhaítear an forlíonadh don chlár i gcás toghcháin/ reifrinn. Tugann sé seo deis do na daoine atá i dteideal a bheith san áireamh ar an gClár cur isteach air suas go 14 lá roimh lá vótála. Caithfidh daoine nach bhfuil cláraithe chun vótáil an Fhoirm Iarratais RFA2 a chomhlánú (Glas). Caithfidh daoine atá ag iarraidh seoladh a athrú cur isteach ar an bhfoirm RFA3 (Bándearg).
Ullmhaítear forlíonadh do Liostaí na Vótálaithe Poist agus Vótálaithe Speisialta nuair a ghairtear toghchán/reifreann. Is é an spriocdháta le haghaidh iarratais le bheith ar an liosta ná dhá lá i ndiaidh scor Dháil Éireann (i gcás ollthoghcháin) nó dhá lá i ndiaidh don Aire an tOrdu um Lá Vótála a shíniú (i gcás gach toghcháin nó reifrinn eile). Breathnaigh ar an bhfaisnéis thuasluaite faoi Liosta na Vótálaithe Poist maidir le catagóirí éagsúla vótálaithe poist agus na foirmeacha iarratais chuí.
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Contae Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 9024444
R-phost : registerofelectors@mayococo.ie
Oscailte:
9am - 1pm agus 2pm - 5pm Dé Luain - Dé hAoine