"Is é misean Chomhairle Contae Mhaigh Eo ná Caighdeán beatha na daoine a bhfuil cónaí orthu i Maigh Eo a fheabhsú agus feabhas a chur ar tharraingteacht an Chontae mar áit chun cónaí ann, chun oibriú ann chun sult a bhaint as agus chun infheistíocht a dhéanamh ann.”
Spriocanna Corparáideacha Móra Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Seirbhísí d’ardchaighdeán agus atá éifeachtacha ó thaobh costais de agus seirbhísí inrochtana a sholáthar agus cultúr de chúram custaiméara a fhorbairt ar fud an Chontae.
Timpeallacht nádúrtha an Chontae a chosaint agus athnuachan agus athfhorbairt a spreagadh, fhad agus atá tarraingteacht na radhairc á choinneáil.
Cinntiú gur féidir le gach teaghlach i Maigh Eo maireachtáil in áit chónaithe d’ardchaighdeán, atá suite i dtimpeallacht inghlactha ag costas nó cíos inacmhainne.
Gréasán bóithre sábháilte a chinntiú chun dul i ngleic le riachtanais an té a chónaíonn sa chontae, atá ag obair ann nó iadsan atá ar cuairt.
Cabhrú le forbairt na n-acmhainní nádúrtha agus tionsclaíoch sa chontae chun féidireachtaí fostaíochta a mhéadú a thagann le cosaint na timpeallachta nádúrtha
Seirbhísí pobail riachtanacha eile a sholáthar chun coinníollacha maireachtála agus caighdeán maireachtála gach duine i Maigh Eo a fheabhsú
Poitéinseal ár ngréasán oifigí ceantair a mhéadú chun seirbhísí na Comhairle a chur ar fáil chomh gar agus is féidir do na daoine a ndéanaimid freastal orthu
Dearcadh an phobail ar an gComhairle mar sholáthraí seirbhíse nua aimseartha, éifeachtúil agus éifeachtach a fheabhsú
Poitéinseal an fhoireann a mhéadú
Tacaíocht a thabhairt don Comhairleoir tofa i gcomhair leis na prionsabail