Tá tú anseo: Baile > Na Comhairlí > Gníomhaireachtaí Eile > Bord Forbartha Contae Mhaigh Eo

BF Mhaigh Eo


Bord Forbartha Contae Mhaigh Eo


Bunaíodh Bord Forbartha Contae Mhaigh Eo an 30 Márta 2000.  Tá an Bord comhdhéanta de na himreoirí is mó i bhforbairt áitiúil sa chontae.

Tá an Bord comhdhéanta de cheithre earnáil: An tÚdarás Áitiúil, Forbairt Áitiúil, na Gníomhaireachtaí Stáit agus na Comhpháirtithe Sóisialta,

Bunaíodh é mar go bhfuil fás ollmhór tagtha ar an raon agus ar chastacht na seirbhísí poiblí atá ar fáil go háitiúil le deich mbliana anuas nó mar sin, mar atá an tseirbhís phoiblí ag athrú chun dul i ngleic leis na riachtanais áitiúla nua atá ag teacht chun cinn. Cuirtear roinnt de na seirbhísí seo ar fáil faoi threoir an Chóras Rialtais Áitiúil; cuid eile ar fáil ó ghníomhaireachtaí forbartha áitiúla nua a bhíonn ag obair le taobh an Chóras Rialtais Áitiúil; agus cuid eile ar fáil ón Rialtas Láir agus a chuid gníomhaireachtaí.

Tá an iarracht seo ar fad an-mhór agus ní bhíonn iarracht an duine aonair soiléir i gcónaí. Teastaíonn comhordú agus ceannaireacht chun forluí a sheachaint, agus go deimhin, chun na riachtanais nach bhfuil á gcomhlíonadh a aithint agus a chomhlíonadh, agus is é seo ról agus freagracht Bhord Forbartha an Chontae.

Téigh chuig ár láithreán gréasáin www.mayocdb.ie. le haghaidh tuilleadh eolais ar MCDB