Seirbhísí Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Roghnaigh ceannteideal chun na sonraí a fheiceáil
Ealaíona
Tá seirbhís ealaíon an chontae bunaithe ar na prionsabail seo a leanas: caighdeán, rochtain, cuimsitheacht agus luach fadtéarmach. Is í an aidhm atá againn nach gníomhaíochtaí éilíteacha, scartha amach a bheidh sna healaíona don té a bhfuil oideachas orthu agus taithí ealaíonta acu ach imeachtaí dúshlánacha, inrochtana agus taitneamhacha do gach duine le sásamh a bhaint astu.
Timpeallacht
Tá Rannóg Thimpeallachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo freagrach as bainistiú dramhaíola, athchúrsáil, tionscnamh na scoileanna glasa agus cothabháil tránna agus reiligí chomh maith le rudaí eile. Tá na sonraí iomlána le fáil ar an bpríomhleathanach timpeallachta.
Seirbhís Dóiteáin
Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo an tÚdarás Dóiteáin do limistéar riaracháin Chontae Mhaigh Eo agus na trí limistéar Comhairle Baile – Caisleán an Bharraigh, Cathair na Mart agus Béal an Átha. Tá 136 comhraiceoir dóiteáin fostaithe ag an gComhairle faoi láthair i 12 stáisiún dóiteáin agus tá 8 n-aonad píobáin agus dréimirí lonnaithe ar fud an chontae.
Tithíocht
Pléann Rannóg Thithíochta Chomhairle Contae Mhaigh Eo le Tithíocht Údaráis Áitiúil, Tithíocht Deonach, Córas Úinéireachta Roinnte, an Scéim Thithíochta Inacmhainne, suíomhanna tithe ar chostas íseal, an Scéim Liúntais Mhorgáiste, deontais do dhaoine faoi mhíchumas.
Mótarcháin
Pléann Rannóg Mhótarchánach Chomhairle Contae Mhaigh Eo le Cánachas Feithiclí, Ceadúnú Tiomána, Ceapadh garáistí mar thástálaí údaraithe le haghaidh feithiclí tráchtála, eisiúint Teastais Fhiúntais Bhóthair d’fheithiclí tráchtála, Soláthar sonraí ceadúnaithe, Deimhniú Coireanna Tráchta (Gardaí), Deimhniú Coireanna Tráchta (Páirceáil), Eisiúint Phlátaí Trádála, Eisiúint Admhálacha RT2 (Ceadúnais Fheithiclí Seirbhíse Poiblí).
Pleanáil
Déanann an Rannóg Phleanála cúram de na cinntí pleanála ar fad a dhéantar sa chontae lasmuigh de na trí limistéar riaracháin baile.
Rátaí & Ioncam
Pléann Rannóg Rátaí agus Ioncaim Chomhairle Chontae Mhaigh Eo le bailiú na Muirir Thráchtála, Muirir Uisce agus Muirir Bhruscair.
Bóithre
Clúdaíonn an Rannóg Iompair Bhóthair agus Shábháilteacht ar Bhóithre i gComhairle Contae Mhaigh Eo roinnt réimsí éagsúla maidir le bóithre an chontae. Chomh maith le bóithre níos sábháilte a chur ar fáil trí scéimeanna chun feabhas, cothabháil agus athchóiriú a dhéanamh ar bhóithre, tá an Chomhairle tar éis roinnt scéimeanna moillithe tráchta agus laghdaithe taismí a chur i gcrích le blianta beaga anuas. Tá na sonraí iomlána maille le naisc ábhartha le fáil ar leathanach na mbóithre trí ghliogáil ar an nasc thuas.
Uisce & Séarachas
Is é an polasaí atá ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, feabhas agus síneadh a chur le Seirbhísí Uisce an Chontae. Tá na sonraí iomlána maidir leis na scéimeanna atá tugtha chun críche le blianta beaga anuas maille le tionscnaimh reatha agus tionscnaimh amach anseo le fáil ar an leathanach Uisce & Séarachas thuas.
Oidhreacht
I measc na bpríomhréimsí a ndíríonn an tOifigeach Oidhreachta orthu tá: suim, oideachas, eolas agus bród maidir le hoidhreacht Mhaigh Eo a chothú; comhairle agus eolas a sholáthar don phobal agus d’fhoireann an Údaráis Áitiúil; bailiú sonraí; comhchaidreamh le heagraíochtaí eile maidir le cur chun cinn straitéisí, polasaithe agus tionscnaimh oidhreachta.
Deontais Ardoideachais
Ritheann Comhairle Contae Mhaigh Eo Scéim Dheontais Ardoideachais do chúrsaí údaraithe lánaimseartha tríú leibhéal ag leibhéal na fochéime agus na hiarchéime. Tá deontais ar fáil do chúrsaí údaraithe in ollscoileanna agus in institiúidí oideachais eile in Éirinn agus i dtíortha eile de chuid an AE.
Gníomhaireachtaí Eile
Anuas ar na seirbhísí a thairgíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo agus Comhairlí Bailte Bhéal an Átha, Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart, soláthraíonn na gníomhaireachtaí thíos seirbhísí eile. Níl an liosta cuimsitheach agus moltar do dhaoine cuairt a thabhairt ar shuíomh lín Oasis (le haghaidh eolas do shaoránaigh) agus Basis (le haghaidh eolas gnó). Soláthraíonn Irl.gov.ie eolas maidir le rialtas na hÉireann chomh maith le Dáil agus Seanad Éireann.
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.