Rannóg na nAiltirí
Réimse oibre na nAiltirí
Is é príomhfheidhm Rannóg na nAiltirí i gComhairle Contae Mhaigh Eo ná tionscadail chaipitil a ullmhú, a dhearadh, agus a thógáil, i dtreo tithíocht údaráis áitiúil, oifigí cathartha, stáisiúin dóiteáin agus leabharlanna a chur ar fáil ar fud an chontae.
Bíonn siad ag plé le réimsí eile chomh maith; déanann siad, mar shampla,:
- Clóis súgartha agus scéimeanna ‘Coill Cois Baile’ a chur ar fáil,
- Scéim na ndeontas um “Fhoirgnimh faoi Chosaint a Chaomhnú agus a Athchóiriú” a riaradh,
- An Straitéis Mhíchumais a chur i bhfeidhm,
- Ealaín Phoiblí a chur os comhair an phobail,
- Gairdíní Pháirc Thurlaigh a chothabháil agus a bhainistiú,
- Seirbhísí Comhairleachta Pleanála a sholáthar.
Breathnaigh ar roinnt de na tionscadail is déanaí a bhí againn
