Scéim Deontais Caomhantais
Scéim Deontais um Chaomhnú & Athchóiriú Foirgneamh atá faoi Chosaint
Tá sé mar aidhm ag an Scéim Deontais Caomhantais, atá faoi stiúir ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, cúnamh a thabhairt d’úinéir nó d’áititheoir obair chaomhantais agus athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgneamh atá faoi chosaint. D'fhéadfadh foirgneamh a bheith faoi chosaint de bharr a bheith ina dhíol spéise ó thaobh ailtireachta, seandálaíochta, ealaíne, cultúrtha, eolaíochta, sóisialta nó teicniúla de.
Dáiltear méid áirithe airgid ar an gComhairle gach bliain le caitheamh le linn na bliana féilire sin ar dheontais. Déantar na hiarratais ar dheontais a chur in ord tosaíochta gach bliain, de réir na n-acmhainní a chuirtear ar fáil dúinn. Ní thabharfar deontas le haghaidh obair ar fhoirgneamh má chuirtear tús leis an obair sin sula ndéantar an foirgneamh a scrúdú agus a fhaomhadh. Is féidir eisceacht a dhéanamh sa chás go bhfuilimid den tuairim go raibh an obair sin riachtanach chun baol láithreach do shlándáil nó do struchtúr an fhoirgnimh a mhaolú nó a dhíchur.
