Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > An Roinn Dóiteáin > Plean Móréigeandála

Eolas Gaolmhar

Plean Móréigeandála


Réamheolas


Más féidir a bheith cinnte faoi rud ar bith sa saol, is é go dtarlóidh rudaí nach mbítear ag súil leo. Is fíor é go dtarlaíonn go leor eachtraí laistigh den chontae seo gach bliain a chuireann isteach ar an ngnáthshaol seo againne. Uaireanta, is beag tionchar a bhíonn ag na heachtraí seo ar an bpobal áitiúil; ach i gcásanna eile bíonn plean de dhíth chun déileáil le cúrsaí mar seo, nuair nach nach bhfuil sé ar chumas an údaráis áitiúil déileáil leo leis féin.

Tá sé mar aidhm ag an bplean seo cur chuige a shocrú chun na cuspóirí ar fad a leanas a bhaint amach: seirbhísí agus acmhainní a scaipeadh a sciobtha agus a eifeachtaí agus is féidir i gcás éigeandála móire; sábháilteacht, sláinte, agus leas phobal Mhaigh Eo agus aon chuairteoirí atá inti a chosaint agus a chothú; damáiste do réadmhaoin, do bhonneagar, agus don chomhshaol a shrianadh agus a chosc; agus na pobail a bhíonn thíos leis an eachtra a chabhrú chun teacht chucu féin a luaithe agus is féidir.

Ullmhaíodh an plean seo de réir Chreat an Rialtais um Bainistiú Cás Móréigeandála, agus i gcomhar leis na páirtithe leasmhara.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ón:

Oifigeach Móréigeandála
Seirbhís Dóiteáin Mhaigh Eo
094-9021211

Mórphlean Éigeandála

(Document)
Mórphlean Éigeandála Chomhairle Contae Mhaigh Eo
Formats Available: