Bainistíocht Dramhaíola
Bainistíocht Chomhiomlánaithe Dramhaíola (doc - 1,423 kb)
Straitéis is ea an bhainistíocht chomhiomlánaithe dramhaíola (BCD) chun dramhaíl a bhainistiú, lena n-úsáidtear raon córas agus próiséas atá ceart ó thaobh an chomhshaoil de. De ghnáth, séard a bhíonn san áireamh ann na cur chun cinn a dhéanamh maidir le híoslaghdú dramhaíola, athchúrsáil ábhair, gnóthú acmhainne agus líonadh talún.
Forbhreathnú
Is iad cosc agus laghdú dramhaíola na gnéithe is tábhachtaí de bhainistiú dramhaíola. Is iomaí bealach ar féidir líon ár gcuid dramhaíola a laghdú, agus ní theastaíonn ach cúpla athrú simplí dár gcuid nósanna chun beart mór chun leasa an chomhshaoil a dhéanamh.
Láithreáin Líonta Talún
Leagan síos smachtaithe dramhaíola ar thalamh is ea líonadh talún. Is é an modh bainistíochta dramhaíola is lú fábhar, ach tá ról tábhachtach aige fós mar chuid den chóras iomlán náisiúnta bainistithe dramhaíola. Tá dhá laithreán líonta talún ag Comhairle Contae Mhaigh Eo; ag Doire an Iomaire agus Ráth Ruaín.
Tuilleadh eolais ar láithreáin líonta talún.
Ceadúnais Ionaid Dramhaíola
De réir na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Cead Saoráide agus Clárúchán), 2007 agus na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Cead Saoráide agus Clárúchán) (Leasú), 2008, ní mór do Chomhairle Contae Mhaigh Eo ceadúnais dramhaíola nó teastais chlárúcháin a eisiúint chuig iarratasóirí ar mhian leo a bheith gníomhach i ndiúscairt dramhaíola nó in aisghabháil dramhaíola ag na láithreáin ainmnithe i gContae Mhaigh Eo.
Tuilleadh eolais ar cheadúnais ionaid dramhaíola.
Ceadanna Bailiúcháin
De réir na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin), 2007, agus na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin) (Leasú), 2008, ní mór d’éinne a bhfuil gnó bailithe dramhaíola faoina stiúir aige iarratas a dhéanamh ar agus cead bailiúcháin a fháil ón Údarás Áitiúil cuí.
Tuilleadh eolais ar cheadanna bailiúcháin.
Rialú Bruscair
Úsáideann Comhairle Contae Mhaigh Eo córas éifeachtach bunaithe ar phrionsabail an oideachais agus an fhorfheidhmithe chun dul i ngleic le fadhb an bhruscair.
Tuilleadh eolais ar bhainistiú bruscair.
Dramhaíl Phacáistíochta
Glacann na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistiú), 2007 forlámhas ar aon an reachtaíocht tháinig roimhe maidir le dramhaíl phacáistíochta. Leagann na rialacháin seo síos na dualgais atá ar gach gnóthas a chuireann pacáistíocht, dramhaíl phacáistíochta, nó táirgí pacáistithe ar an margadh in Éirinn.
Tuilleadh eolais ar dhramhaíl phacáistíochta.
Tobhach ar Mhálaí Plaisteacha
Is sampla maith é an tobhach ar mhálaí plaisteacha, a cuireadh i bhfeidhm in Éirinn den chéad uair ar 4 Márta 2002, d'fheidhmiú praiticiúil cáin comhshaoil. Méadaíodh an tobhach go 22 cent faoi na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Tobhach Comhshaoil) (Mála Plaisteach) (Leasú) (Uimh. 2), 2007.
Tuilleadh eolais ar an tobhach ar mhálaí plaisteacha.
Plaistigh Feirme
Cuireann na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Plaistigh Feirme), 2001 iallach ar dhéantúsóirí agus ar iompórtálaithe plaistigh feirme scéimeanna a chur i bhfeidhm chun plaisteach caite (.i. plaisteach burlaí sadhlais agus braillíní plaisteacha) a bhailiú agus a dhiúscairt ar bhealach neamhdhíobhálach don chomhshaol.
Tuilleadh eolais ar phlaistigh feirme.
Forfheidhmiú Reachtaíocht Chomhshaoil
Cuireadh maoir chomhshaoil i mbun oibre ar son Chomhairle Contae Mhaigh Eo sa bhliain 2004 chun a thuilleadh béime a chur ar chomhlíonadh na reachtaíochta comhshaoil.
Tuilleadh eolais ar fhorfheidhmiú reachtaíocht chomhshaoil.
Dramhaíl Ghuaiseach
Bainimid úsáid as táirgí a bhfuil comhábhar guaiseacha iontu chuile lá. Ní mór iad a chur de láimh ar bhealach sábháilte i dtreo muid féin agus an comhshaol a chosaint.
Tuilleadh eolais ar dhramhaíl ghuaiseach.
Bailiú Bruscair
Ní bhailíonn Comhairle Contae Mhaigh Eo bruscar i Maigh Eo a thuilleadh.
Tuilleadh eolais ar bhailiú bruscair i Maigh Eo.
Gloine Thráchtála
Eolas faoin mbealach ceart chun gloine thráchtála a dhiúscairt.
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
