Bainistíocht Dramhaíola: Dramhaíl Ghuaiseach


Dramhaíl Ghuaiseach


Céard í Dramhaíl Ghuaiseach Tí?

Gach lá bainimid úsáid as earraí ina bhfuil nithe guaiseacha. Ina measc siúd tá roinnt áirithe péinteanna, vearnaisí, cadhnraí cairr, ola mótair, agus lotnaidicídí. Nuair a bhíonn cuid de na hearraí seo fágtha tar éis úsáide, tugtar "dramhaíl ghuaiseach tí" orthu. Léiríonn siombail ar na hearraí seo go bhfuil siad creimneach, guaiseach nó nimhiúil. Nuair nach gcuirtear de láimh iad mar is cóir, d'fhéadfadh dramhaíl ghuaiseach tí damáiste a dhéanamh dár sláinte agus don timpeallacht.

Cén chontúirt a bhaineann le diúscairt mhíchuí dramhaíl ghuaiseach?

In amanna faightear réidh le dramhaíl ghuaiseach trína chur síos sa doirteal nó sa leithreas nó nuair a chuirtear amach leis an ghnáth-bhruscar í. Sa chás seo ní thugtar faoi deara láithreach an damáiste a dhéanann sí. Ach má chuirtear an dramhaíl ghuaiseach síos an doirteal nó leithreas is féidir leis an umar múnlaigh agus na córais ghlanta uisce a thrúailliú. Níl cead dramhaíl ghuaiseach a chur i láithreáin líonadh talún i gContae Mhaigh Eo. Nuair a chuirtear a leithéid de dhramhaíl i láithreán líonta talún is baol don timpeallacht í. Caithfidh a leithéid de dhramhaíl láimhseáil ar leith a fháil sular féidir é a chur i láithreán líonta talún  nó ba chóir í a chur go láithreán líonta talún atá oiriúnach dá mhacasamhail dramhaíola. Ní cóir dramhaíl ghuaiseach tí a chur amach le do ghnáthbhruscar. Anseo thíos tá liosta de na hearraí nach ceart a chur amach i do bhosca bruscair le dul chuig an láithreán líonta talún.

  • cadhnraí
  • péint/vearnaisí
  • lotnalotnaidicídí
  • ábhair chreimneacha
  • luibhicídí
  • ola mótair
  • feadáin fhluaraiseacha
  • earraí glanta de chineál ar nós tuarthóir agus spiorad bán
  • leigheas agus leigheas tréidliachta
  • ola glasraí

Diúscairt chuí dramhaíl ghuaiseach tí

Téigh i dteagmháil le poitigéirí chun leigheas nach bhfuil in úsáid a thuilleadh a chur de láimh. Glacann Comhairle Chontae Mhaigh Eo le dramhaíl ghuaiseach tí ag Doire an Iomaire ar an bhóthar idir Chaisleán an Bharraigh agus Baile Uí Fhiacháin agus ag Ráth Ruaín, Bóthar Chill Ala i mBéal an Átha. Glacfaidh Comhairle Chontae Mhaigh Eo le dramhaíl ghuaiseach tí ag ionaid speisialta ceaptha mar fhoinsí bailiúchán i mbailte éagsúla ó bhliain go bliain. Bíonn sonraí na mbailiúchán sin le léamh sna meáin áitiúla.  Is féidir cadhnraí caite a thógáil ar ais chuig do dhíoltóir áitiúil cadhnraí, fad is go ndíolann siad an cineál cadhnra atá agat.  Coinnigh súil amach i gcomhair na mboscaí gorma le haghaidh cadhnraí caite atá le feiceáil i go leor siopaí.

Bainistíocht níos fearr ar dhramhaíl ghuaiseach tí

Roghnaigh earraí, má thig leat, nach  bhfuil drochthioncar acu ar an dtimpeallacht. Bíonn earraí atá níos cineálta don timpeallacht á ndíol ins na siopaí bianna sláinte agus sna hollmhargaí anois. Déan iarracht gan ach an méid atá uait a cheannach i dtreo is nach mbeidh ort fáil réidh le fuíollach. Coinnigh dramhaíl ghuaiseach ina árthach féin agus bí cinnte gur féidir na lipéid a léamh. Ná measc le chéile dhá chineál dramhaíola guaisigh. Ná cuir dramhaíl ghuaiseach riamh síos i ndraein, i ndoirteal nó i leithreas. Ná cuir amach dramhaíl ghuaiseach le do ghnáthbhruscar.

 

 


Rannóg Comhshaoil


An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.