Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Bainistíocht Dramhaíola > Ceadanna Bailiúcháin

Bainistíocht Dramhaíola: Ceadanna Bailiúcháin


Ceadanna Bailithe Dramhaíola


De réir na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin), 2007 agus na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Cead Bailiúcháin) (Leasú), 2008, ní mór d’éinne ar mhian leo dramhaíl a bhailiú ar luach saothair, agus d’fhonn brabús a dhéanamh, cead bailiúcháin a fháil roimh ré ó údarás áitiúil ainmnithe. Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo an t-údarás ainmnithe le haghaidh réigiún Chonnacht, ceann de na deich réigiún éagsúla atá in Éirinn.

Dá bhrí sin, ní mór iarratas ar chead bailithe dramhaíola a dhéanamh ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo má tá sé i gceist agat dramhaíl ar nós ábhar in-athchúrsáilte tráchtála agus tí, dramhaíl tógála agus scartála, fo-ithreach, boinn rotha, earraí leictreacha, cadhnraí, dramhaíl tí srl. a bhailiú áit ar bith laistigh de réigiún Chonnacht. I gcásanna áirithe is féidir cead a iarraidh chun dramhaíl a bhailiú i réigiúin eile sa tír.

Is cion é ábhar dramhaíola nach bhfuil díolmhaithe faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996-2008 a bhailiú gan cead reatha bailithe dramhaíola.

Más tá conraitheoir á úsáid agat chun dramhaíl nó earraí in-athchúrsáilte a bhailiú, bí cinnte go bhfuil cead reatha bailithe dramhaíola ag an mbailitheoir, agus go sonraíonn sé na hábhair dramhaíola faoi leith atá le bailiú sa réigiún.

Chun liosta a fháil de na bailitheoirí ceadaithe i gConnachta, breathnaigh ar an suíomh idirlín www.connaughtwaste.ie nó déan teagmháil leis an Rannóg Comhshaoil ag Comhairle Contae Mhaigh Eo.

Chun foirm iarratais, cáipéisí ábhartha, agus tuilleadh eolais ar cheadanna bailiúcháin a fháil, déan teagmháil leis an Rannóg Comhshaoil ar 094 – 90 24444


Rannóg Comhshaoil


An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.