Tá dualgas ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoina Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Ceadúnú agus Clárú Ionaid), 2007 agus na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Ceadúnú agus Clárú Ionaid) (Leasaithe), 2008 ceadúnais dramhaíola nó teastas clárúcháin a eisiúint d’iarratasóirí a bhfuil ag iarraidh gabháil do ghníomhaíochtaí diúscartha nó aisghabhála dramhaíola ag áiteanna ainmnithe i Maigh Eo. Caithfear iarratas a chur isteach ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun glacadh le dramhaíl tráchtála agus dramhaíl tí in-athchúrsáilte, dramhaíl tógála agus scartála, fo-ithir, boinn, earraí leictreonacha, cadhnraí agus dramhaíl tí srl. ag ionad i Maigh Eo. Tá ar na hionaid a nach bhfuil rialaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo ceadúnas a fáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Chomhshaoil (EPA).
Is coir é ábhair dramhaíola a ghlacadh nó a fhágáil ag ionad dramhaíola nach bhfuil cead an Údaráis Áitiúla nó ceadúnas EPA acu.
Má tá ionad dramhaíola á úsáid agat chun dramhaíl nó earraí in-athúrsáilte a fhágáil nó a aisghabháil, bí cinnte go bhfuil ceadúnas ionad dramhaíola reatha, teastas clárúcháin nó ceadúnas dramhaíola a dtugann cead do na hionaid glacadh le dramhaíl áirithe.
Tá liosta de na hionaid dramhaíola a bhfuil ceadúnas acu i Maigh Eo ar www.connaughtwaste.ie nó is féidir glaoch a chur ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo chun an liosta seo a fáil.
Bí i dteagmháil leis an Rannóg Comhshaoil ar 094 902 4444 le haghaidh foirmeacha iarratais, doiciméid ghaolmhara nó tuilleadh sonraí faoi cheadúnais ionaid dramhaíola nó teastais chlárúcháin.
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.