Bainistiú Dramhaíola: Dramhaíl Phacáistíochta
Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistiú), 2007
Cuireadh na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistiú), 2007, a tháinig i bhfeidhm ar 31 Márta 2008, in áit na Rialachán um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistiú) ar fad a tháinig rompu.
Baineann na rialacháin le gach gnólacht a dhíolann nó a sholáthraíonn ábhar pacáistithe nó earraí pacáistithe in Éirinn, agus ina measc tá miondíoltóirí earraí leictreacha, ollmhargaí, siopaí cruaearraí, cógaslanna, siopaí mearbhia, tithe tábhairne, óstáin, déantúsóirí, mórdhíoltóirí, impórtálaithe agus dáileoirí.
Cuireadh na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola maidir le Pacáistiú i bhfeidhm den chéad uair sa bhliain 1997. Is é príomhaidhm na rialachán seo cuidiú le spriocanna na hÉireann i dtaobh tarrtháil pacáistíochta – a leagadh síos faoi Threoir an AE 94/62/EC – a bhaint amach. Tá gach sprioc a leag an tAontas Eorpach síos dúinn go dtí seo bainte amach againn, ach tá sprioc nua le baint amach againn faoi mhí na Nollag 2011, is é sin 60 faoin gcéad den dramhaíl phacáistíochta ar fad a tharrtháil.
Tháinig na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Pacáistiú), 2007, i bhfeidhm ar 31 Márta 2008. Faoi na rialacháin seo, tá dualgais ar leith ar ghnólachtaí (táirgeoirí) a chuireann pacáistíocht, ábhar pacáistithe, nó earraí pacáistithe ar mhargadh na hÉireann. Ní mór do tháirgeoirí ar fad an phacáistíocht dramhaíola a ghineann siad ar an láthair acu a scagadh ina gcineálacha éagsúla dramhaíola, agus a chinntiú go ndéantar é a athchúrsáil nó a tharrtháil. Ina theannta sin, ní mór do tháirgeoirí móra – is é sin táirgeoirí a bhfuil láimhdeachas €1 milliún acu agus a chuireann 10 dtona pacáistíochta ar an margadh – ní mór dóibhsean a bheith ina mball de Repak nó clárú leis an údarás aitiúil ina gceantar féin (féinchomhlíonadh)
Chun a thuilleadh eolais, breathnaigh ar an mbileog eolais thíos:
Waste Management (Packaging) Regulations 2007
Waste Management (Packaging) Regulations Information Brochure 2007
Registration Application Form for Major Producers 2007
Renewal of Registration Application Form for Major Producers 2007
Tá liosta de chomhairleoirí príobháideacha a dhéanann iniúchadh ar ghnólachtaí chun méid na pacáistíochta a ghineann siad a mheas, ar fáil ó Rannóg Comhshaoil Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Más mian le comhairleoir a bheith ar an liosta seo, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Forfheidhmithe Reachtaíocht Comhshaoil de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo.
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost:Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
